Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Moladh déanta ag RTÉ chun idirdhealú a dhéanamh idir  ‘Nuacht TG4’ agus ‘Nuacht RTÉ’

|

Tá  plean nua leaghtha amach ag RTÉ chun idir dhealú a dhéanamh idir ‘Nuacht TG4’ agus ‘Nuacht RTÉ’.

RTÉ a chuireann an nuacht ar fáil do TG4 faoin reachtaíocht craolacháin agus tá an clár nuachta a chraoltar ar TG4 ceangailte leis an gclár nuachta Gaeilge a chraoltar ar RTÉ sa tráthnóna.

Ach tá amhras faoina a bhfuil i ndán don nuacht teilifíse i nGaeilge ó tharla go bhfuil TG4 ag iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm moladh go mbeadh a seirbhís nuachta féin acu a bheadh neamhspleách ó RTÉ.

Is beag dul chun cinn atá déanta sna cainteanna faoi neamhspleáchas agus d’éirigh cúrsaí níos casta ag cruinniú bhí ag lucht bainistíochta RTÉ le foireann na nuachta an tseachtain seo caite leis an soláthar nuachta a dhéanann RTÉ dá stáisiúin féin agus do TG4 a phlé.

Bhí Bainisteoir Nuachta agus Cúrsaí Reatha RTÉ, Deirdre McCarthy, i Baile na hAbhann le labhairt le foireann Nuacht RTÉ/TG4 faoi na hathruithe a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm le go mbeadh cuma dhifriúil ar an dá chlár – Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4.

Moladh ag an gcruinniú go gcraolfaí trí scéal gach lá ar Nuacht TG4 a bheadh ag teacht le mana an stáisiúin ‘Súil Eile’ agus nach gcraolfaí na scéalta sin ar leagan RTÉ den chlár.

Rinneadh moladh eile nach mbeadh na hiriseoirí féin le feiceáil ar an scáileán ar Nuacht RTÉ ar RTÉ One ach gur le guth an iriseora thar íomhánna a d’inseofaí an nuacht ar an gclár sin. Bheadh na hiriseoirí os comhair an cheamara ar Nuacht TG4 mar a bhíonn faoi láthair.

Ní raibh ionadaithe ó TG4 féin i láthair ag cruinniú na seachtaine seo agus ní fios cén glacadh a bheadh ag bainistíocht an stáisiúin Gaeilge le moltaí RTÉ. Tuigtear do Tuairisc gur tugadh le fios d’fhoireann Nuacht RTÉ/TG4 go rabhthas “i bhfad ó shocrú a bheith déanta” faoi cheannas neamhspleách eagarthóireachta a bheith ag TG4 ar an nuacht.

Tá plé ar bun idir RTÉ agus TG4 le trí bliana anuas faoin socrú atá idir an dá stáisiún, is é sin go gcuireann RTÉ cláracha nuachta ar fáil do TG4. Tá sé ráite ag ardstiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín gurb í a mian go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun “seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana”.

Cuireadh maoiniú breise ar fáil do TG4 sa Bhuiséad níos túisce an mhí seo chun cabhrú leo seirbhís dhigiteach nuachta a bhunú.

Níos luaithe an mhí seo, dúirt Deirdre Ní Choistín nach mbíonn aon nuacht eisiach á craoladh ag Nuacht RTÉ/TG4 agus go bhfuil líon na ndaoine a bhíonn ag breathnú ar an tseirbhís ag titim dá bharr.

Dúirt duine a bhí i láthair ag an gcruinniú i mBaile na hAbhann an tseachtain seo caite le Tuairisc go raibh an chuma ar an scéal go raibh bainistíocht RTÉ ag iarraidh a chruthú go bhfuil leasuithe á ndéanamh acu. Meastar go bhfuiltear ag súil go sásóidh na leasuithe seo TG4 ach d’fhéadfadh go gcuirfeadh bainistíocht TG4 cos i bhfeac faoin scéal agus cloí leis an éileamh ar neamhspleáchas seachas glacadh le seirbhís níos sainiúla.

Dúradh le Tuairisc chomh maith go raibh imní i measc cuid den fhoireann nuachta gur ag gearradh siar ar sheirbhís nuachta RTÉ a bheifí dá gcuirfí na moltaí nua i bhfeidhm ar mhaithe le TG4 a shásamh.

Dúirt Deirdre Ní Choistín níos luaithe an mhí seo gur “céim shuntasach” ó thaobh maoinithe de a bhí sa phacáiste airgid a cuireadh ar fáil do TG4 i mBuiséad 2026, ach dúradh le le Tuairisc nach léir go bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh san idirbheartaíocht atá ar siúl idir an dá chraoltóir faoi cheist neamhspleáchas na nuachta.

Tá an cheist sin ina chnámh spairne idir RTÉ agus TG4 le cúpla bliain anuas ó tosaíodh an chaint ar ‘neamhspleáchas eagarthóireachta’ a bheith ag TG4 ar chláracha nuachta an stáisiúin, moladh ar ghlac an rialtas deireanach leis. Faoi láthair is é RTÉ a sholáthraíonn an chlár Nuacht TG4 agus an clár cúrsaí reatha Seacht Lá do TG4.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta