Tá an chéad duais sa rannóg ‘Úrscéal – Ficsean Liteartha’ do dhaoine fásta buaite ag an údar Diarmuid Johnson ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste. €3,000 a bhuaigh an scríbhneoir as cathair na Gaillimhe dá shaothar An Cláirseoir, úrscéal ina bpléitear teacht na Normannach go hÉirinn in 1169. Tá an leabhar le foilsiú ag Leabhar Breac go luath.
Tháinig Mícheál Ó Laoghaire as contae Chorcaí sa dara háit sa chomórtas dá úrscéal siúd An Fheannóg Bhán. €1,000 an duais a bronnadh ar Ó Laoghaire. Bronnadh an duais do Bhuaicshaothar Próis na Bliana, agus €3,000, ar Chian Ó Dubhshláine, a bhfuil cónaí air i nDún Éideann in Albain, dá shaothar Koilopolis.
Is iondúil gurb é Bronnadh Dhuaiseanna na gComórtas Liteartha an chéad ócáid a bhíonn ar siúl ag an Oireachtas, ach reáchtáladh na comórtais nua do cóir scoileanna níos luaithe ar maidin. Sheol an tAire Gaeltachta Dara Calleary an fhéile go hoifigiúil san Ionad Tionóil Idirnáisiúnta (ICC) go gairid ina dhiaidh sin, agus bhronn Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív na Gradaim Liteartha i Halla an Stiúideo san ICC tráthnóna.
Bronnadh duaischiste €30,000 ar bhuaiteoirí in os cionn 30 rannóg i mbliana. Bhí ceithre rannóg déag dírithe ar scríbhneoirí óga.
Ar dhuine eile de bhuaiteoirí na gComórtas Liteartha bhí iriseoir de chuid Tuairisc, Maitiú Ó Coimín, a thug leis an dara duais sa chomórtas don iriseoireacht scríofa dá alt Traidisiún na ‘n-ainmneacha baile’ ar an dé deiridh sa Ghaeltacht. Ba é an scríbhneoir Alan Titley a tháinig sa chéad áit sa rannóg sin dá alt Giniúint na Gaeilge. Tháinig Dubhán Ó Longáin as Dún na nGall sa tríú háit, agus roinneadh an duaischiste €1,000 ar an triúr.
D’éirigh go seoigh sna comórtais faoi aois le muintir Bhaoighill as Ard Aighin i mBaile Átha Cliath 5. Bhuaigh deartháireacha Uí Bhaoighill go leor duaiseanna ag na Gradaim Liteartha anuraidh, ach bhí beirt deirfiúracha dá gcuid ar an ardán in éineacht leo i mBéal Feirste i mbliana chomh maith.
Bhuaigh Síona Ní Bhaoighill an dara duais sa chomórtas ‘Greannán – Rang 4’ agus bhuaigh Danu Ní Bhaoighill an chéad duais sa chomórtas ‘Greannán – Rang 6’.
Tháinig a ndeartháir Mánus Ó Baoighill sa dara háit sa chomórtas ‘Script Ghearrscannáin – Bliain 1/2/3’, an dara duais sa chomórtas ‘Filíocht – Faoi 18’, agus an dara duais sa chomórtas ‘Ficsean – Faoi 18’.
Ba é an deartháir eile, Torin Ó Baoighill, a fuair an chéad duais sa chomórtas sin. Bhuaigh Fionnán Ó Baoighill an chéad duais sa chomórtas ‘Script Ghearrscannáin – Bliain 4/5/6’ dá shaothar Tadhg agus an Taisceadán Todhchaí.
Gradaim Liteartha an Oireachtais – liosta na mbuaiteoirí
Comórtas A1: Úrscéal Ficsean Liteartha
An Chéad Duais: €3,000
An Cláirseoir Diarmuid Johnson, an Dún Mór, Co na Gaillimhe
An Dara Duais: €1,000
An Fheannóg Bhán Mícheál Ó Laoghaire, An Damhchluain, an Tóchar, Corcaigh
Comórtas A2: Ficsean do Dhaoine Óga (9/10-12)
An Chéad Duais: €2,000
Fathaigh an tSeaca Áine Ní Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14
An Dara Duais: €750
An Gairdín Fiáin Richie Conroy, Léim an Bhradáin, Co Chill Dara
Comórtas A3: Ficsean do Dhaoine ÓGa (13-15)
An Chéad Duais: €2,000
Scéal Thairis Áine Ní Ghlinn & Seán Mac Dhonnagáin, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14
An Dara Duais: €750
An Eochair Tracey Ní Mhaonaigh, Maigh Dearmhaí, Co na Mí
Comórtas A4: Saothar Próis
Duais €1,250
An Chruinne Fhireann: Micheál Ó Conghaile, Pádraig Ó Cíobháin, Joe Steve Ó Neachtain agus Fíreannachtaí na Gaeilge Sorcha de Brún, Teach Mealóg, Baile Átha Cliath 16
Buaicshaothar Próis na Bliana
Duais €3,000
Koilopolis Cian Ó Dubhshláin, Dún Éideann, Albain
Comórtas A5: Saothair do Dhaoine Fásta
An Chéad Duais: €2,000
Osnaí Troma Faoisimh Seán Ó Dubhchon, Machaire Rabhartaigh, Co Dhún na nGall
An Dara Duais: €750
Blúiríní Míne Mhic Cóil, Ráth Chairn, Co na Mí
Comórtas A6: Cur Chun Cinn na Gaeilge
Duais: €1,000
Níor bronnadh an duais seo
Comórtas A7: Gearrscéal – Duais an Mhaolánaigh
An Chéad Duais: €500
Bánú Mícheál Ó Conghaile, Indreabhán, Co na Gaillimhe
An Dara Duais: €250
Tine Shionnaigh Joe Pádraig Ó Fátharta, Na hAille, Indreabhán, Co na Gaillimhe
Comórtas A8: Dírithe ar Dhéagóirí
Duais: €500
Cairdeas is Cogadh Áine Ní Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14
Comórtas A9: Dán
Duais: €400
An Féar Gortach Liam Mac Peaircín, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Comórtas A10: Cnuasach Filíochta
Duais: €1,500
Dordéan agus Dánta Eile Róise Ní Bhaoill, Béal Feirste, Co Aontroma
Comórtas A11: Dráma Raidió
An Chéad Duais: €1,250
Dá mBeadh Breith ar m’Aiféala Brian Ó Tiomáin, Cromghlinn, Baile Átha Cliath 12
An Dara Duais: €750
An Cruise Máirín Mhic Lochlainn, Baile na mBrabhach, Indreabhán, Co na Gaillimhe
An Tríú Duais: €500
Anita Ruth Nic Giolla Iasachta, Baile Uí Mhistéala, Co na Mí
Comórtas A12: Dráma Aonghnímh
An Chéad Duais: €1,250
An Glaoch Ar Ais Brian Ó Tiomáin, Cromghlinn, Baile Átha Claith 12
An Dara Duais: €750
Ana Ní Áine Sinéad Silva, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24
An Tríú Duais: €500
Phthia Seán Mac Dhonnagáin, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14
Comórtas A14: Saothar Spioradálachta/Creidimh/Ábhar MArana
Duais: €750
Níor bronnadh an duais seo
Comórtas A15: Iriseoireacht
An Chéad Duais: €500
Giniúint na Gaeilge Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11
An Dara Duais: €300
Traidisiún na ‘n-ainmneacha baile’ ar an dé deiridh sa Ghaeltacht, Maitiú Ó Coimín, Na hAille, Indreabhán, Co na Gaillimhe
An Tríú Duais: €200
Lorcán Ó Muireadhaigh agus Bunú a Irise, Dubhán Ó Longáin, Bealach Féich, Co Dhún na nGall
Comórtas A16: Iriseoireacht (Faoi 30)
Duais: €500
Paradacsa an Phiollaire: Miangas ar Iarraidh Rhiann Flemming, Baile Shéamuis Dhuibh, Co an Chabháin