Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ranganna Amhránaíochta le Naoise Mac Cathmhaoil

|

Tá ceardlanna amhránaíochta ar an tsean-nós ar siúl i dTuaisceart Bhéal Feirste faoi láthair agus is é Naoise Mac Cathmhaoil atá ina mbun.

Cuirtear na ranganna ar siúl gach Luan in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma agus bíonn fáilte roimh dhaoine de gach leibhéal cumais Gaeilge freastal orthu. Thosaigh na ranganna i mí Mheán Fómhair agus tá siad le críochnú i mí na Samhna.

Bhuail Meon Eile isteach ar na ranganna an tseachtain seo, áit a raibh deis againn labhairt le Naoise faoi na ranganna, faoi chúlra s’aige féin leis an amhránaíocht ar an tsean-nós, agus faoin tábhacht taobh thiar de na hamhráin, ó thaobh oidhreachta agus saibhris de, agus go mbíonn siad i mbéal an phobail i rith an ama.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta