Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Beimid ar fad a thugann grá do theanga na nGael faoi chomaoin ag Manchán Magan go deo’ – Micheál D Ó hUigínn

| ,

Ba mhór an chúis bhróin dom féin agus dá lán eile cloisteáil faoi bhás Mhancháin Magan, scríbhneoir, craoltóir agus léiritheoir cláracha faisnéise nach raibh a shárú le fáil.

Níl amhras ar bith orm ach gur duine ar leith a bhí i Manchán. Is deacair a shamhlú go bhféadfadh aon duine eile an méid céanna a bhaint amach ar bhealach chomh leathan agus chomh tarraingteach, le háilleacht, doimhneacht agus beocht na Gaeilge a thabhairt chuig oiread daoine in Éirinn agus níos faide i gcéin.

B’inspioráideach go cinnte an saol a chaith sé agus é ag cabhrú leis an iliomad duine brí níos doimhne a aimsiú ina mbeatha féin.

Trína shaothar, spreag Manchán an oiread sin daoine ó gach glúin le dul i ngleic ar shlí níos doimhne lenár dteanga dhúchais, lena saibhreas cultúrtha, agus tríd sin, tuiscint agus meas a fháil ar ár dtírdhreach nádúrtha agus ár dtimpeallacht agus foghlaim uathu.

Ba dhual dó a bheith bródúil as a ndearna a shinsear roimhe fad is a bhain sé le stair agus le cultúr na tíre seo, a shin-seanuncail The O’Rahilly agus a sheanmháthair Sheila Humphreys san áireamh.

Ach ní raibh fís agus tuiscint Mhancháin teoranta d’Éirinn ná don Ghaeilge ach oscailte do na ceangail sin a bhaineann leis an mbeatha agus leis an mbeocht i gcultúir agus i bpobail dhúchasacha ar fud an domhain.

Níl aon amhras orm ach go leanfaidh a thionchar ar aghaidh ina measc siúd ar fad ar bhuail sé leo i ngach cearn den domhan.

Bhí sé de phribhléid agam féin bualadh le Manchán den chéad uair 30 bliain ó shin, agus bhí mé gafa leis féin agus lena dheartháir Ruán go rialta ina dhiaidh sin in imeacht na mblianta.

Ba mhór an onóir dom fáilte a chur roimhe go hÁras an Uachtaráin chuig dhá ócáid ar leith i bhfómhar agus i ngeimhreadh na bliana anuraidh. Léigh sé dán iontach a chum sé mar chuid d’Oíche Chultúir agus thaifead muid podchraoladh níos deireanaí sa bhliain faoi theanga agus cultúir na hÉireann don tsraith The Trailblazery.

Ba mhór an pléisiúr agus an t-aoibhneas a bheith ina chomhluadar agus an spéis gan teorainn a bhí aige i ngach ní. Ba mhór agam an tsuim a chuir sé i m’uachtaránacht agus an tacaíocht a thug sé dom i gcónaí. Mairfidh na comhfhiontair ar fad a rinne muid le chéile i m’intinn chomh maith leis na comhráite fíorshásúla a bhí againn ar réimse leathan ábhar.

Scríobh mé chuig Manchán le gairid agus thapaigh mé an deis mar Uachtarán na hÉireann aitheantas a thabhairt don mhéid a rinne sé do theanga agus do chultúr na hÉireann agus é ag roinnt ár n-oidhreacht choitianta leis an oiread sin daoine nach féidir a shamhlú.

Beimid ar fad a thugann grá do theanga na nGael faoi chomaoin an-mhór aige go deo.

Braithfimid uainn go mór é.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dá bhean chéile Aisling, bean a bhfuil oiread maitheasa déanta aici féin do phobail éagsúla, dá mháthair Cróine, dá dheartháir Ruán agus do bhaill eile na clainne agus don teaghlach i gcoitinne, chomh maith lena chairde ar fad, a lucht tacaíochta agus iadsan a chomhoibrigh leis i gcuid mhór áiteanna ar fud na cruinne.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta