Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Manchán Magan, an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise, ar shlí na fírinne

Tá Manchán Magan, an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise, ar shlí na fírinne.

Bhí sé 55 bliain d’aois.

Bhí ailse air le tamall agus labhair sé le déanaí faoin ngalar sin agus faoina chás go poiblí ar bhealach a chuaigh i bhfeidhm ar mhórán.

A chláir taistil agus a shuim sa Ghaeilge is mó a thuill cáil dó agus tugtar aitheantas dó as cabhrú le suim daoine sa Ghaeilge a mhúscailt.

Ar na leabhair a scríobh sé bhí an leabhar móréilimh Thirty Two Words for Field: Lost words of the Irish landscape agus Listen to the Land Speak, ar chlár teilifíse chomh maith é. Leabhair taistil den chuid is mó a scríobh sé. Ar na leabhair Ghaeilge a scríobh bhí Baba-ji agus TnaGManchán ar Seachrán agus Bí i nGrá.

Rinne sé os cionn 70 clár taistil lena dheartháir Ruán Magan agus bhí sé ar dhuine de cheannródaithe seánra an chláir taistil i nGaeilge.

Ar na cláir faisnéise eile a rinne sé, bhí an tsraith Crainn na hÉireann, An Fód Deireanach, sraith faoi phortaigh na hÉireann, agus No Béarla, clár faoina dheacra is atá sé do shaol a chaitheamh trí Ghaeilge. Ba cholúnaí rialta leis an Irish Times é agus rinne sé roinnt clár raidió chomh maith.

Chruthaigh sé freisin na saothair amharclainne agus ealaíona Arán + Im agus Gaeilge Tamagotchi.

Bhí tábhacht an dúlra, na timpeallachta agus na hilchultúrhachta agus contúirt an domhandaithe agus an truaillithe ina dtéamaí láidre ina saothar. Phléigh sé go minic leis an spioradáltacht ina chuid clár agus leabhar chomh maith.

Sheas sé don Chomhaontas Glas i Longfort-An Iarmhí in olltoghchán 2016 ach níor éirigh leis.

Ba as Domhnach Broc i mBaile Átha Cliath do Mhanchán Magan. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sular thug sé aghaidh ar shaol an taistil, na teilifíse agus na scríbhneoireachta.

Garmhac ab ea é leis an bpoblachtánach cáiliúil Sheila Humphreys agus ba gharnia é leis An Rathailleach, an náisiúnaí mór le rá a ghlac páirt in Éirí Amach 1916.

Maireann a bhean Aisling, a mháthair Cróine agus a thriúr siblíní.

 

 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta