Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Agallamh le hÁine Walsh ar éacht an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag na Gradaim Chumarsáide

|

Bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i Halla na Cathrach i mBéal Feirste aréir os comhair slua mór Gael a bhí ar an tsearmanas i bpearsa agus na Gaeil ar fad a bhí ag féachaint ar an oíche ar líne.

Chuir an láithreoir raidió Lynette Fay an oíche i láthair agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltacht Dara Calleary TD a bhronn lóchrainn áille an Oireachtais ar na buaiteoirí.

Bhuaigh Crá le Fíbín Media gradam ‘Sraith Teilifíse na Bliana’ agus Aontas le Púca Pictures a thug ‘Scannán na Bliana’ abhaile leo. ‘Tús Áite’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhain ‘Sraith Raidió na Bliana’ agus Dónall Mac Ruairí galánta ar bronnadh ‘Pearsa Raidió na Bliana’ air as a chuid oibre ar Raidió na Gaeltachta.

Bronnadh Gradam Speisialta 2025 ar Raidió Fáilte as an éacht iontach atá déanta ag a chraoltóirí agus a iriseoirí ó chuir leithéid Gearóid Ó Cairealláin na chéad síolta. Ghlac Bainisteoir an Stáisiúin, Cillian Breatnach, leis an Ghradam ar stáite in éineacht le Fergus Ó hÍr, Eoghan Ó Néill agus Mary Claire Nic Uilliam.

Fógraíodh breis agus seachtain ó shin go mbeadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais á bhronnadh ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Scáileán Thuaisceart Éireann. Maoiníonn an Ciste Craoltóireachta Gaeilge an iliomad tograí Gaeilge idir shraitheanna teilifíse, scannáin, chláracha faisnéise agus níos mó.

Bhí an deis againn labhairt le Príomhoifigeach an Chiste Craoltóireachta, Áine Walsh, faoin dul chu cinn atá déanta ag an Chiste, an dóigh a mothaíonn siad faoin bhua, agus an todhchaí roimh mheáin na Gaeilge.

Conor Torbóid: Tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge ar an fhód 20 bliain i mbliana, rinne sibh ceiliúradh air sin i Halla na Cathrach i mí an Mhárta. Bhí cúpla bliain thar a bheith gnaitheach agaibh idir KNEECAP, Crá agus tuilleadh eile. Cad é mar a mhothaíonn sibh agus am bronnta an Bhuaic-Ghradaim ag druidim linn?

Áine Walsh: Táimid iontach bródúil as an mhéid atá bainte amach ag an Chiste le scór bliain anuas agus is onóir mhór é an t-aitheantas seo a fháil ón Oireachtas.  Ar ndóigh is gradam é don earnáil ar fad agus an dul chun cinn atá déanta le 20 bliain anuas.

Cén ról atá ag an CCG san earnáil 20 bliain ó bunaíodh é? Agus, leis sin, tá an CCG ag tacú le hábhar físe Gaeilge le tamall, cad atá de dhíth ar an Chiste le bogadh chun cinn?

Bunaíodh an CCG le dhá aidhm —le hábhar físe d’ardchaighdeán a chur ar fáil do lucht féachana an tuaiscirt le béim ar leith ar chanúint Uladh agus le hearnáil léiriúcháin Ghaeilge an tuaiscirt a chur chun cinn. Leathnaigh muid cúraimí an CCG amach le hábhar fuaime, ábhar digiteach agus ábhar oideachais a mhaoiniú le roinnt blianta anuas. Táimid ag cur béim níos mó fosta le cúpla bliain anuas ar mhaoiniú do dhrámaíocht, do bheochan, agus d’fhadfhaisnéis, ábhar atá níos daoire ach a bhfuil saol níos faide aige agus deis ann a bheith léirithe ag margaí agus féiltí chomh maith leis an chraoladh ar na cainéalacha. 

Reáchtálann muid réimse de chúrsaí oiliúna agus scileanna ag brath ar cad atá de dhíth ón earnáil — ó chúrsaí bliana ina mbíonn oiliúnaithe lonnaithe le comhlachtaí go gearrchúrsaí atá dírithe ar scil ar leith.  Mar is foireann bheag muid, táimid airdeallach ar mhiantaí na hearnála agus tá an tsolúbthacht againn rudaí a chur ar bun nó a athrú ag brath ar na miantaí sin.

An bhfeiceann tú féin athrú ar bith san earnáil nó ó thaobh treochtaí de ó thosaigh tú leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge?

Déarfainn gurb é an t-athrú is mó atá feicthe agam ná go bhfuil caighdeán na smaointe agus an ábhair atá á léiriú ag an earnáil i bhfad níos airde ná mar a bhí riamh. Léiriú ar aibíocht na hearnála is dóigh liom.

Ó thaobh treochtaí de, an rud is suntasaí ó thaobh lucht féachana de ná gur cuma leo faoi na fotheidil. Ní bac iad a thuilleadh ach rud a ghlacann lucht féachana idirnáisiúnta leis gan stró, rud atá iontach d’ábhar s’againne!

An bhfuil aon ‘favs’ ar bith agat féin ón 18 mbliana atá caite agat leis an Chiste?

Ní fhéadfainn sin a fhreagairt! Ach ceann de na rudaí a chuireann gliondar croí orm i gcónaí ná nuair a fheicim daoine a tháinig tríd na scéimeanna oiliúna s’againn ag dul chun cinn, ag scríobh, ag stiúradh, ag léiriú ábhair a bhfuil clú idirnáisiúnta air. Sin an fáth gur bunaíodh an Ciste.

Cad leis a bhfuil tusa ag súil sa todhchaí? Tá an oiread ábhar agus scéal clúdaithe agaibh go dtí seo, cad ba mhaith leatsa a fheiceáil amach anseo?

Táim ag iarraidh go mbeadh muid ábalta tacú le, ar a laghad, sraith drámaíochta amháin in aghaidh na bliana ionas go mbeidh feithicil rialta ann le talann ó thuaidh a fhorbairt sna réimsí ar fad — taobh thiar agus os comhair an cheamara.   

Ba bhreá linn a bheith ábalta tacú le níos mó tograí iontacha, is minic a bhíonn orainn rudaí a dhiúltú mar gheall ar easpa airgid, mar sin de bheadh níos mó maoinithe iontach, don earnáil agus ar ndóigh don lucht féachana fosta.


Thig liosta iomlán na mbuaiteoirí a fháil ar chuntas Instagram an Oireachtais.

The post Agallamh le hÁine Walsh ar éacht an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag na Gradaim Chumarsáide appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta