Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bridget Bhreathnach ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

| ,

Bhí údar ceiliúrtha ann do Tuairisc ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhí ar siúl i mBéal Feirste anocht agus gradam tugtha léi ag Bridget Bhreathnach.

Roghnaíodh Bhreathnach mar ‘Cholúnaí na Bliana’ ag an ócáid bhronnta agus aitheantas tugtha dá cuid scríbhneoireachta le Tuairisc.

Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta, a bhíonn á chur i láthair ag colúnaí eile de chuid Tuairisc, Fachtna Ó Drisceoil, a thug an chreach leis as rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’.

15 duais ar fad a bronnadh ag an ócáid a reáchtáladh i Halla na Cathrach.

Is ar an gCiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann a bronnadh Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais 2025 agus bronnadh gradam speisialta ar an stáisiún Raidió Fáilte, atá ag craoladh ó Bhéal Feirste le 40 bliain anuas.

Cuan Ó Seireadáin, iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a thug an duais ‘Iriseoir na bliana’ leis.

An craoltóir Liam Mac Amhlaigh, a chuireann Tuairisc i láthair ar Raidió na Life, a bhuaigh an gradam do ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’.

Thug Dónall Mac Ruairí, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, leis an duais do ‘Phearsa Raidió na Bliana’ agus bhuaigh Síomha Ní Ruairc, láithreoir de chuid TG4, an gradam sa rannóg ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’.

An scannán Aontas, a léirigh Púca Pictures, a bhuaigh an gradam do ‘Scannán na Bliana’ agus Níl Aon Tinteán, clár faisnéise a léirigh Clean Slate Productions do TG4, a bhuaigh Clár Teilifíse na Bliana.

Crá, sraith a léirigh Fíbín do TG4 agus don BBC, a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’.

Scoil Choille, a léirigh Corcra Media do TG4, a thug leis an gradam sa rannóg ‘Sraith Teilifíse do Dhaoine Óga’.

Bhuaigh An Áit a nÓlann an tUan an Bainne, a craoladh ar Raidió Pobail Chonamara, an duais sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail’.

Is ag Ruaille Buaille le Colm Ferriter ar Highland Radio a bhí an bua sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála’.

Ar Katelyn Hayes, craoltóir le Nuacht Cúla4, a, a bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana, gradam ar vótáil an pobal dó.

Tugadh os comhair an tslua freisin Daithí Mac Gabhann, Gael óg as Béal Feirste a bhfuil dlí faoin deonú orgán ainmnithe ina dhiaidh. Bhuaigh Daithí agus a chlann an gradam d’Fheachtas Meán Sóisialta na Bliana in 2020 don fheachtas #IsDeontóirMé. Is go fíorúil a reáchtáladh ocáid bhronnta 2020 de bharr na paindéime.

Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025.

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
Scoil Choille – Corcra Media

COLÚNAÍ NA BLIANA
Bridget Bhreathnach – Tuairisc

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Tús Áite – RTÉ Raidió na Gaeltachta

CLÁR TEILIFÍSE 
Níl Aon Tinteán – Clean Slate Productions

IRISEOIR NA BLIANA
Cuan Ó Seireadáin – RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Dónall Mac Ruairí – RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Síomha Ní Ruairc – TG4

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL 
An Áit a nÓlann an tUan an Bainn – Raidió Pobail Chonamara

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA 
Ruaille Buaille – Highland Radio

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Crá – Fíbín

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Liam Mac Amhlaigh – Raidió na Life

SCANNÁN NA BLIANA 
Aontas – Púca Pictures

RÉALTA ÓG NA BLIANA 
Katelyn Hayes – Nuacht Cúla4

GRADAM SPEISIALTA

Raidió Fáilte

BUAICGHRADAM

An Ciste Craoltóireachta Gaeilge – Scáileán Thuaisceart Éireann

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta