Tá Sinn Féin ag iarraidh go gcaithfí beagnach €74 milliún breise ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mBuiséad 2025.
Agus an Buiséad le fógairt ag an rialtas Dé Máirt seo chugainn, d’fhoilsigh an páirtí is mó sa bhfreasúra a bhuiséad malartach inné agus ardú mór molta sa gcaiteachas ar earnáil na teanga.
Dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas, deirtear go gcaithfí €56.1 milliún breise i gcaiteachas reatha agus €17.5 milliún breise ar thograí caipitil ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.
Deirtear go gcuirfí €29 milliún den airgead breise i gciste Roinn na Gaeltachta. Rachadh €11.1 milliún de sin chuig Údarás na Gaeltachta chun tacú le cúrsaí tithíochta
Thabharfaí €5 milliún breise d’Fhoras na Gaeilge, eagraíocht a bhfuil easpa maoinithe ag cur as di le fada, agus chuirfeadh Sinn Féin €4.3 milliún ar fáil chun Ciste Caipitil a bhunú d’ionaid Ghaeilge ar fud na tíre.
Chuirfí €2 milliún ar fáil chun Scéim Labhairt na Gaeilge a athbhunú agus bheadh airgead breise ann freisin d’earnáil na gcoláistí samhraidh agus don phleanáil teanga.
Deir Sinn Féin go gcuirfeadh siad beagnach €26 milliún i dtreo an Ghaeloideachais chomh maith chun cur le líon na bpáistí agus na ndaoine óga a fhaigheann oideachas trí mheán na Gaeilge.
Tá filleadh na liúntas do mhúinteoirí Gaeilge agus Gaeltachta, ranganna saor in aisce do dhaoine fásta agus ciste spreagtha chun naíonraí nua a bhunú i measc na dtograí atá luaite.
Tá €18.6 milliún breise do na meáin Ghaeilge mar chuid de phlean Shinn Féin chomh maith. Bheadh “ardú suntasach” ar an maoiniú do TG4 san áireamh ansin chomh maith le hairgead chun stáisiún raidió lán-Ghaeilge do dhaoine óga a bhunú.
Agus é ag déanamh cur síos ar bhuiséad malartach Shinn Féin, dúirt urlabhraí Gaeilge an pháirtí, Aengus Ó Snodaigh, gur theastaigh “cur chuige tras-Rialtas” chun dul i ngleic le géarchéim na teanga.
Thagair Ó Snodaigh don mhórshiúl ar son na Gaeilge a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite agus é ráite aige gur cheart éisteacht leis na héilimh atá ag pobal na teanga.
Luaigh sé scéal a tuairiscíodh ar an suíomh seo go raibh breis is €10 milliún fágtha gan caitheamh ag Roinn na Gaeltachta in 2024.
Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go gcuirfí €55 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht chun na spriocanna atá i bPlean Fáis na heagraíochta a chur i bhfeidhm agus deir Pobal Seachas Brabús ina bhuiséad malartach go gcuirfeadh siad an t-airgead sin ar fáil.
€43 milliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá geallta ag Páirtí an Lucht Oibre agus €35 milliún atá ag na Daonlathaithe Sóisialta ina mbuiséad malartach.
Tá pacáiste €2.5 billiún chun dul i ngleic leis an gcostas maireachtála i measc na mbeartas eile atá luaite i mbuiséad malartach Shinn Féin. Tá creidmheas fuinnimh luach €450 san áireamh ansin chomh maith le hairgead breise do chúram leanaí agus laghduithe ar an Muirear Sóisialta Uilíoch.