Thosaigh an Taoiseach Micheál Martin agus urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty ag sárú ar a chéile sa Dáil tráthnóna faoin soláthar do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mBuiséad 2026.
Nuair a cháin Doherty cur chuige an rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Bhuiséad, chuir an Taoiseach ina leith nach raibh an “buiséad léite in aon chor” aige. Thagair an Taoiseach don ardú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa bhuiséad a fógraíodh tráthnóna.
Dúirt Doherty, Teachta Dála as Gaeltacht Dhún na nGall, nach bhfuil “meas madra” ag an rialtas ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Dúirt sé go go raibh “an tAire Gaeltachta is measa a bhí againn riamh” curtha chun cinn ag an rialtas i gcomhair ról an Uachtaráin [Heather Humphreys].
“Shíl muid go mb’fhéidir go mbeadh athrú intinne nuair a tháinig aire ó Fhianna Fáil chun tosaigh [Dara Calleary] ach chíonn muid anseo sa Cháinaisnéis anseo go bhfuil an Ghaeltacht arís fágtha ar leataobh,” a dúirt Doherty.
Fógraíodh ardú 23% ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026 agus ardú 9% a fógraíodh ar chiste TG4.
Thagair Pearse Doherty don léirsiú ‘Cearta’ a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath trí seachtaine ó shin agus chuir sé i leith an rialtais go raibh dochar á dhéanamh acu don Ghaeltacht.
“An raibh tú ar na sráideanna nuair a tháinig na mílte daoine ó 130 eagraíocht Ghaeltachta amach ag rá go raibh €55 milliún sa bhreis de dhíth orthu ó thaobh na Gaeltachta, tá sibh ag déanamh neamhaird agus damáiste don Ghaeltacht arís agus arís eile agus sin fírinne an scéil?” a dúirt Doherty le Micheál Martin.
Dúirt urlabhraí caiteachais phoiblí Shinn Féin, Máiréad Farrell go raibh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht “fágtha in áit na leathphingine arís” ag an rialtas i mBuiséad an lae inniu.
Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar sa Dáil gur “cur i gcéill” atá sa €25 milliún atá fógartha ag an Rialtas do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus go dteastaíonn na milliúin eile le dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta agus theanga sa Ghaeltacht.
“Tá an Ghaeltacht fágtha arís eile in áit na leithphingine agaibhse. Tá géarchéim sa Ghaeltacht, easpa tithíochta, agus buninfreastruchtúr atá i ndroch-chaoi, níl áit le ceannach, le tógáil, ná le fáil ar cíos sa Ghaeltacht agus tá ar ár ndaoine óga an Ghaeltacht a fhágáil mar nach bhfuil áit le cónaí acu.
“Is daoine muiníneacha iad seo atá ag iarraidh saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus atá ag iarraidh a dteaghlaigh a thógáil sa chaoi chéanna. Ach níl aon rud ag athrú i dtéarmaí tithíochta mar nach bhfuil an toil ann. Níl na dréacht-treoirlínte pleanála Gaeltachta foilsithe fiú. Tá siad geallta roinnt uaireanta le blianta anuas, níl siad foilsithe. Caithfear iad sin a fhoilsiú agus caithfear iad sin a phlé ansin,” a dúirt Farrell ina hóráid sa Dáil.
Cháin sí freisin an “cur i gcéill”, dar léi, a bhí ag baint le fógra an rialtais go bhfuil €36 milliún do “bhuiséad na Gaeltachta [agus na n-oileán]”. Dúirt Farrell nach bhfuil mórán airgid ann ar chor ar bith do “bheartais nua” agus gur do thograí caipitil a bhí “geallta cheana féin” a bhí formhór an airgid a fógraíodh tráthnóna.
“Tá sibh ag maíomh as €36 milliún sa bhreis do bhuiséad na Gaeltachta, ach nuair a dhéantar tochailt níl ann ach €11 sa bhreis do bheartais nua – i bhfad níos lú ná mar atá ag teastáil don phlean fáis don teanga. Is cosúil gur cur i gcéill atá sna milliúin eile, go bhfuil sibh ag déanamh athrá ar thograí caipitil a bhí geallta cheana féin,” a dúirt sí.
Cháin Farrell an t-airgead “suarach” a cuireadh ar leataobh d’Údarás na Gaeltachta agus dúirt gur theastaigh i bhfad níos mó ón ngníomhaireacht le dul i ngleic le cúrsaí tithíochta agus fadhbanna infreastruchtúir sa Ghaeltacht.
“Níl ach €2.5 milliún suarach ag dul d’Údarás na Gaeltachta. Teastaíonn infheistíocht €11m in Údarás na Gaeltachta chun dul i ngleic le cúrsaí tithíochta agus an fhadhb infreastruchtúir, chomh maith le forbairt an phobail teanga.
“Tá an fhadhb infreastruchtúir chomh mór sin nach bhfuil suíomhanna leis na seirbhísí cuí ar fáil chun tithe a thógáil. Tá bóithre ag titim as a chéile de bharr creimthe, cáblaí fós ar an talamh tar éis na Stoirme Éowyn agus droichid atá dainséarach mar gheall ar an easpa infheistíochta,” a dúirt sí.
Ní hiad cúrsaí tithíochta agus infreastruchtúir amháin a bhí ag déanamh imní do Farrell ach “cúnamh eile” don Ghaeltacht freisin. Dúirt sí gur chóir don rialtas Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais agus “an t-airgead atá i dteideal do mhná tí a thabhairt dóibh.”
“Teastaíonn tithíocht, buninfreastruchtúr, agus postanna maithe sa Ghaeltacht. Is é sin atá ag teastáil chun an Ghaeltacht a fhás agus a choinneáil bríomhar,” a dúirt sí.