Tá fáilte curtha ag an mbrúghrúpa tithíochta Bánú roimh chinneadh nach ndíolfar dhá scéim tithe saoire i gConamara gan deis a thabhairt do na húdaráis an scéal a fhiosrú.
Dúirt Comhairle Chontae na Gaillimhe le Nuacht TG4 gur iarr an Roinn Tithíochta orthu treoir a thabhairt do Thearmann Éanna na tithe atá le díol acu a bhaint den mhargadh le deis a thabhairt don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal.
Dúirt urlabhraí de chuid Bhánú go gcuireann an eagraíocht “fáilte” roimh an gcinneadh fanacht go mbeidh tuairisc faighte “faoi na féidearthachtaí a bhainfeadh leis an dá scéim tithíochta”. Tá Bánú ag iarraidh ar an gcomhairle contae na tithe saoire a cheannach ó Thearmann Éanna agus iad a athchóiriú “ar mhaithe le freastal ar riachtanais tithíochta an dá phobal”.
Beidh cruinniú a bhí beartaithe ag an eagraíocht feachtais faoi thithe saoire atá le cur ar díol in Eanach Mheáin agus i Ros an Mhíl fós ag dul ar aghaidh.
Dúradh go mbeadh an cruinniú, atá á eagrú ag Bánú agus Coiste Ionad Pobail Leitir Móir ar siúl Dé hAoine beag seo le deis a thabhairt don phobal “tuairimí a léiriú” faoin mbealach a bhféadfadh an t-údarás áitiúil na tithe a chur ar fáil do dhaoine as an áit a dteastaíonn “tithíocht bhuanchónaithe” uathu.
Deirtear go dtabharfar deis don phobal níos mó eolais a fháil faoin gcúis ar cuireadh na tithe ar an margadh ar an gcéad dul síos.
Tá cuireadh tugtha ag an mbrúghrúpa do chomhairleoirí contae Chonamara Theas a bheith i láthair ag an gcruinniú.
Beidh an cruinniú poiblí ar siúl ag a hocht a chlog Dé hAoine i Halla Pobail Leitir Móir agus an léachtóir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Nortia Ní Chartúir a bheidh ina cathaoirelach.
Bhí cruinniú ag Bánú i mí Lúnasa agus socraíodh go n-iarrfaí ar phríomhfheidhmeannach na comhairle contae, Liam Conneally, agus ar an stiúrthóir tithíochta, Michael Owens “breathnú ar na féidearthachtaí éagsúla a bhainfeadh leis na tithe”.
Mhaígh an eagraíocht go bhféadfadh Comhairle Chontae na Gaillimhe airgead a fháil ón Roinn Tithíochta leis na tithe atá á ndíol a cheannach, a réiteach, agus a chur ar fáil do dhaoine atá ag fanacht ar thithe i gCeantar na nOileán agus i gCois Fharraige. Mhol Bánú freisin go gcuirfí na tithe athchóirithe ar fáil faoi bhun luach an mhargaidh mar thithe inacmhainne do mhuintir na Gaeltachta.