Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

TUBAISTE: Scaoileadh fear i gCarna… agus Cúán de Búrca a rinne é!

|

Le blianta beaga anuas tá fás agus forbairt nach beag tagtha ar an cheol Gaeilge agus ar an hip-hap Gaeilge go háirithe. Agus na forbairtí seo ag léiriú a chomhaimseartha agus a tharraingtí agus atá an teanga, tá an iliomad téamaí le plé sa cheol Gaeilge ar na saolta seo. Drugaí, gnéas, loitiméireacht, aiteachas fiú! Ach i measc na bhforbairtí seo, i measc na dtéamaí gránna truaillitheacha seo, tá Cúán de Búrca agus hhH (Rob Mulhern) ag caomhnú an traidisiúin leis an téama is Gaelach dá bhfuil ann – an BÁS!!

Ar an 5 Meán Fómhair d’eisigh an dísreach ceolmhar an chéad singil leo ‘I Shot a Man in Carna’. Eachtraíonn liricí Chúáin scéal ina maraíonn sé fear i gCarna (agus i mBearna? Fear torthúil!) ionas go dtig leis féachaint air ag fáil bháis. Tugann an dúnmharú seo pléisiúr de chinéal éigin do Chúán, a luann “capall iarainn, capall fireann ag crith faoi mo ghabhal” ar an traic. Salachar!

Cé go ndeir sé gur aistear mothúchánach Chúáin é seo i ndiaidh dó fear a mharú, braithim go léiríonn na liricí gur casta na mothúcháin seo. Seans nach diúltach ná dearfach iad na mothúcháin úd ar chor ar bith.

Tá Rob Mulhern ag cumadh agus ag casadh ceoil le blianta anois idir tograí le Súil Amháin, Arn, amhránaithe eile fud fad na hÉireann, agus tograí neamhspleácha faoina ainm eile hhH, a fhoghraítear trí ‘aye’ a rá agus tú ag tarraingt anáil isteach.

Idir seit ag Féile na Gealaí, seit ag Bród na Gaeltachta, gig ag An Stiúideo Rúnda i mBéal Feirste, agus a gcéad seó eile ag Dorn San Aer, labhair NÓS leis an bheirt bhoc le déanaí faoina n-aistear leis an cheol, leis an t-amhrán seo go sonrach, agus faoi chomhoibriú ar bith sa todhchaí.

Conor Torbóid: A Chúáin, tá aithne ag pobal na Gaeilge ar líne ort as na scigí greannmhara a phóstálann tú, as do chlár raidió féin ar Raidió na Life, agus as roinnt tograí eile déanta agat. Cad é mar a mhothaíonn sé anois go bhfuil an singil agus an físeán eisithe agat?

Cúán de Búrca: Braitheann sé go hiontach go bhfuil mo chéad singil amuigh sa domhan mór anois. Théis gur theip ar mo chuid iarrachtaí le banna ceoil a chur le chéile i m’óige, shíl mé nach mbeinn i mo cheoltóir ariamh, ach tá mé fillte ar an aisling sin anois agus mo cheol féin á eisiúint agam!

CT: Agus hhH, cad é mar a bhí an próiseas cruthaitheach agus an ceol á chumadh agat. Ar spreag Cúán fuaimeanna áirithe nó an raibh fuaimdhreach ar leith ar intinn agat a d’oirfeadh dó?

hhH: Ceist mhaith! Táim ag gabháil don cheol tíre outsider le fada anois. Tríd an dianghlasáil, bhí mé ag gabháil 91 ag éisteacht le ceol Cajun, na taifid is sine atá ar fáil de Jolie Blon, mar shampla. Bhínn ag rip-eáil an-chuid stuif éagsúil a bhí ar fáil ar Soulseek agus mé whacked gach lá. In 2020, bhí tú in ann iompar amach deas saor a fháil agus bhí an chóisir ag gabháil 24/7. (God bless an dianghlasáil).

Grianghraf: Ealaín chlúdaigh ‘I Shot a Man in Carna’ le Cúán de Búrca & hhH.

Tá bailiúchán mór ceoil ó chultúir agus grúpaí cráifeacha agam faoi láthair. D’úsáid mé a leithéid sin chun ‘I Shot a Man in Carna’ a dhéanamh. Tá fuaim scáinte sheanaimseartha ag an cheol uilig ó na 60idí a thaitníonn go mór liom; an bealach céanna atá sé le m’intinn féin faoi láthair. Mar sin de, bím á shampláil go rialta, mar tá an ceol tíre mar chuid mhór de mo DNA anois. Tá sé tábhachtach go ngoideann muid ár gcuid samplaí ó dhaoine bána mar athrú fosta – is é ceol tíre ceol an Scotch-Irish nó an Ulster Scot; is linne é!

An rud diamhair faoin togra seo: tá mise agus Cúán ar aon intinn faoi cheol tíre agus seanstuif agus d’oibrigh achan rud amach, tháinig achan rud le chéile go hiontach gasta. Táimse iontach Gen-Z-each i m’intinn mar tá mé ag scrolláil ó bhí 2007 ann. Tá ár gcuid nósanna sórt mar an gcéanna ins an dóigh seo maidir le fealsúnacht agus dearcadh. Mark Fisher srl. So… oibríonn an caidreamh seo. Tá téamaí craiceáilte againn.

CT: Cad é mar a tháinig an comhoibriú seo chun cinn ar an chéad dul síos?

CdB: Chas mé le Rob an chéad lá ariamh ag Gradaim NÓS beagnach dhá bhliain ó shin. Bhí mé ag cur agallamh air thar ceann Bloc TG4 ach réitíomar go maith le chéile agus d’fhanamar i dteagmháil le chéile. Bhí an-mheas agam ar cheol Rob ó d’éist mé leis an EP Shammen a d’eisigh sé féin agus Súil Amháin.

Tá mé ag déanamh filíocht ó bhéal le tamall fada anuas, agus tá stíl an-rithimiúil agam, ach níor rith sé liom tabhairt faoin rapcheol go dtí gur sheol Rob téacs agam ag fiosrú an mbeadh suim agam comhoibriú leis ar rian hip-hop. Chuaigh mé suas go Béal Feirste agus thaifeadamar ár gcéad amhrán le chéile. Tá roinnt eile cruthaithe againn ó shin a bheidh muid ag eisiúint amach anseo!

CT: Cad é a spreag ábhar an amhráin?

CdB: Cosúil le Rob, is breá liom an seancheol tíre. Sheinn mo dhaid go leor Johnny Cash nuair a bhí mé i mo ghasúr agus bhí an líne ’I shot a man in Carna’ ag preabadh timpeall i m’intinn le blianta. Nuair a sheol Rob an buille chugam, bhí a fhios agam láithreach gurbh é sin mo dheis le rud buachaillbhóach a scríobh. Chuir an buille ceol Ennio Morricone i gcuimhne dhom, ar nós na spaghetti westerns sna 60idí. Theastaigh uaim rud éicint craiceáilte a scríobh, a shamhlú go raibh mé i mo rógaire, i mo ghunnadóir, agus rith mé leis an téama sin.

CT: Cén fáth ar roghnaigh seo mar an chéad singil comhoibrithe eadraibh?

CdB: Ba léir gur thaitin an fonn leis an slua nuair a rinneamar ceol beo le chéile, agus mar sin, shíleamar go gcuirfeadh muid an crowd pleaser amach i dús báire!

CT: An mbeidh aon rud eile le teacht uaibh sa todhchaí?

CdB: Tá dornán amhrán scríofa againn le chéile, agus b’fhéidir trí cinn taifeadta agus réidh le dul, mar sin de beimid ag eisiúint a thuilleadh amhrán go luath.

Lean muid beirt ar Insta (cuan.deburca & hhh_music__) , ceannaigh an singil ar Bandcamp, sruthaigh é cibé áit a n-éisteann tú le do chuid ceoil agus tar go dtí ár gcéad ghig eile ag Dorn San Aer!

The post TUBAISTE: Scaoileadh fear i gCarna… agus Cúán de Búrca a rinne é! appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta