“Ní mar a shíltear a bhítear” — scannán úr Gaeilge ‘Aontas’ le taispeáint i mBéal Feirste ar Oíche Shamhna
Beidh scannán trí Ghaeilge dar teideal Aontas le taispeáint i mBéal Feirste ar an Aoine bheag seo, Oíche Shamhna. Saothar é seo atá scríofa ag Damian McCann agus Sarah Gordon, arb í a bhean chéile í fosta, agus atá stiúrtha ag an fhear chéann. Leanann Aontas triúr ban ag teacht le chéile chun comhar creidmheasa faoin tuath a robáil.
Ní gnáthscannán é sa mhéid is go bhfuil ord na n-eachtraí ann go hiomlán éagsúil ón ghnáthord a mbeifeá ag dúil leis. Cuirtear tús leis an scéil agus an robáil críochnaithe agus téitear siar in am go bhfeictear an méid a tharla roimhe sin. Beidh neart aghaidheanna clúiteacha le feiceáil ar an scáileáin, mar atá Carrie Crowley (An Cailín Ciúin), Bríd Brennan (Doineann), Eva-Jane Gaffney (Small Things Like These), Seán T Ó Meallaigh (Doineann), Marcus Lamb (Rebellion) agus neart eile.
Taispeánfar an scannán mar chuid d’Fhéile Scannán Bhéal Feirste atá 25 bliain ar an fhód. Mar chuid de chomóradh 20 bliain an Chiste Craoltóireacha Gaeilge Thuaisceart Éireann (CCG) a bheidh sé. Bhuaigh Aontas agus An Ciste Craoltóireachta Gaeilge ‘Scannán na Bliana’ agus ‘Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2025’ faoi seach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mBéal Feirste aréir.
Is é seo an dara huair do Damian scannán Gaeilge a stiúradh. Damian a bhí ina stiúrthóir ar Doineann a eisíodh in 2021, tráth nach raibh An Cailín Ciúin (2022) nó KNEECAP (2024) againn go fóill fiú. Leabaíonn Damien an cairdeas agus an comhoibriú ina phróiseas i rith ama, rud atá le feiceáil ina shaothar go dtí seo.

Beidh roinnt aisteoirí ó Doineann le feiceáil in Aontas amhail Bríd Brennan agus Seán T. Ó Meallaigh. Maidir leis an chriú, tá léiritheoir an scannáin Órfhlaith Ní Chearnaigh ag obair le Damian ó bhuail siad le chéile agus iad sa ghrúpa chéanna oiliúnaithe de chuid an CCG. Mar aon leis sin, ba í Sorcha Nic Giolla Mhuire eagarthóir an scannáin, atá ag obair le Damian leis na blianta. Rud é seo a dhéanann difear nach beag dóibh agus iad ag déanamh cinntí tábhachtacha sa stiúideo eagarthóireachta. Bhí Damien Elliot mar chineamatagrafaí ar an scannán, duine eile a bhfuil caidreamh oibre fadtéarmach aige le Damian.
Bhí an deis agamsa, Eilís Nic Lochlainn, labhairt le Damian faoi Aontas. Tá Damian i ndiaidh an scannán a thabhairt ar camchuairt chuig 30 féile idirnáisiúnta go dtí seo sa tSín, i Meiriceá, sn Fhrainc agus sa Ghearmáin. An tseachtain seo, áfach, beidh sé le feiceáil i mBéal Feirste le linn an Oireachtais agus tá Damian ar bís leis an eachtra.
“Beidh mé istigh ansin le mo chlann ar fad, leis an chriú agus foireann aisteoirí, le scáileán ollmhór os ár gcomhair, le lucht féachana a bhfuil aithne agam air don chuid is mó, le Gaeilgeoirí na cathrach. Beidh sé speisialta.”
Labhraíonn Damian faoin chéad uair a d’fhéach sé ar Doineann sa phictiúrlann roimh gach duine eile. “Bíonn deis agat mar stiúrthóir nuair atá achan rud críochnaithe – an eagarthóireacht, an fhuaim, an grádú datha – bíonn an deis agat dul isteach sa phictiúrlann agus an DCP réidh (Digital Cinema Package), don am dheireanach sula dtéann sé amach go poiblí. Bhí ormsa dul isteach in Amharclann Scannán na Banríona (QFT) liom féin, áit ar fhás mé aníos, agus bhí mé in ann amharc ar Doineann. Eispéireas dochreidte mothúchanach a bhí ann agus mé ag amharc ar scáileán atá i bhfad níos mó ná mé féin. Níl cumhacht agat ar an rud, níl cianrialtán agat agus tá fuaim ag teacht amach as na callairí 5.1, tá an Ghaeilge le cloisteáil. Nuair a smaoiním siar ar na rudaí atá bainte amach agam go dtí seo, sin rud a léimeann amach láithreach.”

Tá an Ciste Craoltóireacha Gaeilge 20 bliain ar an fhód i mbliana agus níl amhras ar bith ann go bhfuil an Ciste agus earnáil ealaíon agus na meán Gaeilge i ndiaidh fás agus forbairt suntasach a dhéanamh ó shin. Tá saol gairmiúil Damian forbartha go maith ó shin fosta. Mar iar-oiliúnaí de chuid an CCG, tá Damian thar a bheith buíoch as an tacaíocht leanúnach a fuair sé. “An bhrionglóid a bhí agam i gcónaí ná a bheith ag obair ar scannáin agus thug an Ciste na scileanna agus an taithí dom an bhrionglóid sin a bhaint amach.”
“Ach amháin mo bhean chéile agus mo chomhscríbhneoir Sarah, an duine is mó liom ar an scannán ar bhealach ná an léiritheoir Órflaith Ní Chearnaigh. Bhí muidne beirt ar an chúrsa chéanna de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ocht mbliana déag ó shin. Thosaigh muid ag an am chéanna ar an lá chéanna. Ó thaobh na heagarthóireachta de, tá Sorcha Nic Giolla Mhuire, a bhí mar iar-oiliúnaí agus d’oibrigh muidne ar lear mór le chéile. Tá Rosie McNally ann mar Stiúrthóir Dara Aonad, iar-oiliúnaí eile ar oibrigh mé léi ar feadh tamaill anois. An rud deas faoi Aontas fosta ná go raibh an deis againn oiliúnaithe an Chiste ón bhliain áirithe sin a bheith linn ar seit. Bhí siad speisialta maith agus bhí an-chaighdeáin ag an dream sin. Bhí siad sáite sa rud, léim siad isteach, ghlac siad seilbh air. Thaitin sé sin go mór liom.”
Ag labhairt dó faoin tábhacht taobh thiar d’earnáil na meán Gaeilge, deir Damian, “Na léiritheoirí feidhmiúcháin atá agam – Máire Ní Chonláinn ó TG4, Karen Kirby ó BBC Gaeilge, Áine Walsh ón CCG – is iadsan na daoine a thug mo chéad choimisiún dom agus mé thart ar 21 bliain d’aois, agus atá ag tabhairt tacaíochta dom le 20 bliain anuas. Nuair a tháinig An Cailín Ciúin agus KNEECAP amach, bhí neart daoine ag caint faoin “tonn ghlas” i dtaca leis na scannáin Ghaeilge, rud a thug le fios gur tharla sé thar oíche.
“Ní mar sin a bhí sé. Tá daoine cosúil le Máire, Karen agus Áine á dhéanamh seo le 20 bliain anuas, ag tabhairt deiseanna do dhaoine cosúil liomsa, gan aon taithí ar cad é mar a bheadh sé sin laistigh de 20 bliain. Chuaigh siad sa tseans agus d’oibrigh sé. Maidir le Doineann, na daoine céanna a bhí bainteach leis. Tá súil agam go leanfaidh sin ar aghaidh go ceann 20 bliain eile. Na hoiliúnaithe a d’oibrigh ar Aontas mar shampla, go mbeidh siadsan ag déanamh a scannán féin i gceann 10 nó 20 bliain agus in ann a rá go bhfuair siad a gcéad deis a bheith ag obair ar scannán ar Aontas.”
Maidir leis an teideal féin, Aontas, deir Damian go raibh sé ag smaoineamh ar an easaontas níos mó ná rud ar bith eile, go raibh na caidrimh seo ag titim as a chéile idir na carachtair éagsúla. Agus iad i mbun scríbhneoireachta, d’fhéach Damian agus Sarah ar scannán dar teideal Odds Against Tomorrow (1959) a chuaigh go mór i bhfeidhm orthu, scannán bunaithe ar robáil bhainc chomh maith.
“Bhí triúr ag dul don robáil ach níor réitigh siad go maith le chéile. Bhí an plean a bhiw acu go hiomlán foirfe agus eagraithe ach bhí sé go hiomlán ag brath ar an triúr sin. An mbeidh siad in ann an rud seo a bhaint amach le chéile? Sin cineál an dóigh ar fhás Aontas, mar bhí orthu fáil réidh leis an easaontas agus teacht le chéile chun aontas éigin a chruthú eatarthu.”

Rud a chuireann bród ar Damian ná go ndiúltaíonn sé i gcónaí Béarla a chur ar theidil a scannán, is cuma cá bhfuil siad thar lear. “Is breá liom an dóigh go gcaithfidh daoine focal Gaeilge a úsáid. Tosnaíonn sé comhrá breise mar gheall ar an teanga í féin. Chuala mé achan chineál fuaimnithe ó dhaoine ag iarraidh an focal a rá!”
Má shíleann tú gur fidleacha nó feadóga stáin a chloistear sa scannán, ní mar a shíltear a bhítear! Tháinig an ceoltóir is cumadóir Daithí (Christy, Lakelands) ar bord don togra seo, rud a chuir le luas agus atmaisféar Aontas, le sintéiseoir láidir le cloisteáil i rith ama. Bhí Damian ar bís go raibh Daithí sásta a bheith páriteach.
“Tá sé dochreidte an difear a dhéanann an ceol. Nuair a bhí mé féin agus Sarah ag scríobh, chonaic muid scannán Fraincise dar teideal Full Time (2021), agus bhí sintéiseoirí in úsáid ann. Ní dóigh liom gur smaoinigh mé ar shintéiseoir roimhe sin, go dtiocfadh leis teannas a chruthú, an rithim agus an fonn céanna arís ‘s arís eile ar siúl, go gcuirfeadh sé leis an strus. Smaoinigh mé ar Dhaithí ansin. Ba é an duine is cruthaithí ar bhuail mé leis riamh. Tá stiúideo aige thíos i gContae an Chláir. Bhí muid in ann breathnú ar an scannán agus eisean ag cumadh ag an am chéanna.”
Ar ndóigh, mar stiúrthóir, agus tú críochnaithe le togra amháin, bíonn tú ag smaoineamh faoin chéad togra eile. I ndiaidh dó Doineann a roinnt leis an tsaol mhór, bhí a fhios ag Damian go raibh sé ag iarraidh scannán ‘heist’ a dhéanamh. Chuaigh sé i mbun taighde, ag léamh, ag amharc ar scannáin agus ag labhairt le daoine. Mar chuid den taighde sin, chuaigh sé abhaile, chuig an Lorgain i gContae Ard Mhacha. Agus é ag labhairt lena thuismitheoirí sa teach, mhínigh sé an scéal a bhí á scríobh aige faoi robáil i gcomhar creidmheasa. Is ansin a chuir sé an cheist: “Ar chuala sibh faoi robáil ar bith i gcaitheamh na mblianta sa chomhar creidmheasa i lár an bhaile anseo?”
Fuair Damian amach ansin gur chuala siad faoina leithéid go cinnte, go raibh robálacha déanta ann go rialta le linn na 70idí agus 80idí. Mar aon leis sin, sula raibh Damian ar an tsaol, d’oibrigh a mháthair sa chomhar creidmheasa chéanna, rud nach raibh ar eolas aige roimhe sin. Ar ndóigh, bhí go leor ceisteanna aige uirthi i ndiaidh dó sin a fhoghlaim! I mbeagán focal, a chairde, éist agus labhair le bhur dtuismitheoirí…
An cheist bhí tábhachtach do Damian agus Sarah i dtólamh agus iad ag scríobh ná ‘Cén fáth?’ Cén fáth a mbeadh gnáthdhuine, bean áitiúil, ag iarraidh bainc nó comhar chreidmheasa a robáil?
“Nuair a thosnaíonn tú ag amharc ar na ‘heists’ eile, is minic a thosnaíonn siad leis an ‘cén fáth’, ag tógáil i dtreo ar an ‘cad é’. Is ansin a bheartaigh muid ar an struchtúr sin a athrú do Aontas, le tús an scéil dírithe ar cad é a tharla, agus go mbeidh an ‘cén fáth’ ag teacht chun cinn níos moille sa scéal. Bhí sin tábhachtach,” a deir Damian, “go mbeidh an lucht féachana ag amharc isteach go domhain ar na carachtair neamhfhoirfe chasta seo, le tuiscint agus comhbhá, ag cuimhniú nach bhfuil rud ar bith dubh agus bán.”

In éineacht le scannán úrnua, tá comhlacht léirithe úrnua seolta ag Damian agus Sarah. Is é sin Púca Pictures. “Rith sé le ciall nuair a thosaigh muid ag scríobh lena chéile go mbeadh scáth againn thar aon saothar a scríobhfaidh muid amach anseo, agus go mbeadh muid in ann rudaí a láimhseáil laistigh den chomhlacht. An rud atá maith faoi do chomhlacht féin a bheith agat ná go mbíonn cumhacht agat ar achan ghné den léiriúchán. D’oibrigh sé amach go maith don scannán seo.”
Deir Damian go gcuireann an cairdeas idir é féin, an criú agus an fhoireann aisteoirí leis an chomhoibriú agus leis an phróiseas chruthaitheach le linn an léiriúcháin. Mothaíonn daoine sábháilte le chéile, tá muinín acu as a chéile agus tógann daoine ar a gceird ag an am chéanna. Go háirithe agus é ag obair lena bhean chéile, deir Damian go mbíonn siad ag caint faoi leabhair agus ag amharc ar scannáin le chéile i rith an ama ar aon nós. “Is fiú leanúint ar aghaidh leis sin,” a deir sé! Cuireann Sarah spéis i gcláranna agus scannáin ghrinn agus tá dúil ag Damian sna scéinséirí, rud a chruthaíonn meascán maith seánraí agus iad i mbun pinn le chéile.
An bhfuil proiséas ar leith ag an stiúrthóir agus é i mbun taighde? “D’fhoghlaim mé blianta ó shin nár leor é a bheith ag léamh, go gcaithfidh tú a bheith ag glacadh nótaí ag an am chéanna. Tá córas agam agus mé ag léamh. Bíonn peann agam i gcónaí chun línte a chur faoi phíosaí áirithe agus ansin ina dhiaidh, scríobhaim na nótaí síos. Ní fiú teacht ar charactar nó scéal suimiúil gan scríobh faoi ina dhiaidh. Amharcaim ar scannán difriúil achan uile lá, gan aon leithscéal, le blianta fada. An chuid is mó den scannán, suím le leabhar nótaí ag coinneáil súil amach do rudaí suimiúla, ó thaobh físe agus scéil de. Níl líne ann idir mo chaitheamh aimsire agus mo chuid oibre – is ionann an dá rud. Dá mbeadh léaráid Venn ann ní bheadh ann ach ciorcal! Tá sé fóirsteanach dom mar bainim an oiread sin suilt as.”
Beidh Aontas á thaispeáint in Cineworld san Odyssey ar Dé Aoine an 31 ag 19:00 agus is féidir ticéad a fháil anseo.
Is scannán é a léirigh Púca Pictures agus a mhaoinigh An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, TG4 agus BBC Gaeilge. Is féidir leathanach Instagram an scannáin a leanúint anseo chomh maith.
The post “Ní mar a shíltear a bhítear” — scannán úr Gaeilge ‘Aontas’ le taispeáint i mBéal Feirste ar Oíche Shamhna appeared first on NÓS.