Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Lúnasa 2025
For Those I Love – Carving The Stone (September)
Is beag duine againn, déarfainn, a raibh iontas orainn gur léirigh pobalbhreith a rinneadh le déanaí thar ceann Chomhairle Náisiúnta na nÓg in Éirinn go bhfuil triúr as gach cúigear faoi bhun 25 bliain d’aois ag smaoineamh ar dhul ar imirce chun saol níos fearr a lorg thar lear mar gheall ar an ngéarchéim leanúnach maidir le costas maireachtála.
Díríonn an dara halbam seo de chuid For Those I love (David Balfe) ar an scrios atá déanta ag an gcaipitleachas ar phobail lucht oibre in Éirinn, agus i mBaile Átha Cliath go háirithe.
“Bas cultúrtha” chathair Bhaile Átha Cliath, i bhfocail Balfe féin. Tachtadh cathrach agus tachtadh glúine – an bhuairt is an t-anó a bhaineann le bheith faoi chomaoin ag tiarnaí talún de shíor, ag sclábhaíocht ó dhubh go dubh ar phá suarach, bheith i bhfiacha i gcónaí fiú agus an dá jab agat.
Ní hé Carving The Stone an t-albam is fusa éisteacht leis ó thús go deireadh ach uaireanta nach í an ealaín is fearr is mó a chuireann ar ár míshuaimhneas sinn?
Torby – Pork Stew (Ceapairí Teo)
An dara halbam, nó mixtape más fearr leat, ón Torby tallannach scannalach.
Is giorra d’fhuaim ‘thraidisiúnta’ hip hap na 90idí atá stíl Torby, domsa, ná rapálaí ar bith eile atá ag clabaireacht inár dteanga dhúchais faoi láthair. An cor cliste sa scéal ná an tslí a n-iompaíonn persona aerach achrannach Torby na trópanna homofóbacha a bhain leis an gangster rap bunaidh bunoscionn.
Bronnann an rud go bhfuil nótaí an olldoird lárnach i roinnt mhaith de rianta Pork Stew leanúnachas ó thaobh fuaime nach raibh le sonrú ar a chéad albam Chicken Sambos (2023), ach ní sin le rá nach bhfuil éagsúlacht le clos ó thaobh luasanna, rithimí agus téamaí na n-amhrán de.
Tugann ‘Dioscó’ faoi fhuaim G-funk Dr Dre, ar ‘Eachtrannach’ scaoileann Torby le rannta ar luas dúbailte thar phort crunk lán dorda, agus díríonn traiceanna mar ‘Schemin’, ‘Pork Stew’ agus ‘Capaillín Rása’ ar na cineál buillí socra daingne a shamhlaímid le ceol léiritheoirí leithéidí Large Professor, DJ Premier agus Ase One.
Chuirfeadh Muimhnigh mo leithéidse nach n-éiríonn linn breith ar bhrí gach gné de lingo sráide na nUltach fáilte roimh bhileog liricí (mar atá foilsithe ag Súil Amháin ar a leathanach Bandcamp, abair).
Tá lucht éisteachta i bhfad níos mó tuillte ag an tarbh garbh seo de liriceoir ná mar atá aimsithe go fóill aige.
Albam Atheisithe na Míosa
The Sabres of Paradise – Sabresonic (Warp)
Sabresonic (Remastered) by The Sabres Of Paradise
Ba iad Andrew Weatherall, Jagz Kooner agus Gary Burns na Sabres of Paradise agus seo leagan athmháistrithe dá gcéad fhadcheirnín Sabresonic, a eisíodh in 1993 an chéad uair.
Cumasc diamhair den teicneo agus den dubcheol atá romhat ar bangers mar ‘Smokebelch 1’, ‘Iner-Lergen-Tenko’. Domhain iontu féin is ea poirt fhada mhalla mar ‘Clock Factory’ agus ‘Ano Elactro (Andante)’ – fuaim mhór mhonacrómach dhrámata (agus rud beag scanrúil) nach scaoileann leat go dtí go bhfuil an macalla deireanach den bhuille deiridh cloiste.
Mar iarracht ar athmheascadh a dhéanamh ar an amhrán ‘Don’t Fight It Feel’ de chuid Primal Scream a saolaíodh céad phort an albaim, ‘Still Fighting’. Tugann ‘R.S.D. ómós do King Tubby (duine d’údair Iamácacha na stíle dub), agus cuireann an ‘Smokebelch II (Beatless Mix)’ aoibhinn binn clabhsúr le cúrsaí.
Aistear ceart d’albam.
Badknees – TRES (Féineisithe)
N’fheadar mórán mar gheall ar an léiritheoir/dioscmharcach seo as Cathair Mheicsiceo ach táim meallta ag na rianta hip hap úirlise réchúiseacha atá le clos ar an albam seo a d’aimsigh mé ar Bandcamp de sheans.
Más aoibhinn leat na rudaí simplí uaireanta, tá pléisiúr le haimsiú sa cheol bog seo tógtha le samplaí de cheol Meicsiceach – idir daoncheol agus snagcheol, mheasfá – agus buillí géagscaoilte buailte ar an MPC. Shamhlófá saghas ceo brothaill ag éirí as na callairí, nach mór, agus é ar an gcaschlár.
Ceann a mholaim go háirithe má bhíonn tú ag éisteacht le ceol leithéidí Dr Who Dat?, Letherette nó Onra.
Cnuasach na Míosa
Ceoltóirí Éagsúla – 10 Years of Sonic Explorations (Les Disques Bongo Joe)
2015-2025 : Les Disques Bongo Joe – 10 Years of Sonic Explorations by Various Artists
Cad é seo, go díreach?
Bailiúchán d’fhunc-cheol na cruinne ina iliomad cruth curtha le chéile ag muintir Les Disques Bongo Joe na hEilvéise dúinn mar cheiliúradh ar an lipéad a bheith 10 mbliana ar an bhfód.
Tá cáil ar an lipéad as ceol eachtrúil idir shean agus nua a sholáthar ar bhonn rialta. Seo bailiúchán ollmhór rianta (23 rian ar fad) roghnaithe ón mbreis agus 110 ceirnín a eisíodh ar an lipéad go dtí seo.
Bí ag súil le fuaimeanna spéisiúla ó thíortha mar an Mhaláiv, an Spáinn, La Réunion, an Tuirc, an Ísiltír, São Tomé agus Príncipe, an Ailgéir, an Liobáin, Meicsiceo, an Indinéis, Maracó agus, ar ndóigh, an Eilvéis féin!
An bhfuil aon mhaith ann?
Moladh ann féin, is dócha, is ea an rud go bhfuil roinnt mhaith de na rianta seo roghnaithe agam do sheinnliosta ‘Rianta na Míosa’ NÓS síos tríd na blianta – func Turcach ‘Goca Dunya’ de chuid Altin Gün, abair, leictrea-cumbia scrofa ‘Puya Del Empreario’ le Meridian Brothers na Colóime, an ‘Nem Kaldi’ caointeach de chuid Derya Yildirim agus Grup Simsek agus léamh sícidéálach Nusantara Beat na hIndinéise ar cheol traidisiúnta a dtír dhúchais (‘Djangar’).
I measc na bhfuaimeanna eile a mheall mo chluas anseo tá ceol rai comhaimseartha Sami Galbi (‘Dakchi Hani’), dioscó Ailgéarach ón mbliain 1985 i bhfoirm ‘Zine Ezzinet’ de chuid Nordine Stalfi (nuair a chanann sé ‘huh-hó’ ag deireadh gach véarsa mheasfá gur fear as Corca Dhuibhne atá ann a bhfuil a mhac tar éis báire a scóráil i gcluiche caide!).
Tá ‘Les Gens’ de chuid Cyril Cyril an-stíliúil, tá ‘Ivory’ leis an ngrúpa Afra-Dub Ísiltíreach blasta, agus meascann Chouk Bwa & The Angstromers ceol voodoo Háítí agus fuaimeanna grágacha teicneo le chéile ar ‘Amounay’.
Manglam ceoil is ea ‘Azmazate’ de chuid Yalla Miku na hÉilvéise ina bhfuil eilimintí den cheol Maracach, den cheol Eiritréach agus den cheol post-punk le clos ina gcóimhéid.
Laigí: Ní bhogann ‘Breath’ de chuid Orchestra Tout Puissan Marcel Duchamp puinn mé. Ní maith liom a bheith ag gearán ach b’fhéidir go bhfuil ‘Me Veo Volar’ de chuid Coco Maria rud beag éadrom agus leamh don chomhluadar seo.
An breithiúnas? An-obair go deo – go maire Les Disques Bongo Joe an céad!
The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Lúnasa 2025 appeared first on NÓS.