Chaith comhlachtaí poiblí €19 milliún ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024 agus caitheadh €5.2 den iomlán sin sna meáin Ghaeilge.
De réir tuarascáil nua ó Oifig an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu, tá ag éirí le comhlachtaí poiblí na dualgais reachtúla atá orthu maidir le fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge a chomhlíonadh.
Faoin Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí ar a laghad 20% d’aon fhógraíocht a dhéanann siad in aon bhliain a bheith i nGaeilge. Anuas air sin, tá sé de dhualgar orthu go mbeadh 5% ar a laghad d’aon airgead fógraíochta ar fhógraí i nGaeilge á chaitheamh sna meáin Ghaeilge.
Deirtear san iniúchadh a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga gurb ionann an €19 milliún a chaith comhlachtaí poiblí ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024 agus 20.2% den chaiteachas iomlán a rinneadh ar fhógraíocht anuraidh.
Is ionann na torthaí sin agus méadú suntasach i gcomparáid le 2023, nuair nár bhain comhlachtaí poiblí amach ach 11% seachas an sprioc 20% .
B’ionann an €5.2 milliún a caitheadh sna meáin Ghaeilge anuraidh agus 5.5% den chaiteachas iomlán. Ardú 37% ar an gcaiteachas sna meáin Ghaeilge a bhí sa €5.2 milliún sin i gcomparáid le figiúr 2023, €3.8 milliún.
Tháinig méadú €3.3 milliún, go dtí €13.7 milliún, ar an méid a chaith comhlachtaí poiblí ar fhógraíocht i nGaeilge sna meáin Bhéarla anuraidh.
Tháinig laghdú 5% ar an méid iomlán a chaith comhlachtaí poiblí ar fhógraíocht anuraidh, idir Bhéarla agus Ghaeilge. Dúirt Oifig an Choimisinéara teanga gur “díol suntais” a bhí sa mhéadú a tháinig ar an gcaiteachas ar fhógraíocht i nGaeilge dá réir.
Mar sin féin, is léir gurb iad na comhlachtaí poiblí is mó a chaitheann airgead ar fhógraíocht i nGaeilge an dream is measa ó thaobh an reachtaíocht teanga a chomhlíonadh.
Bhí 25 comhlacht poiblí ann a chaith breis is €750,000 ar fhógraíocht in 2024. Bhaineadar caiteachas 18.6% amach anuraidh i gcás na forála 20% i gcomparáid le 16% in 2023. Bhain comhlachtaí sa gcatagóir sin 4% amach in 2024 i gcás na forála 5% chomh maith, i gcomparáid le 3% in 2023.
Ba iad na comhlachtaí a chaitheann níos lú ná €250,000 ar chúrsaí fógraíochta sa mbliain, formhór mór an 397 a ndearnadh iniúchadh orthu, is fearr a chomhlíon a gcuid dualgas reachtúil maidir le fógraíocht i nGaeilge. Chaith comhlachtaí sa rannóg sin breis is 28% dá gcaiteachas fógraíochta ar fhógraí i nGaeilge agus os cionn 11% de sin a caitheadh sna meáin Ghaeilge.
Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga go raibh sé suntasach a laghad gearán a fhaigheann an oifig faoi chúrsaí fógraíochta i gcomparáid le feidhmiú forálacha eile de chuid an Achta Teanga.
Mar sin féin, dúradh gur tugadh cásanna faoi deara “inarbh ábhar imní é droch-chaighdeán na Gaeilge i bhfógráin, cé acu ó bhéal nó i scríbhinn”.
Dúradh go gcaithfidh na páirtithe leasmhara a bhíonn ag cruthú agus ag foilsiú fógraí freagracht a ghlacadh agus a chinntiú go bhfuil an fhógraíocht i nGaeilge ar ardchaighdeán.
“Is cur amú acmhainní é ábhar fógraíochta atá míchruinn a chur faoi bhráid craoltóra lena chraoladh,” a dúradh.
“Is mó an seans go dtabharfaidh cainteoirí dúchais, ar cuid ríthábhachtach dár gcultúr iad, aird ar ábhar a léiríonn meas ar ár dteanga. Dá bhrí sin, agus an barr feabhais ina thosaíocht againn, ní hamháin go dtugaimid a ceart don teanga ach spreagaimid glúnta atá le teacht chun í a cheiliúradh agus a chothú.”