Tá “deireadh nádúrtha” ag teacht le ré Mhichíl Martin mar cheannaire ar Fhianna Fáil, dar le hiar-leascheannaire an pháirtí, Éamon Ó Cuív.
Agus é ag labhairt ar An Pod Gaeilge, podchraoladh Tuairisc, dúirt an t-iar-aire Gaeltachta agus iarTheachta Dála do Ghaillimh Thiar, go raibh “dearmadaí” déanta ag Fianna Fáil maidir leis an bhfeachtas uachtaránachta agus go raibh “deireadh nádúrtha” ag teacht le ré Martin, atá ina cheannaire ar an bpáirtí ón mbliain 2011.
Dúirt Ó Cuív gurb é Martin an duine is faide i ról an cheannaire cé is moite de bhunaitheoir Fhianna Fáil Éamon de Valera, a chaith 33 bliain i gceannas ar Fhianna Fáil. Dúirt Ó Cuív go dtagann deireadh le tréimhse ceannaire “go nádúrtha” agus go bhfuil “scaradh” ann anois idir Micheál Martin agus a pháirtí.
“Creidim féin go dtagann deireadh tréimhse go nádúrtha ann, tosaíonn ceannairí ag fáil scartha amach ón bpáirtí agus ansin ón bpáirtí parlaiminte. Ba léir gur tharla sé seo sa bhfeachtas uachtaránachta. Tarlaíonn dearmadaí agus tharla cúpla dearmad anseo,” a dúirt Ó Cuív.
Dúirt sé gurbh é an chéad “dearmad” a rinne Martin ná gan a rá go soiléir cén córas a bheadh ag Fianna Fáil le hiarrthóir uachtaránachta a roghnú, agus gur dearmad eile a bhí ann gan a rá níos túisce sa bhliain cé acu an mbeadh nó nach mbeadh iarrthóir ag Fianna Fáil ar chor ar bith.
Dúirt sé gur botún eile a bhí ann tacú le haon iarrthóir amháin seachas córas oscailte a bheith ann agus fáilte a chur roimh dhaoine “a bhfuil spéis acu” san uachtaránacht a gcás a dhéanamh os comhair an pháirtí parlaiminte agus an rogha a fhágáil fúthu féin.
Tá iniúchadh tosaithe ag Fianna Fáil faoin bpróiseas roghnúcháin a d’fhág gurbh é Jim Gavin a fuair ainmniúchán an pháirtí do thoghchán uachtaránachta na bliana seo. Thacaigh Micheál Martin go láidir le Gavin agus is beag éisteacht a fuair daoine eile sa pháirtí a léirigh spéis sa chomórtas, de réir na dtuairiscí.
Dúirt Ó Cuív gur “dearmad” eile é ligean do Jim Gavin éirí as an bhfeachtas mar gheall ar an gconspóid faoin €3,300 nár íoc sé le hiarthionónta dá chuid.
“Níor ghá tarraingt siar mar gheall ar an €3,300. Ba ghá é a aisíoc ón tús, ach taobh amuigh de sin níor ghá éirí as an bhfeachtas agus is léir sin anois agus 10% fós ag vótáil [do Gavin]. Agus is cosúil go raibh cuid mhaith den airgead caite nuair a d’éirigh sé as, mar sin ní raibh gá leis sin,” a dúirt Ó Cuív.
Ach ba é buille maraithe na muice an cinneadh a rinneadh Micheál Martin “leid” a thabhairt do chosmhuintir Fhianna Fáil tacú le hiarrthóir Fhine Gael, Heather Humphreys, sa toghchán, dar le hÓ Cuív.
“Ba é buille maraithe na muice é an treoir, nó an leid, a thug sé go raibh sé féin ag vótáil do Heather Humphreys. Ba nod é sin do chosmhuintir Fhianna Fáil céard ba cheart a dhéanamh. Ba léir ón bpobalbhreith [Dé Céadaoin] go bhfuil go leor leor de lucht tacaíochta Fhianna Fáil deighilte scun scan air sin.
“Is léir ó aistrithe Jim Gavin, más fíor do na pobalbhreitheanna, go bhfuil sé scoilte 50/50. Dar liomsa, tá na dearmadaí tosaithe ag tarlú agus ceapaim féin go bhfuil deireadh nádúrtha ag teacht le ré Mhichíl Martin,” a dúirt sé.
Dúirt Éamon Ó Cuív gur dóigh leis gurb é Sinn Féin a bheidh i gcumhacht tar éis an chéad olltoghcháin eile, a chaithfidh tarlú roimh dheireadh na bliana 2029, agus go mbeidh ceann de “shean-naimhde” an pháirtí sa rialtas leo.
“An cheist a bheidh ann ná cén dearcadh a bheidh ag an duine [a thiocfaidh i gcomharbacht ar Martin]? Tá rud amháin a d’fhéadfadh tarlú. Creidim féin go lorgóidh Sinn Féin aistrithe ón eite chlé agus gurb iad is mó a dhéanfaidh buntáiste as sin, mar gurb iad is mó a bheidh ann sna Dáilcheantair, agus go hiondúil faoi [chóras na vótaí aistrithe] tagann an suíochán breise ag an bpáirtí is láidre sa chomhghuaillíocht. Tharla sé sin d’Fhianna Fáil.
“Ní chuirfinn as an áireamh é go bhféadfadh sé tarlú nuair a bheidh an toghchán thart go dtiocfadh Sinn Féin i gcumhacht le ceann de na sean-naimhde, agus go mbeadh siad siúd ar an mórpháirtí,” a dúirt Ó Cuív.
Bhí Éamon Ó Cuív ag labhairt ar An Pod Gaeilge, podchraoladh Tuairisc, agus é in éineacht leis na hiriseoirí Seán Tadhg Ó Gairbhí, Máirín Ní Ghadhra agus Harry McGee ar an eagrán is déanaí.