Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Ní mór dúinn mar rialtas aird a thabhairt ar a lárnaí is a bhí an Ghaeilge sa toghchán’ – aire stáit 

|

Deir Teachta Dála de chuid Fhine Gael gur díol suntais a lárnaí is a bhí ceist na Gaeilge i dtoghchán na huachtaránachta agus gur ábhar machnaimh an méid sin don rialtas.  

Dúirt Emer Higgins, Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thiar Meán agus aire stáit sa roinn caiteachais phoiblí go mba “iontach” an bhaint a bhí ag an nGaeilge leis an toghchán.  

“Chuaigh mé ar cuairt ar scoil i Ráth Cúil i mo thoghcheantar coicís ó shin agus cuireadh ceist orm ‘an gceapann tú go gcaillfidh Heather mar nach bhfuil aon Ghaeilge aici?’ 

“Ní raibh Gaeilge líofa ach ag aon duine amháin sa rang ach dúirt gach uile dhuine sa rang go mbeadh tionchar aige [Gaeilge a bheith ag iarrthóir] orthu.  

“Bhí sé suimiúil agus rud is ea é gur cheart dúinne, mar rialtas, a chur san áireamh.” 

Rud is annamh, bhí an Ghaeilge ar cheann de na príomhábhair a tharraing caint le linn an fheachtais seo. Dúirt Catherine Connolly le Tuairisc i bhfíorthús a feachtais go raibh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán agus ba mhinic an cheist i lár an allagair ina dhiaidh sin. 

Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine i bpobalbhreith de chuid an Irish Times cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir, dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” ba thábhachtaí. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta