Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025

|

Cuireadh ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais ar siúl aréir ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste, agus bhí atmaisféar beoga, cairdeas agus cuideachta le mothú ó thús deireadh.

Is ócáid bhliantúil iad na Gradaim Chumarsáide a bhíonn mar chuid lárnach d’Oireachtas na Samhna agus ag a dtugtar aitheantas don obair in earnáil na meán Gaeilge. Bronntar duaiseanna i rannóga éagsúla ó ‘Réalta Óg na Bliana’, ‘Scannán na Bliana ’agus ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’ go dtí ‘Sraith Raidió na Bliana’, ‘Iriseoir na Bliana’ agus eile.

Bronnadh Buaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtais ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scaileán Thuaisceart Éireann, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana. Ba chúis bhróid í seo d’earnáil na meán sa Tuaisceart go háirithe agus aitheantas tugtha don chiste agus don obair dhíograiseach a dhéanann sé i rith an ama leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar na hardáin chumarsáide éagsúla.

Bhí lúcháir ar Meon Eile freastal ar an oíche spleodrach, áit ar labhair muid le roinnt daoine a bhí i láthair.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta