Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tuatha Dé Danann 9: Saoithe ‘s Draoithe de na Tuatha Dé

|

Tá cuid de na carachtair is clúití pléite againn faoin am seo agus pléadh an dá mhórscéal a bhain leis na cathanna móra a throid na Tuatha Dé Danann. Tá go leor eile le plé, ámh. Tá cuid mhór scéaltaí eile a bhaineann le himeachtaí níos lú nó le caidrimh idir na baill éagsúla de na Tuatha Dé. Chun na himeachtaí seo a phlé, is cóir ar dtús súil a chaitheamh ar chuid de na carachtair nár phléigh muid go domhain go dtí seo. Tosóidh mé leis na fir san alt seo agus pléifear na mná sa chéad alt eile sula bpléifear roinnt de na scéaltaí.

Ogma

(Dealbh d’Ogma le Lee Lawrie)

Creidtear go bhfuil Ogma nascaithe leis an Dia Eorpach Ogmios ach tá scoláirí áirithe ann a mhaíonn nach dtig linn a bheith cinnte faoi seo, nach bhfuil ann ach dhá ainm atá measartha cosúil lena chéile. Is é Ogma a chruthaigh Ogham (‘Ogam’ tráth) agus creidtear go mbaineann an t-ainm le focal ón Ind-Eorpais a raibh an chiall ‘gearradh’ leis. Is dócha gur tagairt é seo don dóigh a ndéantar Ogham a scríobh, línte nó poncanna a ghearradh ar phíosa adhmaid nó ar chloch.

Chaith Bres go holc leis nuair a bhí sé ina rí. Bhí ar Ogma brosna a bhailiú sular baineadh an ríocht de Bhres, mar a luaigh mé in alt eile. Chuir Ogma dúshlán ar Lugh nuair a nocht Lugh é féin roimh na Tuatha Dé. Chaith Ogma leac mhór amach ón dún ina raibh siad ach bhí Lugh in ann é a chaitheamh ar ais go furast.

Ní hé seo an uair dheireanach d’easaontas a bheith ann idir teaghlach Ogma agus Lugh. Is athair le Tuireann é Ogma. Fágann seo é gur garmhic le hOgma a mharaigh athair Lugh mar a phléigh mé agus Lugh á chaibidil.

Dian Cecht

Dia le leigheas é Dian Cecht agus athair le Cian (seo athair Lugh, dar ndóigh), le Miach, agus le hOchtriullach. Is iníonacha leis iad Airmed agus Étaín (a phléifidh mé agus na mná faoi chaibidil). Mac leis an Daghdha is ea é féin (ach bíonn cuid de na gaolta ag brath ar an fhoinse, dar ndóigh).

Bhí sé in ann duine ar bith a leigheas ach amháin duine ar dícheannaíodh é. Rinne sé seo trí iad a thumadh i dtobar (Tipra Sláine [Tobar Sláin]). Tá seo luaite agus na cathanna móra Mhaighe Tuireadh ag gabháil ar aghaidh.

Rinne Dian Cecht lámh nua do Nuada nuair a gortaíodh é sa Chéad Chath Mhaighe Tuireadh. Seacht mbliana ina dhiaidh, d’éirigh le Miach fíorlámh a chur ar Nuada arís. Á mhéad an t-éad a bhí air go raibh a mhac ina dhochtúir níos fearr ná é, mharaigh Dian Cecht Miach. Chaoin Airmed ag uaigh a dearthár agus, san áit ar thit na deora, d’fhás achan luibh leighis ar an domhan ar an uaigh. Rinne Airmed staidéar ar na luibheanna agus rinne sí catalógú ar an leigheas a bhí in achan cheann. Agus éad air — arís — go raibh níos mó ar eolas anois ag a iníon ná mar a bhí aige féin, rinne Dian Cecht scrios ar an obair a rinne Airmed.

Midir

(Cluiche fichille idir Midir agus Étaín. Ealaín le Jim Fitzpatrick)

Mac eile leis an Daghdha é Midir. Tá ról tábhachtach aige sa scéal Tochmarc Étaíne (a phléifidh muid in alt eile). Is oide, nó athair altramais, é le hAengus Óg cé gurb é a dheartháir níos sine é fosta. Tá sé pósta ar Fhuamnach, cé go dtiteann sé i ngrá le hÉtaín sa scéal a luaigh mé thuas, agus tá roinnt páistí aige. Is é Lir (atá ina athair ag Manannán) an páiste is mó le rá atá aige. Bhí cónaí air i sí in áit darb ainm Brí Léith.

Aengus

(Le Beatrice Elvery)

Mac eile leis an Daghdha é Aengus (bhí an Daghdha gnaitheach is cosúil). Is í Boann a mháthair. Creidtear gur dia atá luaite le hóige, spreagadh filíochta agus grá is bunús le hAengus mar atá sé sna Tuatha Dé. Is é Aengus atá ina oide ag Diarmuid sna scéalta Fiannaíochta. Tá achan seans ann gurb é Aengus an ball de na Tuatha Dé is mó atá luaite sa nua-litríocht. 

Is é a spreagann ‘The Song of Wandering Aengus’ ag W.B. Yeats, tá cúpla scannán nó sraith teilifíse ina bhfeictear é, agus tá an líne ‘is cosúil é le hAengus Óg’ ann san amhrán chlúiteach ‘Mo Ghile Mear’ a chum Seán Clárach Mac Domhnaill. Pléifear cúpla scéal ina bhfuil Aengus tábhachtach sna seachtainí romhainn.

The post Tuatha Dé Danann 9: Saoithe ‘s Draoithe de na Tuatha Dé appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta