Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Agóid á heagrú in aghaidh na comharthaíochta dátheangaí ag spórtlann

|

Tá agóid á heagrú ag grúpa anaithnid in aghaidh na comharthaíochta dátheangaí atá crochta ag spórtlann an Olympia i mBéal Feirste. Tá póstaer á scaipeadh ar na meáin shóisialta, nach luaitear aon ainm ná grúpa ar leith leis, ina bhfuil agóid á gairm Dé hAoine beag seo os comhar an ionaid.

Cheadaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an chomharthaíocht dhátheangach ag an spórtlann anuraidh, cúig bliana ó moladh go gcrochfaí an chomharthaíocht ar dtús. Cur i gcoinne ó chomhairleoirí Aontachtacha ba chúis leis an moill roimhe sin. Mhaígh na comhairleoirí nár chóir go bhfeicfí an Ghaeilge scríofa in aice le ceantair ina bhfuil pobail Aontachtacha.

Fuarthas i bpróiseas comhairliúcháin poiblí a reáchtáladh gur thacaigh 79% de mhuintir na háite leis an gcomharthaíocht dhátheangach san ionad fóillíochta. Bhí 16% ag iarraidh comharthaíocht i mBéarla amháin, agus theastaigh ó 3% go mbeadh an Béarla, an Ghaeilge, agus an Ultais le feiceáil taobh le chéile.

Dúirt Conradh an Gaeilge ag an am gur léirigh torthaí an phróisis comhairliúcháin gur ag dul i méad a bhí an tacaíocht ó thuaidh do chomharthaíocht dá leithéid agus go raibh na hargóintí a bhí ag an DUP in aghaidh na comharthaíochta “caite i dtraipisí”.

Tá an agóid á heagrú tráth a bhfuil ceist na comharthaíochta dátheangaí ar chomharthaí sráide ina cnámh spairne arís i mBéal Feirste. Rinneadh damáiste do chomhartha sráide dátheangach sa chathair le líomhadóir diosca ag an deireadh seachtaine, gníomh a bhí ina ‘coir fuatha’ dar leis an PSNI.

Pléadh rún de chuid an DUP in Stormont tráthnóna Dé Luain faoi pholasaí comharthaíochta sráide na Comhairle Cathrach i mBéal Feirste inar maíodh go raibh an polasaí “neamhdhaonlathach agus leatromach”.

Bhí aontachtaithe in adharca a nuair a vótáladh in aghaidh an rúin de chuid an DUP ag achainí ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a bpolasaí i leith na comharthaíochta Gaeilge a chaitheamh i dtraipisí.

Dúirt Naomi Long, ceannaire Alliance, le linn na díospóireachta sin gur “gníomh suarach leanbaí” a bhí sa scrios ag Páirc an tSeandúin ag an deireadh seachtaine seo caite.

“Murar féidir leat tiomáint thar bráid comhartha nach dtaitníonn leat gan a bheith ag aireachtáil go gcaithfidh tú líomhadóir diosca nó buicéad péinte a thógáil leat, caithfidh tú dianmhachnamh a dhéanamh ort féin,” a dúirt Long.

Mhaígh Brian Kingston, MLA de chuid an DUP, gur léirigh polasaí comharthaíochta na comhairle i mBéal Feirste “drochmheas” ar mhuintir na háite in áiteanna nár theastaigh ó na cónaitheoirí go gcrochfaí an chomharthaíocht.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta