Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘An mbeifeá compordach ag labhairt Gaeilge ar an dtraein?’

|

Tá suirbhé á dhéanamh ag Iarnród Éireann ar chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag úsáid seirbhísí traenach an chomhlachta. Tá an suirbhé ‘Gaeilge ar an Traein’ á reáchtáil ar líne ag an gcomhlacht iompar poiblí le tuairimí an phobail faoi “thábhacht” na Gaeilge ar na traenacha a mheas.

Tá ceisteanna sa suirbhé faoi na mothúcháin a bhíonn ag paisinéirí na dtraenacha ar chloisteáil na Gaeilge ar na seirbhísí iarnróid dóibh, faoi cé chomh compordach is a bhíonn cainteoirí Gaeilge agus iad ag labhairt na teanga lena “gcairde agus a muintir” agus le “strainséirí”.

Fiosraítear sa suirbhé na cúiseanna a mbeadh “bac” ar dhuine an Ghaeilge a labhairt “níos minice” ar an traein agus iarrtar ar lucht a fhreagartha úsáid na Gaeilge ar thraenacha a chur i gcomparáid le húsáid na teanga ar sheirbhísí eile iompar poiblí in Éirinn.

Tá ceisteanna ann faoin bhFáinne, an suaitheantas beag órga lena léirítear gur cainteoir Gaeilge é an té atá á chaitheamh, agus an fonn a bheadh ar phaisinéir an Ghaeilge a labhairt le ball foirne a chaithfeadh a leithéid.

Iarrtar ar an bpobal freisin a dtuairimí a thabhairt faoi na bealaí a bhféadfaí cabhrú le daoine “a bheith ní ba dhóichí Gaeilge a labhairt ar thraenacha” agus faoi na “hathruithe nó tacaíochtaí” a chabhródh leo an teanga a úsáid níos mó ar na seirbhísí.

Ní hé seo an chéad suirbhé atá déanta ag Iarnród Éireann ar a gcuid paisinéirí le tamall anuas. Bheartaigh an comhlacht iompar poiblí an bosca a bhaineann le hinscne an phaisinéara a bhaint den fhoirm a líonann duine atá ag ceannach ticéad ar líne tar éis suirbhé a dhéanamh ar an bpobal LADT. Roimhe seo, chaitheadh duine an teideal Béarla ‘Mr, Mrs, nó Ms’ a roghnú agus iad ag ceannach ticéad traenach. Ba iad na roghanna a thugtaí do chainteoirí Gaeilge ná ‘an tUasal, an tUasal, nó Iníon’.

Tá Iarnród Éireann á fhiosrú ag Oifig an Choimisinéara Teanga faoi láthair mar gheall ar ghearán a rinne paisinéir faoi thicéid aonteangacha traenach a bheith á n-eisiúint acu trí chóras nua ticéad a tugadh isteach an bhliain seo caite.

I mí Eanáir 2024 a sheol Iarnród Éireann an córas nua trínar féidir ticéad a cheannach ar líne agus a íoslódáil ar fhón póca nó táibléad. Is féidir an ticéad digiteach a thaispeáint ar scáileán an fhóin d’oibrithe na seirbhísí traenach mar a bheadh ticéad páipéir ann.

Tá rogha ag an bpaisinéir an ticéad a cheannach trí Ghaeilge nó trí Bhéarla agus eisítear an ticéad sa teanga a úsáidtear lena cheannach. Fágann sé sin gur ticéad atá go huile is go hiomlán i nGaeilge nó ticéad atá go huile is go hiomlán i mBéarla a eisítear – sárú ar an Acht Iompair 1950.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta