Is léir claochlú a bheith tagtha ar chur chuige an Chonartha i dtaobh ceisteanna polaitíochta, a deir daoine atá agus a bhí sinsearach san eagraíocht teanga.
Dúirt roinnt daoine ar labhair Tuairisc leo gur léirigh an óráid a thug uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin uaidh ag an mórshiúl Cearta i mBaile Átha Cliath le déanaí go bhfuil cur chuige na heagraíochta athraithe le tamall anuas.
Dúradh gur léiriú a bhí i gcaint phaiseanta uachtarán an Chonartha a bhí ag an mórshiúl Cearta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn an 20 Meán Fómhair ar cheangal níos dlúithe a rinneadh idir an eagraíocht agus an pholaitíocht ag a hArd-Fheis i mbliana.
Ceanglaíodh Conradh na Gaeilge níos dlúithe leis an bpolaitíocht, idir pholaitíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta, ag Ard-Fheis na heagraíochta i Loch Garman i mí Feabhra.
Ritheadh roinnt rún in Óstán Whites of Wexford a chuir iachall ar an gConradh seasamh níos láidre a thógáil ar cheisteanna nach mbaineann go sonrach le cúrsaí teanga. Glacadh le trí rún a chuir iachall ar an eagraíocht seasamh láidir a thógáil ar cheist na Palaistíne agus le rún inar moladh go n-aithneodh an Conradh an “ról ceannasaíoch” a bhí ag a bhaill in Éirí Amach na Cásca 1916 agus go ndéanfadh an eagraíocht comóradh bliantúil ar an éirí amach.
Dúirt daoine le Tuairisc gur “eagraíocht dhaonlathach” é an Conradh agus gur faoi na baill atá sé treo na heagraíochta a stiúradh.
“Is eagraíocht dhaonlathach atá ann, agus más sin toil na ballraíochta, sin toil na ballraíochta,” a dúirt duine a bhíodh sinsearach san eagraíocht le Tuairisc. “Is ag an Ard-Fheis a dhéantar na cinntí faoi threo na heagraíochta agus bíonn plé, díospóireacht, agus vótáil ann. Bhí mé i láthair Dé Sathairn agus is dóigh liom go ndearna [Mac Giolla Bhéin] óráid bhreá.”
Thagair Mac Giolla Bhéin ina óráid, ar cuireadh an-fháilte roimhe, d’athaontú na tíre, do chás na dteifeach in Éirinn, don chinedhíothú sa Phalaistín, do bhaol a bhaineann le fás na heite fíordheise agus do chás cúirte Liam Óig Uí Annaidh, an ball de Kneecap ar cuireadh cion sceimhlitheoireachta ina leith i Sasana.
Dúirt Niall Comer, iar-uachtarán ar an gConradh, gur faoi bhaill na heagraíochta a bhíonn sé gach bliain “plean oibre” an Chonartha a leagan amach ag an Ard-Fheis.
“Fóram daonlathach atá i gConradh na Gaeilge. Caitheann ár mbaill vótaí ag an Ard-Fheis achan bhliain ar na hábhair rúin a thagann isteach ónár mbaill féin. Déantar plean oibre Chonradh na Gaeilge a leagan amach de réir an chórais dhaonlathaigh chéanna, agus bheimis ag sárú choincheap an daonlathais mura rachaimis le toil ár mball – toil a cuireadh in iúl ag Ard-Fheis na bliana seo go han-soiléir agus beagnach d’aon ghuth,” a dúirt sé.
Dúirt Comer gurb é ról Uachtarán an Chonartha a bheith “mar ghuth agus mar urlabhra do bhaill” na heagraíochta.
“Feictear dom gur thug an tUachtarán ina chuid cainte léiriú láidir ar thuairimíocht ár mball – gur chóir go mbeimis ag tacú le cearta daonna, arb ionann iad agus beatha daoine. Cuireann an Conradh fáilte i gcónaí, ar ndóigh, roimh bhaill úra – agus roimh thuairimíocht éagsúil – cá mbeimis feasta gan daonlathas?” a dúirt sé.
Dúirt iarfhostaí de chuid an Chonartha go raibh an óráid a thug Mac Giolla Bhéin uaidh “níos géire ná mar a bheadh i mblianta eile” ach nár chuir sé aon iontas air gur labhair an t-uachtarán mar a labhair.
“Bhí [Mac Giolla Bhéin] i gcónaí stuama ina chuid tuairimí agus níor chuir sé i bhfolach riamh iad. Thuig sé cá raibh an líne mar fhostaí ach mar uachtarán anois tá deis aige a léamh ar chúrsaí a chur chun tosaigh. Is faoi bhaill an Chonartha atá sé an bunreacht a chur i bhfeidhm.
“An tuiscint a bhí ag daoine nuair a bhíothas ag caint ar an gConradh a bheith mar ‘eagraíocht neamhpholaitiúil’ ná nach mbeadh sé nasctha le páirtí ar leith. Aon uair a tarraingíodh an Conradh i dtreo páirtí ar leith, chruthaigh sé deacrachtaí. Ach bíonn an fheachtasaíocht agus an stocaireacht an-pholaitiúil, agus níl aon bhealach timpeall air.”
Dúirt an t-iar-chonraitheoir seo go raibh lucht feachtais an Tuaiscirt imithe i bhfeidhm go mór ar an eagraíocht le roinnt blianta anuas. “Tá go leor daoine ann a chreideann go bhfuil ceachtanna le foghlaim ón Dream Dearg, a bhí sásta a bheith ag feachtasaíocht le grúpaí eile agus ar son rudaí eile. Ní thógann sé mórán in eagraíocht chomh beag leis an gConradh móramh a chruthú, agus tharla sé cheana le rúin eile agus le toghcháin uachtaránachta eile. Ach i gcás Chiaráin [Mac Giolla Bhéin], tá tacaíocht na mball aige – níor chuir aon duine ina aghaidh, agus vótáil na baill ar a shon,” a dúradh.
Bhí amhras ar dhuine eile a chaith tréimhse i ról sinsearach san eagraíocht faoin gclaonadh nua, áfach, agus dúirt gurbh fhearr don Chonradh díriú ar cheisteanna a bhaineann go sonrach leis an nGaeilge.
“Choimeádfainn gach rud faoin nGaeilge agus faoin nGaeilge amháin. Ach tá polasaithe ag an gConradh faoi na ceisteanna [a luaigh Mac Giolla Bhéin] agus glacadh leis na polasaithe sin – caitheadh vóta. Domsa, tá bratach amháin ag Conradh na Gaeilge agus sin bratach an Chonartha.
“Bhí rún ann faoi fhoraois bháistí na hAmasóine ag an Ard-Fheis, go deimhin ritheadh 160 rún i mbliana, ní gá labhairt ón ardán ag agóid faoi chearta teanga faoi gach aon cheann acu sin. An rud ba thábhachtaí Dé Sathairn ná tithíocht sa Ghaeltacht, maoiniú, agus cúrsaí oideachais.
“Ní dóigh liom gur cheart go mbeadh polasaithe ag an gConradh mar gheall ar an eite fhíordheis, agus bhí daoine eile ann a bhí míshásta go raibh bratach na Palaistíne ar an ardán,” a dúirt an duine a labhair le Tuairisc.
Dúirt Íte Ní Chionnaith, iar-uachtarán eile de chuid na heagraíochta, le Tuairisc nach gcuireann sé iontas uirthi go raibh “bunsraith pholaitiúil” le caint Mhic Giolla Bhéin agus go mbíonn “pobal na Sé Chontae i bhfad níos polaitiúla” ná mar atá an pobal ó dheas agus go “bhfeiceann siadsan an ceangal idir an teanga agus an comhthéacs polaitiúil i bhfad níos láidre”.
“Bhí sé spéisiúil cé chomh minic is a luaigh sé an focal ‘coilíneachas’ ina chuid cainte. Bhí an téarma sin an-choitianta sna 1960idí, 1970idí, agus 1980idí ach ní raibh sé le cloisteáil chomh minic sin i ndíospóireacht na teanga. Tá sé luaite go han-mhinic ag Catherine Connolly ina hóráidí siúd i rás na huachtaránachta freisin.
“Déarfainn féin go raibh cúiseanna polaitiúla agus coilíneachta ann leis an nGaeilge a chur faoi chos, agus tá cúiseanna polaitiúla ann freisin le slánú na Gaeilge. Ní féidir an dá rud a scarúint óna chéile – an Ghaeilge a chur chun cinn agus an dearcadh polaitiúil, is cuid den chomhthéacs é,” a dúirt Ní Chionnaith.
Dúirt sí nach bhfaca sí féin “tada cearr” le cúiseanna eile a tharraingt isteach i ngluaiseacht na Gaeilge agus go bhfuil an dearcadh ag go leor cainteoirí Gaeilge go mbaineann an teanga “leis an saol ar fad”.
“Tugann an Ghaeilge an deis dúinn breathnú ar chúrsaí an tsaoil ar bhealach níos oscailte, ar bhealach níos radacaí, agus ar bhealach nár bhain leis an domhan coilíneach. Ceapaim gur caint an-mhaith a bhí ann ó Chiarán.
