Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Céim stairiúil chun cinn’ – an chéad choimisinéir Gaeilge ceaptha ó thuaidh

|

“Céim stairiúil chun cinn” é ceapachán an chéad Choimisnéara Gaeilge ó thuaidh, a deir Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg.

Fógraíodh tráthnóna, tar éis fanacht fada,  go bhfuil an Dr Pól Deeds, leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ceaptha sa ról nua.

I gcomhráiteas ón gCéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly dúradar:

‘Údar áthais dúinn a fhógairt go bhfuil an Dr Katy Radford (MBE) ceaptha ina Stiúrthóir as an Oifig um Chéannacht agus Léiriú Cultúir, Pól Deeds ceaptha ina Choimisinéir don Ghaeilge agus Lee Reynolds ina Choimisinéir don Ultais agus don traidisiún Ultach Briotanach. Beidh an triúr ag tabhairt faoina gcuid oibre ar an 13 Samhain 2025.’

Deirtear ina ráiteas go dtabharfaidh Pól Deeds “taithí agus tuiscint luachmhar chuig a chuid oibre mar Choimisinéir Gaeilge” agus go dtabharfaidh Lee Reynolds “taithí cheannaireachta agus eolas earnála” go dtína ról féin mar Choimisinéir don Ultais agus don traidisiún Ultach Briotanach”.

D’fhógair siad freisin go raibh an Dr Katy Radford, an t-iarChoimisinéir Comhionannais, ceaptha ina Stiúrthóir ar an Oifig um Chéannacht agus Léiriú Cultúir, i dteannta le cúigear fostaithe eile san oifig sin – Brian Dougherty, Ellen Finlay, Stephen Moore, an Dr Callie Persic agus an Dr Jacqueline Witherow.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil “géarghá le treoir láidir láithreach” ón gcoimisinéir Gaeilge nua i dtaca le ceisteanna cearta teanga atá “faoi ionsaí le fada an lá”, ina measc cás na comharthaíochta dátheangaí i Stáisiún Láir Bhéal Feirste.

Mhol breitheamh ard-chúirte i mBéal Feirste an mhí seo caite go n-iarrfaí treoir ón gcoimisinéir Gaeilge nua maidir leis an gcinneadh go gcrochfaí an chomharthaíocht dhátheangach l l sa lárionad iompair is mó in Éirinn

Dúirt Conradh na Gaeilge go mbeadh gur i bhfeidhm threoracha an Choimisinéara nua ina “scrúdú ollmhór” ar Oifig an Chéad agus an Leas-Chéad Aire.

Faoi reachtaíocht, leagfaidh an Coimisinéir Gaeilge caighdeáin síos maidir le seirbhísí Gaeilge sa státchóras, ach tá imní ann go bhféadfadh an DUP srian a chur ar chumhachtaí an Choimisinéara  mar go gcaithfidh na caighdeáin sin a mbeannacht a fháil ón gCéad-Aire agus LeasChéad-Aire “in éineacht”.

Sa chás go dteipeann ar na hairí cinneadh a aontú, tá sé de chumhacht ag Rúnaí Stáit na Breataine caighdeáin teanga a cheadú díreach ó Westminster.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur céim stairiúil a bhí i gceapachán an Choimisinéara a rabhthas ag fanacht leis ar feadh beagnach 20 bliain.

“Don chéad uair beidh guth láidir don Ghaeilge neadaithe i gcroílár an státchórais.

“Beidh géarghá anois treoir a chur ar fáil láithreach ar roinnt de na mór-éilimh chearta teanga sin atá faoi ionsaí le fada an lá, agus fáiltíonn muid roimh an tacaíocht atá léirithe ag Pól Deeds le déanaí ar son na comharthaíochta dátheangaí ag Mórstáisiún Láir Bhéal Feirste agus polasaí nua Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, mar aon leis an tacaíocht a thug sé roimhe seo do chur chun cinn na Gaeilge in Ollscoil na Banríona, mar shampla.”

Tá Conradh na Gaeilge den tuairim i gcónaí go bhfuil lochtanna ar acht cultúir agus féiniúlachta faoina  bhfuil oifig an choimisinéara á bunú, a dúirt Mac Giolla Bhéin.

“Dúirt muid go soiléir ag an am nach bhfuil an tAcht nua seo foirfe, nach bhfuil sé ar bhealach ar bith láidir go leor, nach gcomhlíonann sé an tAcht a gealladh in 2006 de réir múnla na Breataine Bige agus go mbeidh troid le déanamh againn gach lá lenár gcearta teanga a chinntiú fríd an mheicníocht reatha.

“Seasann an teachtaireacht sin inniu, go háirithe agus an Ghaeilge faoi ionsaí leanúnach le míonna anuas. Níl san Acht úr ach tús aistir. Níl i gceapadh an Choimisinéara ach an chéad choiscéim ar an aistear sin cé gur cinnte gur coiscéim shuntasach sa treo ceart é.”

Dúirt Caoimhe Nic Cú Uladh, gníomhaí teanga leis An Dream Dearg, gur toradh a bhí i gceapachán an choimisinéara inniu ar obair “na scórtha mílte Gael a thóg raic, a chuaigh chun sráide agus sheas an fód le blianta fada anuas chun cearta teanga agus comhionannas a éileamh”.

Mhol sí chomh maith “obair cheannródaíoch” na ngníomhaithe teanga tháinig roimh an Dream Dearg.

“Níor ghéill an chumhacht aon rud ón bharr gan bhrú ón bhun. Is teistiméireacht an dul chun cinn seo inniu ar an fhealsúnacht sin.”

“Scrúdú ollmhór” a bheadh ann d’Oifig an Chéad agus an Leas-Chéad Aire agus don DUP, a dúirt Caoimhe Nic Cú Uladh.

“Beidh toradh an scrúduithe sin le sonrú go fíor-luath sa chur i bhfeidhm.”

Cé go bhfuil an scéal amuigh le fada gurb é Pól Deeds, leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, a roghnaíodh le bheith ina choimisinéir, tá moill mhór lena cheapachán.

Dúirt Pól Deeds níos túisce an mhí seo go raibh sé féin agus an té atá le ceapadh ina choimisinéir don Ultais, Lee Reynolds, iarchomhairleoir cathrach de chuid an DUP, fágtha i ngalar na gcás mar gheall ar an easpa dul chun cinn maidir lena gceapacháin.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta