Fuarthas Saighdiúir F neamhchiontach in dhá chúis dúnmharaithe agus i gcúig chúis iarrachtaí ar dhúnmharú.
Inniu a thug an Breitheamh Patrick Lynch a bhreith i dtriail an iar-pharatrúipéara, an Saighdiúir F.
Bhí dúnmharú James Wray agus William McKinney curtha ina leith i sléacht Dhomhnach na Fola i gcathair Dhoire leathchéad bliain ó shin.
Bhí an t-iar-pharatrúipéir cúisithe chomh maith in iarrachtaí cúigear eile a dhúnmharú – Michael Quinn, Patrick O’Donnell, Joseph Friel, Joe Mahon agus duine anaithnid – le linn an scliúchais a tharla i ndiaidh pharáid na gceart sibhialta i nDoire ar an 30 Eanáir, 1972.
Mharaigh Reisimint Pharasiút arm na Breataine trí dhuine dhéag lena gcuid gunnaí an lá uafar sin.
Phléadáil Saighdiúir F neamhchiontach sna seacht gcúis a bhí curtha ina leith.
Dúirt breitheamh na cúirte go raibh cás an ionchúisimh i bhfad faoi bhun an chaighdeáin a bhíonn riachtanach le go bhféadfaí duine a chruthú ciontach thar amhras réasúnach.
D’áitigh an t-ionchúiseamh gur chuir siad fianaise dhíreach ar fáil gur thosaigh Saighdiúir F ag lámhach sa cheantar áirithe sin.
Dúirt na cosantóirí nach raibh na finnéithe sin iontaofa agus go raibh neamhréir idir a gcuid ráiteas, mar a bhí idir na cuntais a thug finnéithe súl a thug fianaise le linn na trialach.
Bhí teaghlaigh chuid de na daoine a maraíodh Domhnach na Fola i láthair sa gcúirt nuair a tugadh an bhreith.
Bhí Saighdiúir F é féin i láthair i gCúirt Chorónach Bhéal Feirse le haghaidh gach uile lá den chás a mhair ceithre seachtaine. Bhí an cúisí, Saighdiúir F. folaithe taobh thiar de chuirtín sa gcúirt ionas nach bhféadfaí é a aithint.