“Ceann de na pointí a bhí agamsa agus daoine eile nuair a bhí mé i m’uachtarán ar an gConradh ná gur polaitíocht le ‘p beag’ atá i bpolaitíocht na heagraíochta. Tá ceisteanna áirithe ann gur chóir dúinn seasamh áirithe a ghlacadh fúthu ach níor chóir go mbeadh muid gafa le haon pháirtí. Ní ar mhaithe leis an bPalaistín a bhí an mórshiúl Dé Sathairn ach ní hionann sin is a rá nár cheart tacaíocht a léiriú don Phalaistín lena linn,” a dúirt sí.
Dúirt Ní Chionnaith go raibh an plé céanna ar siúl sa Chonradh ó ghlac sí féin ballraíocht san eagraíocht.
“Bhí go leor den díospóireacht chéanna ann ó chuaigh mé isteach sa Chonradh sna 1960idí – an féidir an Ghaeilge a scarúint go hiomlán ón gcomhthéacs sa tír féin agus go domhanda. Bhí an Conradh go láidir in aghaidh na cinedheighilte san Afraic Theas, mar shampla,” a dúirt sí.
Thagair Ciarán Mac Giolla Bhéin ina óráid ag mórshiúl do “thodhchaí a mhúnlú a bheidh níos fearr, níos ionchuimsithí, agus níos forásaí”.
“Ní dhéanfaidh gluaiseacht na teanga é seo asainn féin ach i gcomhar le gluaiseachtaí radacacha sóisialta eile a bhfuil fís acu do dhomhan níos fearr agus atá ag eagrú lena aghaidh,” a dúirt sé.
Ba chóir go mbeadh “meas ar chách” a dúirt é.
“Agus sin na teifigh agus na hinimircigh atá ag cur go suntasach le pobal na tíre seo san áireamh. Diúltaímid glan don dúdheis atá ag iarraidh ceap milleáin a dhéanamh den phobal is leochailí sa tír. Deirimid lenár bpobail nua ‘céad míle fáilte romhaibh go léir’.”
Dúirt sé go seasann gluaiseacht na Gaeilge “gualainn ar ghualainn” le hinimircigh agus le teifigh agus go seasann sí “go tréan i gcoinne na bhfórsaí sin atá ag iarraidh muid a scaradh”.
Dúirt sé nár cheart brat na hÉireann “a ghéilleadh” go deo don eite fhíordheis.
Dúirt sé nach féidir le cainteoirí Gaeilge a theacht le chéile mar a tháinig i mBaile Átha Cliath “gan labhairt ar an gcinedhíothú leanúnach atá á bhfulaingt ag muintir na Palaistíne”.
Mhol sé an banna ceoil Kneecap as an “seasamh cróga” atá tógtha acu ar son na Palaistíne agus dúirt leis an slua seasamh le Liam Óg Ó hAnnaidh, a bhí cúisithe i gcion sceimhlitheoireachta.
“Seasaimis le Liam Óg Ó hAnnaidh atá faoi bhagairt príosúnachta ó cheanncheathrú an choilíneachais in Londain. Seasaimis le pobal Gaza atá faoi léigear. Ní saoirse go saoirse na Palaistíne,” a dúirt sé.
Caitheadh amach cás Uí Annaidh an tseachtain seo caite.
Tá an pholaitíocht fite fuaite i scéal Chonradh na Gaeilge le fada an lá, cé go maítear gur ‘eagraíocht neamhpholaitiúil’ í.
Teannas polaitiúil a d’ardaigh i measc lucht an Chonartha ba chúis le héirí as an chéad uachtaráin Dubhghlas de hÍde i 1915. Níor aontaigh an Craoibhín Aoibhinn leo siúd ar theastaigh uathu go mbeadh fís pholaitiúil ag an eagraíocht – Pádraig Mac Piarais ina measc. Go deimhin, tar éis Éirí Amach na Cásca 1916, scríobh de hÍde chuig a chara John Quinn i Meiriceá “the League had been steered on the rocks by fools”.
Bhain conspóid le rún a cuireadh chun cinn ag Ard-Fheis an Chonartha i 1998 go seasfadh an eagraíocht go hoifigiúil le hAirteagal 2 de Bhunreacht na hÉireann mar a bhí, gurbh é “oileán na hÉireann go hiomlán, maille lena oileáin agus a fharraigí teorann, na críocha náisiúnta” – airteagal a leasaíodh an bhliain chéanna trí Chomhaontú Aoine an Chéasta.