Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Catherine Connolly tofa ar an gcéad chomhaireamh le bheith ina deichiú hUachtarán ar Éirinn

|

Tá Catherine Connolly tofa ar an gcéad chomhaireamh le bheith ina deichiú hUachtarán ar Éirinn agus a hainm curtha sa Táin as an bhfarasbarr a bhí aici.

D’éirigh leis an iarrthóir neamhspleách as Gaillimh, a gheall le linn a feachtais go mbeadh an Ghaeilge lárnach ina huachtaránacht, buachan go slachtmhar agus 63% de na vótaí bailí tugtha di, an sciar is mó a fuair aon iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta ó bunaíodh an oifig sin i 1938.

I nGaeilge a chuir Catherine Connolly tús lena hóráid i ndiaidh dearbhú thoradh an toghcháin. Dúirt sí nach raibh inti féin ach “siombail” de “ghluaiseacht nua” a leanfadh ar aghaidh i ndiaidh an toghcháin. Dúirt sí gur gá “poblacht nua a mhúnlú do ghnáthmhuintir na hÉireann”.

Fuair iarrthóir Fhine Gael, Heather Humphreys 29.7% de na vótaí.

Cé gur éirigh Jim Gavin, iarrthóir Fhianna Fáil, as an bhfeachtas toghcháin níos túisce sa mhí, fuair sé 7.2% den vóta, gann go maith ar an 12.5% den vóta a theastaigh ó pháirtí Fhianna Fáil le go mbeadh siad i dteideal na costais a bhain leis an bhfeachtas a fháil ar ais, meastar gur €250,000 a bheadh i gceist.

Go dtí toghchán an lae inné, ba é Éamon de Valera ba mhó a fuair sciar den vóta i dtoghchán uachtaránachta agus 56% a fuair seisean i 1959. Ní rófhada uaidh a bhí Micheál D Ó hUigínn agus é ag iarraidh a dhara téarma san Áras in 2018, nuair a tugadh 55.8% den vóta dó.

Gheall Catherine Connolly go ndéanfadh sí a dícheall “dóchas a thabhairt do dhaoine arís” agus go mbeadh sí ina hUachtarán do gach uile dhuine.

“Is éard atá foghlamtha agamsa go bhfuil daoine ag súil le dóchas uaimse. Agus tabharfaidh mé dóchas do dhaoine arís agus caithfidh mé a rá leo, is daoibhse an oifig.”

45.8% de líon na ndaoine a raibh vóta acu a chaith vóta inné ach ní fhacthas riamh roimhe seo an oiread vótaí millte agus a milleadh.

I roinnt toghlach i mBaile Átha Cliath ba mhó vótaí a bhí millte ná an líon vótaí a tugadh d’iarrthóir Fhine Gael, Heather Humphreys, ná do Jim Gavin, a roghnaigh Fianna Fáil mar iarrthóir an pháirtí.

Bhí lear mór teachtaireachtaí ar vótaí millte ag cur tacaíocht in iúl do Maria Steen, iarrthóir coimeádach ar chinn uirthi dóthain tacaíochta a fháil ó bhaill an Oireachtais le go mbeadh a hainm ar an bpáipéar vótála. Teachtaireachtaí faoi chúrsaí inimirce a scríobh daoine eile ar a bpáipéar vótála.

In 2018 a bhí an toghchán uachtaránachta deiridh againn agus an uair sin 18,438 vóta, nó 1.2% den iomlán a milleadh.

Os cionn 200,000 páipéar ballóide a milleadh inné. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “lá Catherine Connolly atá sa lá inniu” go ndéanfadh sí “uachtarán an-éifeachtach” agus go raibh sé ag súil le bheith ag comhoibriú léi. Dúirt sé gur údar imní líon ard na vótaí millte agus go bhféachadh an rialtas ar an gcóras ainmniúcháin a dhéanamh níos oscailte.

Dúirt ceannaire Aontú, Peadar Tóibín gur mhill sé féin a vóta.

“Déanfaidh mé lomchlár na fírinne leat, agus airím aisteach fiú á rá seo, mhill mise mo vóta inné,” a dúirt sé.

Dúirt Tóibín gur tharraing sé féin trí X le hais ainmneacha na n-iarrthóirí ar an bpáipéar ballóide agus gur scríobh sé ainm Maria Steen ansin ina n-áit.

“Bhraith mé an-aisteach agus é á dhéanamh agam, bhraith mé ar shlí éigin go raibh sé beagnach mícheart é a dhéanamh, ach ní raibh aon rogha in aon chor agamsa sa vótáil sin inné.

“Ní raibh aon bhealach agam chun rogha pholaitiúil a dhéanamh agus theastaigh uaim agóid a dhéanamh ina choinne sin.”

Dúirt An Coimisiún Toghcháin go gcaithfí “dianmhachnamh” a dhéanamh ar líon na vótaí millte agus na cúiseanna ar milleadh oiread vótaí.

Bhí ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, ar dhuine díobh siúd a léirigh imní faoin líon ard vótaí a milleadh d’aon turas.

“Dáiríre tá an-imní go deo orm, an ghangaid agus na teachtaireachtaí atá á scríobh ar na páipéir vótála, éigniú agus a leithéid á lua agus ar bhealach éigin ag cur an mhilleáin ar na hiarrthóirí, ag ceangal an toghcháin seo leis an ionsaí gránna ar chailín óg.

“Is feachtas eagraithe de chineál éigin atá ann,” a dúirt sí.

Ina toghcheantar féin, Gaillimh Thiar, fuair Catherine Connolly 76.8% de na vótaí céadrogha, 18.4% a bhí ag Heather Humphreys agus bhí 4.8% ag Jim Gavin. 8% de na vótaí i nGaillimh Thiar a bhí millte.

Fiú i gcroílár dhúiche Heather Humphreys cois teorann, Cabhán-Muineachán, chruthaigh Catherine Connolly go maith agus fuair sí 38.78% den vóta. 59% a fuair Heather Humphreys.

Bhí Dún na nGall ar na contaetha is mó a thacaigh le Catherine Connolly. 75% de vótaí a fuair sin ansin. 21% a fuair Heather Humphreys agus 4% a fuair Jim Gavin. 12.7% de na vótaí i nDún na nGall a bhí millte.

63% de vótaí céadrogha a fuair Catherine Connolly i gCiarraí, 29.7% a fuair Heather Humphreys agus 7.4% a thug vóta do Jim Gavin. 13.4% de na páipéir bhallóide a milleadh i gCiarraí.

I Maigh Eo fuair Catherine Connolly 65.8% de na vótaí céadrogha, 28.1% a bhí ag Heather Humphreys agus bhí 9.3% ag Jim Gavin. 12.9% de na vótaí i Maigh Eo a bhí millte.

Níl aon amhras ach go gcothóidh ollbhua Catherine Connolly fuinneamh agus faobhar sna páirtithe ar an eite chlé a thug tacaíocht di sa bhfeachtas, Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta. Ba é seo an chéad uair a raibh na páirtithe ar an eite chlé aontaithe i bhfeachtas uachtaránachta agus beidh siadsan ag súil go dtiocfadh malairt de rogha chun cinn sa bpolaitíocht anseo agus roimh an gcéad olltoghchán eile go mbeidh rogha sa lár ar chlé ag vótóirí.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur “bua don chomhionannas, don cheart is cóir, don óige agus don athaontú” a bhí i mbua Catherine Connolly. Mhaígh McDonald gur fhógair Sinn Féin “díreach ag an am ceart” go mbeidís ag tacú leis an iarrthóir neamhspleách.

Is cinnte go mbeidh scrúdú coinsiasa agus dianmhachnamh á dhéanamh ag Fianna Fáil agus Fine Gael faoin bhfeachtas agus faoin toradh tubaisteach a bhí air dóibhsean. Mar bharr ar an náire ag Fianna Fáil d’éirigh a n-iarrthóir as an bhfeachtas tobann go maith ina thús.

Beidh fothoghchán ag teastáil anois chun suíochán Dála Catherine Connolly a líonadh ina háit.

Ar na daoine atá á lua mar iarrthóirí tá Seán Kyne, iarAire Stáit Gaeltachta a bhí ina Theachta Dála ag Fine Gael sa toghcheantar ó 2011 and 2020 agus an Comhairleoir Contae le Independent Ireland, Noel Thomas, ar bheag bídeach nach bhfuair sé suíochán san olltoghchán deiridh. As Maigh Cuilinn don bheirt.

Ar an 11 Samhain, cuirfear an tUachtarán tofa faoi mhionn agus glacfaidh sí le mionn na hoifige ó Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Dónal O’Donnell.

De réir nóis, déanann an Taoiseach píosa cainte ansin sula dtugann an tUachtarán nuathofa an chéad óráid sa chúram nua.

Casann Banna Arm Uimhir 1 Amhrán na bhFiann ansin tráth a mbíonn an tUachtarán ag fágáil agus ag tabhairt aghaidh ar Áras an Uachtaráin.

Agus mionn na hoifige is airde sa tír glactha ag an Uachtarán nua, tabharfaidh sí a haghaidh ar Pháirc an Fhionnuisce agus ar a lóistín nua in Áras an Uachtaráin.

 

 

 

 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta