Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Scrúdú ‘An Séala’ d’aistritheoirí curtha siar go 2026 de bharr ‘ganntanas’ i mbuiséad Fhoras na Gaeilge

|

Ní reáchtálfar scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí arís go dtí an bhliain seo chugainn de bharr “ganntanas” i mbuiséad Fhoras na Gaeilge.

Tá beagnach trí bliana ann ó reáchtáladh an scrúdú go deireanach i mí na Nollag 2022. Deir Foras na Gaeilge go bhfuil an baol ann nach reáchtálfar an bhliain seo chugainn é ach an oiread mura dtiocfadh “méadú mór” ar bhuiséad na heagraíochta.

“De bharr éiginnteachta maidir le buiséad Fhoras na Gaeilge agus ganntanais sa bhuiséad reatha ó thús na bliana b’éigean cinneadh a dhéanamh an scrúdú a chur siar go 2026.

“Beidh gá le méadú mór maoinithe in 2026 le go mbeimid in ann tabhairt faoi,” a dúirt urlabhraí de chuid an Fhorais le Tuairisc.

Níl sé i gceist ag an bhForas scrúduithe an tSéala a reáchtáil níos minice ná mar a reáchtáiltear faoi láthair iad ach an oiread. Dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary i bhfreagra ar cheist Dála nach raibh aon phlean ag an bhForas cur le minicíocht na scrúduithe teanga.

D’fhiafraigh Darren O’Rourke, Teachta Dála don Mhí Thoir, den Aire Calleary an raibh aon phlean aige níos mó scrúduithe a reáchtáil amach anseo mar gheall ar an nganntan aistritheoirí Gaeilge atá sa tír faoi láthair agus an méid oibre atá ar fáil d’aistritheoirí.

Dúirt an tAire Gaeltachta, áfach, gur faoi Fhoras na Gaeilge atá sé dátaí a shocrú do Scrúdú Shéala an Aistritheora agus go bhfuil a fhios aige nach bhfuil aon phlean ag an bhForas cur le líon na scrúduithe a reáchtáiltear.

“Is é Foras na Gaeilge a dhéanann maoirseacht ar an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí agus Eagarthóirí. Is ceist oibríochtaí d’Fhoras na Gaeilge minicíocht na scrúduithe, agus níl ról ag mo Roinn ná agam féin ann. Tá a fhios agam nach bhfuil aon phlean ag Foras na Gaeilge faoi láthair cur le minicíocht na scrúduithe seo,” a dúirt sé.

Thug an tAire le fios go bhfuil a Roinn “ag obair go leanúnach” lena chinntiú go bhfuil “a ndóthain céimithe cáilithe” ann le freastal ar an éileamh atá in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar aistritheoirí Gaeilge.

“Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil tríd an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge do na cúrsaí ábhartha tríú leibhéal, le feabhas a chur ar an ráta rathúlachta a bhíonn i gcomórtais earcaíochta an Aontais Eorpaigh agus le céimithe cumasacha a chur ar fáil d’institiúidí na hEorpa,” a dúirt Calleary.

Reáchtáladh scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí den uair dheireanach i mí na Nollag 2022, in Ollscoil Uladh. Reáchtáladh scrúduithe eile in 2021, 2020, 2017, agus 2016. Níl dáta nua fógartha ag Foras na Gaeilge don chéad scrúdú eile.

Bhain conspóid leis an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí níos luaithe i mbliana nuair a tháinig sé chun solais go raibh daoine ar éirigh leo i scrúdú na bliana 2022 fós ag fanacht ar an teastas ag tús na bliana 2025.

Dúirt duine de na haistritheoirí a rinne an scrúdú in 2022 le Tuairisc gur údar frustrachais dó an mhoill agus gur cuireadh isteach ar na deiseanna a bhí aige obair mar aistritheoir gairmiúil a fháil.

Seoladh amach na teastais tríd an bpost níos deireanaí i mbliana, beagnach dhá bhliain go leith ó reáchtáladh an scrúdú i lár mhí na Nollag 2022.

Is cáilíocht ghairmiúil aitheanta d’aistritheoirí Gaeilge é an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí a bhunaigh Foras na Gaeilge in 2006. Deir an Foras gurb é ‘An Séala’ an “gradam gairmiúil is tábhachtaí ar fad” do shaoraistritheoirí Gaeilge a bhíonn ag lorg oibre ó eagraíochtaí de chuid na hearnála poiblí agus ó chliaint eile.

Cuirtear ainm agus sonraí teagmhála gach duine a ghnóthaíonn an Séala ar phainéal d’aistritheoirí creidiúnaithe a fhoilsíonn Foras na Gaeilge, agus is ón bpainéal sin a earcaítear aistritheoirí Gaeilge den chuid is mó.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta