Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Scéal chailleach an uafáis déanta ag leithéidí an DUP den chomharthaíocht dhátheangach

| ,

Fógraíodh inniu go dtacaíonn naonúr as gach deichniúr daoine a ndearnadh suirbhé orthu i mBéal Feirste le comharthaíocht sráide dhátheangach lasmuigh den Cheathrú Ghaeltachta. D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge an taighde nua inniu an 13 Deireadh Fómhair tar éis do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste sonraí nua aischothaithe a roinnt.

Ritheadh polasaí ag an chomhairle in 2022 a d’athraigh an próiseas iarratais faoi choinne comhartha sráide dátheangach. Faoin pholasaí úr, ní theastaíonn tacaíocht ach ó 15% de chónaitheoirí na sráide. Chomh maith leis sin, dhearbhaigh an polasaí go gcuirfí comharthaí dátheangacha ar shráideanna sa Cheathrú Ghaeltachta gan próiseas iarratais. Go dtí seo, dearbhaíodh 536 sráid; 244 acu dearbhaithe ag Coiste na bPobal agus na nDaoine sa Chomhairle, agus 292 a dearbhaíodh faoi Scéim na Ceathrún Gaeltachta.

Nuair a amharctar ar iomlán na sráideanna a fuair comharthaíocht sráide dhátheangach, seo iad torthaí an taighde:

–  San iomlán, ní raibh ach 2.9% de chónaitheoirí thar an 536 sráid a ceadaíodh a chuir i gcoinne comhartha.

–  Ar 76% den 536 sráid, níor chuir oiread is cónaitheoir amháin i gcoinne (409 as 536 sráid).

–  Thar gach ceann den 536 sráid, ní raibh mórámh de chónaitheoirí i gcoinne ar oiread is sráid amháin (0/536).

–  Ar an meán, bhí meán-fhreasúra sráide de 1.7% thar 536 sráid a chuir i gcoinne.

Seo iad na torthaí nuair a bhaintear sráideanna a ceadaíodh faoi Scéim na Ceathrún Gaeltachta:

–  San iomlán, chuir 9 as gach 10 a d’fhreagair an suirbhé in iúl gur thacaigh siad leis an chomharthaíocht dhátheangach.

–  Ar bhreis agus 96% de shráideanna (235/244), thacaigh níos mó daoine ná mar a chuir i gcoinne sna freagraí a fuarthas.

–  Ar níos mó na leath de na sráideanna sin, níor chuir oiread is cónaitheoir amháin i gcoinne (133/244; 54%).

–  San iomlán, ní raibh ach 3.9% de chónaitheoirí thar an 244 sráid sin i gcoinne na comharthaíochta dátheangaí.

Tagann na torthaí seo cúpla lá i ndiaidh léirsithe lasmuigh de Halla na Cathrach i mBéal Feirste Dé hAoine an 10 Deireadh Fómhair. Chruinnigh breis agus 100 Gael ar Shráid Chichester chun cur in éadan bagairtí ó dhílseoirí go ndéanfar ionsaí ar veaineanna agus ar oibrithe má chuirtear brandáil dhátheangach ar chulaith agus ar threalamh na Comhairle faoi pholasaí nua ar glacadh leis le déanaí.

Bhí daltaí de chuid Scoil an Droichid, Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh, Ghaelscoil na bhFál, agus Choláiste Feirste le feiceáil ag an léirsiú chomh maith le baill foirne ó Fhóram na nÓg, Glór na Móna, Conradh na Gaeilge agus roinnt daoine eile ón phobal.

Labhair NÓS le Cuisle Nic Liam ó An Dream Dearg faoi thábhacht an pholasaí úir agus tionchar an léirsithe ar an phobal,

“Tá mé thar a bheith bródúil. Atmaisféar iomlán ceiliúrtha a bhí ann. Sílim mar phobal, in amanna,  go mbíonn drogall orainn stop agus machnamh a dhéanamh ar an mhéid atá bainte amach againn agus sin trasna na hearnála. Throid siad go dúthrachtach ar son an pholasaí seo ar feadh na mblianta. Ní hamháin sin ach nuair a bhí gach próiseas comhairliúchán ann, shuigh siad, thug siad a n-am agus d’fhreagair siad é. Ar bhealach is leo an bua seo. Go raibh maith ag na polaiteoirí comhairleoirí ar fad a sheas linn cinnte, ach níl aon amhras gur le pobal na Gaeilge agus le pobal níos leithne Bhéal Feirste seo. 

“Tá fearadh na fáilte roimh dhuine ar bith tabhairt faoin Ghaeilge a fhoghlaim, ní chuirfidh an polasaí seo isteach ná amach ar dhuine ar bith a bhfuil Gaeilge acu nó nár mhaith leo plé leis an Ghaeilge. Bímis soiléir faoi sin. Rachaidh an polasai seo bealach fada ag cruthú comhionannas teanga agus tá sin thar am do phobal atá faoi bhláth go mor sa phobal agus sa chathair seo.”

Labhair NÓS le Rossa agus Cónall ó Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh faoin fáth a raibh siad ann agus cad é mar a mhothaigh siad. An freagra a thug siad: “Tógtha. Dearg le Fearg. Ba mhaith linn an Ghaeilge ar ár gcomharthaí!”

Mol an óige agus tiocfaidh sí. Spreag an óige agus tiocfadh an todhchaí!

The post Scéal chailleach an uafáis déanta ag leithéidí an DUP den chomharthaíocht dhátheangach appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta