Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Litir faighte ag an gcéad choimisinéir don Ghaeilge ó thuaidh ag dearbhú a cheapacháin

|

Tá litir faighte ag an té atá roghnaithe le bheith ina chéad choimisinéir Gaeilge sa Tuaisceart ag dearbhú a cheapacháin.

Cé go bhfuil an scéal amuigh le fada gurb é Pól Deeds, leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, a roghnaíodh le bheith ina choimisinéir, tá moill mhór lena cheapachán.

Dúirt Pól Deeds níos túisce an mhí seo go raibh sé féin agus an té atá le ceapadh ina choimisinéir don Ultais, Lee Reynolds, iarchomhairleoir leis an DUP, fágtha i ngalar na gcás mar gheall ar an easpa dul chun cinn maidir lena gceapacháin.

De réir tuairisce ar an Irish News, tá deireadh leis an éiginnteacht sin agus litir thairisceana faighte ag an mbeirt a roghnaíodh naoi seachtaine ó shin.

Tuairiscítear gur i lár na míosa seo chugainn a rachaidh siad i mbun oibre.

Dúirt urlabhraí Gaeilge an SDLP Patsy McGlone gur maith an rud é go raibh deireadh curtha leis an éiginnteacht faoi na ceapacháin ach nach mbeifí ag súil lena mhalairt ón bhfeidhmeannas.

“Sin a bheifeá ag súil leis ón fheidhmeannas, go mbeadh deacrachtaí an rud a chur i gcrích cúig bliana ó tugadh an gealltanas,” a dúirt McGlone leis an Irish News.

“Caithfear díriú anois ar a chinntiú gur féidir leis na coimisinéirí seo tús a chur lena gcuid oibre agus an stádas agus an t-aitheantas atá ag dul don Ghaeilge agus don Ultais sa saol poiblí a thabhairt dóibh. Scéal fada ar an anró a bhí anseo agus táthar ag súil le toradh air.”

Tá Pól Deeds ina leas-phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ach tuigtear go n-éireoidh sé as an gcúram sin ag deireadh na míosa seo. Tá an Feirsteach sa ról sin ó 2023, agus chaith sé 20 bliain roimhe sin i gceannas ar Dhroichead, clár oideachais atá lonnaithe i mBéal Feirste.

Leagfaidh an Coimisinéir Gaeilge caighdeáin síos maidir le seirbhísí Gaeilge sa státchóras. Tá imní ann go bhféadfadh an DUP srian a chur ar chumhachtaí an Choimisinéara, áfach, mar go gcaithfidh na caighdeáin sin a mbeannacht a fháil ón gCéad-Aire agus LeasChéad-Aire “in éineacht”.

Cuirfidh an Coimisinéir comhairle ar chomhlachtaí poiblí maidir le húsáid na teanga agus déanfaidh sé iniúchadh ar ghearáin ón bpobal faoi chomhlachtaí poiblí a theipeann i gcomhlíonadh na gcaighdeán.

 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta