Deir an tUachtarán tofa Catherine Connolly gur “teachtaireacht láidir” don rialtas agus don tír uile an bhéim a cuireadh ar an nGaeilge le linn an fheachtais uachtaránachta agus an tsuim atá á cur ag daoine sa teanga.
Dúirt Connolly, ar éirigh léi sa toghchán an tseachtain seo caite, gur chuir an tsuim a chuir daoine sa teanga le linn an fheachtais iontas uirthi ach go raibh an dea-thoil atá ann don teanga feicthe go minic aici roimhe sin.
“Ó thaobh na Gaeilge de, chuir sé iontas na n-iontas orm ar leibhéal amháin ach ar leibhéal eile níor chuir mar sin é mo thaithí féin. An méid Gaeilge atá ag daoine agus an iarracht a rinne siad, ní maith liom an frása ‘cúpla focal’ ach an iarracht a rinne siad labhairt liom i nGaeilge agus an méid a bhí acu a úsáid,” a dúirt Connolly agus í faoi agallamh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
“Tá teachtaireacht láidir ansin dúinne agus don chóras agus don Rialtas ó thaobh na Gaeilge de, na deiseanna a chur ar fáil,” ar sí.
“Teachtaireacht iontach láidir dhearfach agus ní mór tógáil ar an teachtaireacht sin.”
Bhí uachtarán tofa na hÉireann faoi agallamh i mBéal Feirste, áit a bhfuil sí ag freastal ar Oireachtas na Samhna.
“Bhí sé ar intinn agam i gcónaí a bheith anseo agus bhí árasán curtha in áirithe agam, bhí an cinneadh déanta agam. Bhí mé beagán neirbhíseach tar éis an chomhairimh nach mbeadh mé in ann freastal air ach d’éirigh liom,” ar sí.
“Is iontach a bheith anseo i lár dhomhan na Gaeilge. Tá sé iontach a bheith anseo i mBéal Feirste.”
Agus í ag labhairt ar an tslí ar chaith na meáin léi le linn an fheachtais uachtaránachta, dúirt sí nár mheas sí gur caitheadh go héagórach léi ach gur feachtas diúltach a bhí ann in amanna.
“Lean mise ar aghaidh, i mo thuairim, le feachtas dearfach ach na meáin chumarsáide agus na scéalta a tháinig amach fúm, bhí mé ag súil leo mar tá mé ag plé le cúrsaí polaitíochta le fada an lá, ach shíl na daoine a bhí i mo thimpeall go raibh siad nimhneach amach is amach.”
Dúirt Connolly go raibh ról tábhachtach ag na meáin agus go raibh sé tábhachtach go gcuirfí ceisteanna crua, ach mheas sí nach raibh aon bhunús le cuid de na scéalta diúltacha a bhain léi.
“Is dócha an láidreacht is láidre atá agam ná nuair a sheasaim suas, creidim na rudaí a labhraím fúthu. Tugann sé sin láidreacht dom agus níl mé chun athrú, beag beann ar aon rud a deirtear fúm.”
Léirigh Connolly díomá faoi chuid de chur chuige na meán luath sa bhfeachtas nuair a bhí go leor daoine á lua le hainmniúchán.
“I ndáiríre, chuir sé isteach orm ag dul ar ais go dtí cúrsaí tráchtaireachta agus an easpa measa a bhí á thaispeáint don ról mar Uachtarán ag dul siar [go dtí] mí Iúil, mí Lúnasa,” a dúirt sí.
“Bhí na tráchtairí ag rá cé atá ag seasamh anois, cé atá le seasamh agus ainmneacha á dtarraingt ón spéir anuas.”
Dúirt Connolly gurbh léir di le linn an fheachtais go raibh “bearna ollmhór” ann idir céard a bhí á rá ag an bpobal léi agus céard a bhí á rá sna meáin agus ag tráchtairí. Dúirt sí gur “cluas éisteachta” is mó a theastaigh ó dhaoine.
“Dúradh linn go hoscailte agus go láidir, ‘Tá poblacht nua ag teastáil uainn’. Poblacht dhátheangach a chuireann gach duine san áireamh agus [a chuireann] béim ar dhaoine le míchumas, béim ar dhaoine nach bhfuil in ann páirt a ghlacadh de bharr na gcúraimí ollmhóra [atá] orthu. Sin an teachtaireacht ba láidre.”
Dúirt Connolly go raibh sé deacair cur síos a dhéanamh ar an athrú atá tagtha ar a saol ó toghadh í.
“An méid daoine atá i mo thimpeall an t-am uilig ó thaobh fórsaí cosanta sa Tuaisceart agus sa Deisceart, sin rud nua. Is dócha go bhfuil greann ann freisin mar tá mo chlann agus mo chairde ag breathnú orm ag rá cé hiad sin? Ag dul chuig an leithreas, tá duine in éindí liom, bhuel taobh amuigh den doras. Is athrú iomlán é.”
Mar sin féin, dúirt Connolly gur mhaith léi an saol a chaitheamh “go nádúrtha” agus coinneáil uirthi ag rothaíocht, mar shampla.