Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceithre shingil le teacht ó Leevy i ndiaidh ‘Burn the Casket’ agus roimh a gcéad albam

|

Tá an banna Corcaíoch Leevy ag súil lena gcéad albam a eisiúint sa bhliain úr. Cuireadh tús bríomhar le rolladh amach an albaim, a eiseofar i mí Feabhra 2026, idir an chéad singil ‘Burn the Casket’ agus an dara singil ‘True Friends Come Again’ atá le teacht ar an 10 Deireadh Fómhair. Bhí an deis agam, Eilís Nic Lochlainn, labhairt le hAmhlaoibh ar na mallaibh faoin ghrúpa ceoil Leevy, faoin albam atá le teacht, agus neart eile.

Bhunaigh an príomhamhránaí is giotáraí Amhlaoibh McSweeney Leevy breis agus cúig bliana ó shin. Is banna punc é a thógann inspioráid ón cheol tíre agus ón cheol thraidisiúnta. Leis, tá a dhlúthchara Darren Faul as Bhaile Bhúirne, na deartháireacha Bobby agus Diarmuid Wolfe as an pharóiste in aice láimhe Kilnamartyra, chomh maith le Johno Kool, cara ollscoile as An tSnaidhm i gContae Chiarraí. Idir na fir chumasacha chruthaitheacha seo tá réimse leathan d’uirlisí le cloisteáil ina saothar: guthanna binne, giotár, na drumaí, dordghiotár, feadóg stáin, feadóg mhór, bainseó agus maindilín.

Is maith is cuimhin le hAmhlaoibh nuair a bhí sé féin agus Diarmuid i mbanna ceoil eile le chéile ar feadh na mblianta darb ainm Rough Sunday. D’eisigh siad albam agus rinne go leor gigeanna le chéile tráth. Níorbh fhada go dtí go raibh siad ar an bhóthar arís do thogra iomlán éagsúil ag seinm leis na leaids eile.

Agus na traiceanna uilig taifeadta ina theach féin i mBaile Bhúirne, tá neart dea-chuimhní a mhaireann fós d’Amhlaoibh ar smaoineamh siar dó ar an tréimhse speisialta sin timpeall dhá bhliain ó shin. Eiseofar an t-albam go neamhspleách, mar an gcéanna leis an bhanna ceoil féin.

“Bím ag rá leis na leaids an t-am ar fad: an rud is fearr liom faoi ná bualadh le mo chairde agus leithscéal a bheith againn bualadh le chéile,” a deir Amhlaoibh. “Tá na leaids chomh hiontach le bheith ag obair leo freisin. Deir siad féin é, is iadsan lucht leanúna is mó na n-amhrán ag deireadh an lae.”

Deir Amhlaoibh go raibh siad go léir “sa bhád céanna” maidir leis an phróiseas. Níor cuireadh aon bhrú air an t-albam a chríochnú go gasta. Choinnigh siad orthu go dtí go raibh “an snáithe” le cloisteáil go soiléir tríd an tsaothar ar fad, rud a bhfuil Amhlaoibh iontach sásta leis agus buíoch as.

Pléifear téamaí suntasacha ar an albam nua; an ‘saol eile’ taobh amuigh dár ndomhan féin, cúrsaí béaloidis agus an mhiotaseolaíocht, an saol Éireannach, an dúlra, meabhairshláinte agus eile. Is intreoir fhóirsteanach é do dhomhan an albaim an chéad amhrán mar sin, ‘The Old World Lays Beneath the New’.

Ag labhairt dó faoi theideal an albaim Baile Mhúirne, deir Amhlaoibh liom go bhfuil argóint ann le blianta anois faoi litriú ainm an bhaile inar tógadh é: Baile ‘Bhúirne’ nó Baile ‘Mhúirne’. Agus cinneadh le déanamh acu, roghnaigh siad Baile ‘Mhúirne’ chun nasc a chruthú le ‘mo mhuirnín’, rud a dhéanann an t-albam i bhfad níos rómánsúla agus níos draochtúla dar leis. Míníonn Amhlaoibh go mothaíonn sé go bhfuil brí cineál diúltach ag an litriú oifigiúil Baile ‘Bhúirne’ i dtaca leis an talamh sa cheantar de bhrí go gcuireann sé ina luí nach talamh rómhaith é. Mar sin de, bhí siad in ann nasc a dhéanamh idir an dá shaol leis an teideal a chinn siad: an fíorshaol deacair, agus an saol rómánsúil draochtúil.

Eisíodh an chéad singil ‘Burn the Casket’ ón albam ar an 1 Iúil. “Seans gurbh é ‘Burn the Casket’ an t-amhrán is ‘poppy,’” a deir Amhlaoibh mar gheall ar an churfá agus an fonn a fhanann leat. “Tá gach rud atá ar an albam ar ‘Burn the Casket’ freisin; na téamaí, an gnáthshaol Éireannach, ag dul ar faire nó sochraid, agus ansin na heilimintí draíochtúla saoithiúla freisin. Oibríonn sé go maith mar chéad bhlaiseadh an albaim. Is breá liom an scéalaíocht atá le cloisteáil san amhrán. Tá sé an-spreagûil, greannmhar, agus tá saghas greann dubh ann.” I gcurfá an amhráin, tá an banna ceoil go léir le cloisteáil sna ‘Gang Vocals’ chomh maith le deirfiúr Amhlaoibh.

Is togra é seo atá faoi stiúir Amhlaoibh ach tá tacaíocht agus comhoibriú a chuid cairde go mór le mothú aige lá i ndiaidh lae. “Tá sé an-éasca a bheith an-chrua ort féin nuair a bhíonn tú i d’aonar ag samoineamh ‘Níl sé ag oibriú, tá rud éigin mícheart leis an amhrán seo’. Ach nuair a bhíonn na leaids ansin agus chomh cuidiúil sin agus ar mo thaobh, téann sin uilig amach an fhuinneog. Bím in ann amhrán nó demo a sheoladh chucu am ar bith agus beidh siad go hiomlán ionraic liom. It takes a village, mar a déarfá!”

Ag amharc chun tosaigh ar an albam úr, deir sé gurb é an rud is fearr faoin albam ná “gur píosa oibre iomlán é, ní amhrán amháin go díreach. Tá sé cosúil le scannán nó leabhar. Tá tú ábalta níos mó a thabhairt do dhaoine. Táim ag tnúth go mor lena chur amach. Tar éis é sin, ní m’albamsa a bheas ann, albam gach duine eile a n-éisteann leis é.”

Idir an dá linn, tá ‘True Friends Come Again’ le teacht amach ar an Aoine bheag seo, 10 Deireadh Fómhair go díreach in am d’Oíche Shamhna. Cuireann Amhlaoibh síos air mar scéal uafáis, cosúil le ‘Burn the Casket’. Tá an t-amhrán bunaithe ar Oíche Shamhna, dúnmharfóirí agus na daoine marbha atá i ndiaidh teacht ar ais mar thaibhsí.

“Is amhrán saghas ait é agus is breá liom é a sheinnt beo. Go háirithe nuair a théann an t-amhrán ar aghaidh, éiríonn an lucht féachana an-tugtha don scéal. Is breá liom scannáin agus leabhair uafáis agus measaim go bhfuil suim ag gach éinne sa saghas ‘morbid curiosity’ sin.”

Deir Amhlaoibh liom nár scríobh sé amhrán sa stíl cheoil seo riamh. Cuireann sé an ceol i gcomparáid le saothar leithéidí Tom Waits agus The Pogues.

Mar dheireadh ar an agallamh, d’iarr mé ar Amhlaoibh cur síos a dhéanamh ar Leevy i gcúig fhocal.

Agus é ag gáire, déanann sé a mhachnamh ar an ghrúpa agus ar a ‘passion project’. Seans gur seo an cheist is deacra…

“Trom. Greannmhar. Dorcha. Éadrom. Corcaigh!!!”

Beidh ‘True Friends Come Again’ amach ar Aoine an 10 Deireadh Fómhair agus beidh trí shingil eile le teacht ina dhiaidh agus roimh an albam féin. I mí na Samhna, beidh ‘Niamh Chinn Óir’ le cloisteáil, amhrán dátheangach ar a bhfuil curfá Gaeilge, mar aon le físeán ceoil.

Is féidir Leevy a leanúint ar Instagram (@leevy_music) agus cuairt a thabhairt ar a suíomh gréasáin anseo.

The post Ceithre shingil le teacht ó Leevy i ndiaidh ‘Burn the Casket’ agus roimh a gcéad albam appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta