Níor chaith Roinn na Gaeltachta €10.054 milliún a cuireadh ar leataobh dóibh anuraidh le caitheamh ar scéimeanna Gaeltachta agus Gaeilge.
B’ionann sin agus thart ar 10% den airgead a cuireadh ar fáil sna meastacháin don Roinn in 2024.
Deirtear i dtuarascáil nua de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur ‘shábháil’ Roinn na Gaeltachta €3.864 milliún den €13.849 milliún a cuireadh ar leataobh do scéimeanna Gaeltachta sna meastacháin.
Deirtear gurb í an chúis ba mhó nár caitheadh an t-airgead seo ná “moilleanna a bhí ar mhórthionscadail chaipitil chomh maith le laghdú ar an líon iarratas a fuarthas”.
Chomh maith leis sin níor caitheadh €3.842 milliún den €14.2 milliún a cuireadh ar leataobh sna meastacháin anuraidh do scéimeanna tacaíochta Gaeilge, scéimeanna do thograí lasmuigh den Ghaeltacht.
Deirtear gur tharla an “coigilteas” de bharr “moilleanna i ndul chun cinn roinnt mórthionscadal”.
Tugadh cead do Roinn na Gaeltachta €2.2 milliún den mhaoiniú sin a thabhairt ar aghaidh chuig 2025.
Ní bhfuair Foras na Gaeilge cuid den mhaoiniú a bhí curtha ar leataobh dóibh in 2024. Ní bhfuair an Foras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – €1.54 milliún den €19.078 milliún a bhí sna meastacháin ag Roinn na Gaeltachta dóibh.
Tharla seo, a deirtear, toisc nárbh fhéidir an maoiniú a fhaomhadh gan maoiniú a bheith ar fáil chomh maith don eagraíocht trasteorann ón Roinn Pobal sa Tuaisceart.
Cé gur fhill Stormont in 2024 lean cuid den aighneas polaitiúil ba chúis lena thitim ar aghaidh.
De réir thuarascáil an Ard-Reachtaire níor chaith an Roinn níos mó ná leath den €1.5 milliún a cuireadh ar leataobh dóibh do “tionscnaimh seirbhíse poiblí”. Bhain an maoiniú cuid mhaith le hiarrachtaí an stáit cur le líon na gcainteoirí Gaeilge a mbítear á n-earcú chuig an státchóras.
Níor caitheadh €808,000 den €1.5 milliún mar gheall ar mhoill ar thaighde a bhí beartaithe de bharr fadhbanna le baill foirne a earcú agus mar gheall ar mhoill le mórfheachtas feasachta poiblí.
Deirtear i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go mbeadh an feachtas feasachta ag tarlú in 2025 ach níl sé tarlaithe fós.
Chaith Roinn na Gaeltachta níos mó airgid in 2024 ar an bpróiseas pleanála teanga ná mar a bhí ceaptha dóibh sna meastacháin. €7.55 milliún seachas €6.55 milliún a caitheadh sa réimse seo “ar mhaithe le roinnt tionscadal straitéiseach a bhaineann le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a éascú”.
€100.25 milliún a cuireadh ar leataobh sna meastacháin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2024 ach níor chaith Roinn na Gaeltachta ach €91.913 milliún.