Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An Ghaeilge i measc na dteangacha is lú a lorgaítear ó sheirbhísí ateangaireachta na gcúirteanna

|

 

 

 

 

Maitiú Ó Coimín

Is léir ó na figiúirí is deireanaí ón tSeirbhís Cúirteanna go bhfuil an Ghaeilge i measc na dteangacha is lú a lorgaítear ateangairí lena n-aghaidh i gcúirteanna na tíre, tráth a bhfuil méadú mór ag teacht ar chostas na seirbhísí ateangaireachta don Stát.

Chosain na seirbhísí ateangaireachta os cionn €2,992,000 in 2024 – breis agus dhá oiread an bhille €1,260,000 a bhí ann deich mbliana roimhe sin in 2014. De réir na bhfigiúirí a chuir an tSeirbhís Cúirteanna ar fáil do Tuairisc, rinneadh 13,181 iarratas ar ateangairí sna cúirteanna in 2024.  Caitheadh níos lú ná €1.1m ar an meán ar sheirbhísí ateangaireachta idir 2014 agus 2018.

Is iad seo a leanas na deich dteanga is mó a éilíodh:

   
An Rómáinis   
   
2,352   
   
An Pholainnis   
   
2,248
   
   
   
An Rúisis   
   
1,182   
   
An Phortaingéilis   
   
1,145   
   
An Liotuáinis    
   
1,071   
   
An Araibis   
   
915   
   
An Úcráinis   
   
541   
   
An tSeoirsis   
   
406   
   
An Spáinnis   
   
330   
   
An Mhandairínis    
   
268   

 

Cuireadh liosta den 63 theanga eile a lorgaíodh ar fáil chomh maith ach dúirt an tSeirbhís Cúirteanna nach raibh figiúirí ar fáil do líon na n-iarratas a rinneadh ar na teangacha sin. Bhí an Ghaeilge agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann i measc na dteangacha sin nach bhfuil figiúr luaite leo.

Ba sa tríochadú áit a bhí Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus ba sa tríú háit is tríocha a bhí an Ghaeilge ar an liosta, ach ó tharla nach luaitear aon fhigiúr le haon teanga ar an liosta, ní féidir a rá cén áit go díreach ar an liosta atá an dá theanga sin. Ní raibh an tSeirbhís Cúirteanna sásta a dheimhniú do Tuairisc cén áit go díreach ar an liosta a bhí an Ghaeilge.

Ní fhostaíonn an tSeirbhís Cúirteanna ateangairí dá cuid féin. Is trí chonarthaí a chuirtear na seirbhísí ateangaireachta ar fáil. Bronnadh an conradh reatha ar an gcuibhreannas Interpreting Services Ireland in 2023. Is iad na comhlachtaí Translation.ie agus Schedule Intelligence atá sa chuibhreannas.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid na Seirbhíse do Tuairisc, áfach, nach gcuireann Interpreting Services Ireland ateangaireacht don Ghaeilge ná do Theanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil.

“Maidir leis an nGaeilge nó Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus líon na n-uaireanta a úsáidtear iad, is faoi na hoifigí cúirte féin a gcuid ateangairí féin a aimsiú do na teangacha seo, agus níl bealach againn leis na teangacha seo a aithint astu féin agus staitistic a chur ar fáil lena n-aghaidh,” a dúirt an t-urlabhraí.

Tá athrú tagtha ar an gcaoi a gcuireann an tSeirbhís Cúirteanna na staitisticí ar fáil. Bhíothas in ann a rá sa bhliain 2022 go ndearnadh ceithre iarratas ar ateangaireacht don Ghaeilge, agus go raibh 11 iarratas ann dhá bhliain roimhe sin in 2020. Dúirt an tSeirbhís Cúirteanna nach rabhthas in ann figiúirí mar sin a chur ar fáil i mbliana.

Faoi Alt 8 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla tá sé ‘de cheart ag duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon chúirt nó in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt’.

De réir na reachtaíochta céanna, tá dualgas ar gach cúirt a chinntiú gur féidir le haon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus ní mór a chinntiú chomh nach bhfágfar an duine sin ‘faoi mhíbhuntáiste’ mar gheall ar an rogha a dhéanann sé. D’fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste féadfaidh an chúirt pé socrú is gá a dhéanamh chun seirbhís ateangaireachta a chur ar fáil.

Níl ceart ar Bhreitheamh le Gaeilge ach amháin sa Ghaeltacht.

Níos luaithe i mbliana dúirt Susan Folan, ateangaire cúirte a bhí ag plé le cás an bhanna ceoil Kneecap i Sasana, go raibh “míthuiscint” ann faoi úsáid na hateangaireachta Gaeilge.

“Tá súil agam anois go bhfuil an meon sin athraithe beagáinín ach cloiseann tú daoine, fiú amháin anois, ag rá ‘Ateangaireacht le Gaeilge? Nach bhfuil Béarla ag chuile dhuine?’, ach sin míthuiscint an-bhunúsach ar an gceird agus ar an dátheangachas,” a dúirt Folan.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta