Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

A mbeannacht tugtha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste dá céad pholasaí Gaeilge riamh

| ,

Tá a mbeannacht tugtha ag comhairleoirí don chéad pholasaí Gaeilge riamh ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Ghlac na comhairleoirí anocht leis an dréachtpholasaí Gaeilge ag cruinniú míosúil na comhairle i mBéal Feirste.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur tús le “ré nua an chomhionannais” a bhí ann sa chathair agus gur lá “stairiúil” a bhí ann.

Bhí an cruinniú anocht teasaí go maith agus an DUP go háirithe in aghaidh an pholasaí.

Mhaígh Sarah Bunting, comhairleoir de chuid an DUP, go raibh “cogadh cultúrtha” á fhearadh ag an gcomhairle leis an bpolasaí nua.

Dúirt an Comhairleoir de chuid an TUV, Ron McDowell go dtroidfí “go nimhneach” in aghaidh an pholasaí.

Leagtar amach sa pholasaí nua conas a chuirfidh an chomhairle an Ghaeilge chun cinn ina seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta, ina cuid foilseachán agus comharthaíochta, ar a suíomh idirlín agus ina brandáil.

De réir an pholasaí, bheadh, mar shampla, an t-aon lógó a bheidh ag an gcomhairle ina lógó dátheangach. Bheadh an lógó dátheangach le feiceáil ar fheithiclí, éide oibre agus comharthaíocht na comhairle.

Níor éirigh anocht le rún de chuid an DUP nach nglacfaí le haon athrú ar éide oibre. 17 aontachtach a vótáil ar son an rúin ach 42 comhairleoir a vótáil ina choinne.

Chuir Conradh na Gaeilge “fáilte mhór” roimh vóta na comhairle ar son an pholasaí.

 “Tá an Ghaeilge go mór faoi bhláth fud fad Bhéal Feirste,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Tá líon na ndaltaí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna, líon na dteaghlach atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge, líon na ndaoine atá ag foghlaim na teanga uilig ag ardú. Le blianta beaga anuas tá pobal na Gaeilge ag troid lá i ndiaidh lae chun cearta teanga a bhrú chun cinn inár n-institiúidí agus spásanna poiblí.”

£1.9 milliún atá á chur ar leataobh chun an polasaí nua a chur i bhfeidhm.

Tá an dréachtpholasaí nua bunaithe ar thuairimí a fuair an chomhairle ón bpobal mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí.

Coiste Straitéiseach Polasaí agus Acmhainní a rinne scagadh ar an aiseolas a fuarthas ón bpobal agus ó eagraíochtaí éagsúla teanga agus eile.

“Is cloch mhíle stairiúil é an polasaí seo don phobal Gaeilge i mBéal Feirste, agus don Chomhairle s’againn,” a dúirt an Comhairleoir Natasha Brennan, Cathaoirleach an Choiste Straitéisigh Polasaí agus Acmhainní.

“Tá an chomhairle s’againn ag cur polasaí i bhfeidhm atá uaillmhianach, ceannródaíoch, a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a chur chun cinn, a chosaint agus a cheiliúradh ar fud na cathrach.

“Is ionann an polasaí seo agus céim mhór chun tosaigh don éagsúlacht teanga a chothú, agus cinnteoidh sé go dtacófar le gach aon duine ar mian leis nó léi ár gcuid seirbhísí a úsáid trí mheán na Gaeilge, é sin a dhéanamh.”

Dúirt Pól Deeds, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, an té atá roghnaithe do ról an Choimisinéara Gaeilge, go raibh an Chomhairle le moladh as an bpolasaí nua a thabhairt isteach.

“Bheireann an polasaí seo deis fosta freastal ar na grúpaí agus na daoine inár sochaí a mhothaigh go dtí seo, ar chúis amháin nó eile, go raibh siad scoilte ó shaol na Gaeilge.

“Is féidir leis an pholasaí Gaeilge seo a bheith ina uirlis leis an mhórphobal a aontú agus a thabhairt le chéile lenár stair shaibhir roinnte a cheiliúradh agus le saol níos saibhre i gCathair Bhéal Feirste a roinnt lena chéile as seo amach.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta