Leabhar nua leis an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh ar shaothar Sheáin Uí Eochaidh le seoladh ag an Oireachtas
(Grianghraf le Dúchas)
Reáchtálfar seoladh oifigiúil an tseachtain seo ag Éabhlóid in ICC Bhéal Feirste don leabhar úr Cloch in Áit an Charnáin leis an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh. Faoi shaothar agus faoi shaol an bhailitheora béaloidis Seán Ó hEochaidh atá an leabhar, agus aistear fada taighde déanta ag Ó Tiarnaigh ar an Chonallach.
An tOllamh Fionntán de Brún a sheolfaidh an leabhar mar chuid de chlár Oireachtas na Samhna ag 14:00 Dé Sathairn. Thairis sin, beidh amhránaíocht ann le Bláithín Mhic Cana agus giota aithriseoireachta le Shane Ó Curraighín fosta.
Sa leabhar seo, caitheann an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh “solas úr ar shaothar saoil Uí Eochaidh” trí imscrúdú a dhéanamh ar a dhialanna pearsanta agus ar a bhailiúcháin ó cheantracha éagsúla in Éirinn.
Is “léitheoireacht riachtanach é an leabhar seo do scoláirí béaloidis” agus feicfidh tú go bhfuil léitheoireacht riachtanach againn féin sula seolfar an leabhar amárach. Shuigh NÓS leis an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh le Cloch in Áit an Charnáin a phlé, chomh maith leis an dáimh atá aige le Teileann, agus na nithe a chuir iontas air le linn a thaighde.
Conor Torbóid: Cén fáth ar thug tú faoi dhíriú ar shaol Sheáin Uí Eochaidh sa leabhar seo? Is as Ard Mhacha duitse ach tuigim go bhfuil dáimh láidir agat le Teileann.
Pádraig Ó Tiarnaigh: Thug mé mo chéad chuairt ar an Ghaeltacht i samhradh 2001 agus is i dTeileann a thit mé i ngrá leis an teanga. Is ann a d’fhoghlaim mé faoin Ghaeilge, faoin bhéaloideas, faoi na seanscéalta, na nathanna cainte agus an amhránaíocht, ó mhuintir na háite agus go leor de na múinteoirí iontacha a bhí ag teagasc i gColáiste Aoidh Mhic Bhricne thar na blianta. Do na mílte daoine a thrasnaigh doirse an Choláiste, tuigfidh siad go bhfuil rud éigin draíochtúil faoin cheantar, agus fágann sé rian speisialta orainn. I mo chás féin, threoraigh m’eispeiraas Gaeltachta mé i dtreo dhialanna Sheáin Uí Eochaidh, an fear a bhí freagrach as béaloideas an cheantair, agus béaloideas iomlán an chontae a thaifead agus a chur i dtaisce do na glúnta atá fós le teacht.
Cén dóigh a ndeachaigh saothar Uí Eochaidh i gcion ortsa roimh agus le linn scríobh an leabhair?
Bhailigh Ó hEochaidh an t-uafas ábhair. Ón seanchaí Niall Ó Dubhthaigh ón Bhealtaine, Gort a’ Choirce, meastar gur thaifead sé breis agus 750 eiteán uaidh ar an Ediphone, agus gur thras-scríobh sé breis agus milliún focal de lámh ó na céirníní sin. Agus níl ansin ach sampla amháin. Ó Anna Nic a’ Luain sna Cruacha Gorma, bhreac sé síos na céadta amhrán agus seanchas uaithi. Ach tríd sin ar fad, measaim gur i scríbhinní Sheáin féin, ina dhialann laethúil, a fhaightear an léargas is úire agus is ionraice ar an Chonallach i mbun oibre. Cé gur chaith sé beagnach leathchéad bliain ag bailiú béaloidis, níor choinnigh sé an dialann ach idir 1935 agus 1948, aon cheathrú den tréimhse a chaith sé i mbun gnó. Sa tréimhse bheag ama sin, scríobh sé ina leabhar nótaí beagnach 4,000 leathanach dialainne. Feidhmíonn sin mar mhonalóg aonair, mar thráchtaireacht bheo ar stair shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta ag an am. Le breis agus 15 bliain anuas chuaigh mé ar thoraíocht taisce sna leathanaigh sin. Is é an leabhar seo toradh an tsaothair sin.
Ceapadh Ó Eochaidh mar Uachtarán an Oireachtais in 1989, an bhfuil tionchar ar bith aige seo ar an dóigh a mothaíonn tú faoin leabhar a sheoladh ag an fhéile i mbliana?
Tá rud éigin iontach speisialta faoin leabhar seo a sheoladh ag an Oireachtas agus i mBéal Feirste. Ar ndóigh, ceapadh Seán mar Uachtarán an Oireachtais nuair a reachtaládh an fhéile i nGleann Cholm Cille in 1989, agus tá pictiúr iontach againn sa leabhar de Sheán agus é le hUachtarán na hÉireann, an Dr. Pádraig Ó hIrghile, i nGleann ag an Oireachtas. Dúirt sé go minic go raibh sé millteanach sásta a bheith molta agus ceaptha don ról an bhliain sin. Roimhe sin, fosta, thóg sé leis baicle seanchaithe go dtí an tOireachtas i mBaile Átha Cliath in 1945 agus 1946. Tá na míreanna ó dhialanna Sheáin a chuireann síos ar na turais sin curtha i gcló sa leabhar seo. Bhain scríbhinní Sheáin féin ar théarmaí feirmeoireachta an chéad duais i gComórtas Chuimhne an Mháirtínigh ag an Oireachtas in 1945, agus i measc na ndaoine a thóg sé leis, fuair Micí Phadaí Bháin Ó hIghne, as Teileann, an chéad áit sa scéalaíocht.
Ach bhí baint eile ag Seán le Béal Feirste, thaisteal sé go Béal Feirste in Eanáir 1945 chuig Dáil Mhór Chomhaltas Uladh mar ionadaí áitiúil agus an Coláiste Samhraidh i dTeileann á shocrú. Ina dhiaidh sin, thug sé léacht chlúiteach ‘An Seanchas Beo’ sa Chumann Chluain Árd in 1956, agus chaith sé ocht mbliana mar aoiléachtóir ócáideach béaloidis agus mar oide páirtaimseartha In Ollscoil na Banríona faoi stiúir Heinrich Wagner.
Beidh sé iontach domsa an leabhar a thabhairt ar ais go Teileann agus le cuidiú Dé beidh deis againn seoladh a dhéanamh sa Choláiste ansin go luath.
Ar chuir cuid ar bith den bhéaloideas nó den taighde a rinne tú féin don leabhar iontas ort? Nó mothúchán spéisiúil ar bith eile?
Tá neart scéalta suimiúla, seoda beaga, fite fuaite fríd an leabhar, bíodh sin cuairt Walt Disney ar an Choimisiún Béaloideasa, nó na Naitsithe a tháinig go Seán i dTeileann, nó an t-achrann a chothaigh dream Sasanach, The Picture Post, sa cheantar in 1947. Is é an rud is fearr faoi thaighde mar seo, go háirithe le dialanna agus comhfhreagras eile, go bhfaigheann an t-údar deis am a chaitheamh i mbróga an duine féin. Agus mar thaighdeoir, mar fhear teanga, mar dhuine a bhfuil grá mór agam don Ghaeltacht, thug sé deis dom a bheith sáite i litríocht an phobail agus na buaicphointí a chur os comhair an domhain mhóir.
Beidh Cloch in Áit an Charnáin ar fáil sna siopaí leabhair gan mhoill. Thig tuilleadh eolais a fháil ar an leabhar anseo.
The post Leabhar nua leis an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh ar shaothar Sheáin Uí Eochaidh le seoladh ag an Oireachtas appeared first on NÓS.