Díoladh cóip lámhscríofa de Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn ar ceant i gCill Chainnigh tráthnóna ar €35,000.
Idir €15,000-20,000 an praghas a raibh an ceantálaí Fonsie Mealy ag súil leis.
Bhí síniú an fhoclóirí Pádraig Ó Duinnín agus scoláirí eile Gaeilge, amhail Seán Ó Donnabháin, Eoghan Ó Comhraí, agus JH Todd, ar leathanaigh tosaigh na cáipéise a scríobhadh in 1773.
Ar chúl an leabhair tá litir lámhscríofa ar pháipéar de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann ó pheann an Duinnínigh ina ndúirt sé go mbeadh fáilte roimh an bhfaighteoir [ar leis an chóip seo de Foras Feasa ar Éirinn] teacht ar cuairt ag an sagart sa Leabharlann Náisiúnta le go n-iniúchfadh sé an leabhar. “I shall be glad of course to examine your Keating,” a scríobh Ó Duinnín.
Is iomaí cóip a rinneadh de Foras Feasa ar Éirinn i gcaitheamh na mblianta mar gheall nár cuireadh leagan den leabhar i gcló go dtí tús an 20ú haois. Tras-scríobhadh an chóip seo den leabhar de láimh don pholaiteoir Edward Denny as Ciarraí.
Bhí an-éileamh ag na scríobhaithe ar an téacs áirithe seo, téacs a bhfuil stair na hÉireann breactha ar phár ag scoláire Gaeilge a raibh cur amach aige ar na bunfhoinsí Gaeilge.
Ní ghlactar leis sa lá atá inniu ann gur féidir brath ar Foras Feasa ar Éirinn mar fhoinse staire ach dúirt Fonsie Mealy go bhfuil luach leis an saothar mar gheall gurbh é an chéad iarracht a rinneadh stair na hÉireann a bhreacadh bunaithe ar na bunfhoinsí Gaeilge sin.
“Tá go leor cóipeanna a rinne scríobhaithe ann, dosaen nó níos mó is dóigh, ach tá beagnach gach ceann acu i mbailiúcháin phoiblí. Is dócha ná a mhalairt nach mbeidh deis eile ann lenár linn a leithéid de rud a fháil,” a dúirt na ceantálaithe san fhógra a rinne siad faoin leabhar.
Díoladh chomh maith ag an gceant inniu cóip de ‘Fhoclóir Uí Bheaglaoich’, an chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge a foilsíodh. Ba sa bhliain 1732 a chuir Conchubhar Ó Beaglaoich The English-Irish Dictionary. An foclóir Béarla Gaoidheilge i gcló i bPáras na Fraince. Ba é an chéad iarracht foclóir dá leithéid a chur i gcló. Bhíothas ag súil le €700 ar Fhoclóir Uí Bheaglaoich ag an gceant ach díoladh sa deireadh é ar €1,800.
Bhí an dá leabhar Gaeilge seo i measc os cionn 600 mír a chuir Fonsie Mealy ar ceant inniu.