Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tuatha Dé Danann 11: Tríonóid na Cogaíochta

|

Pléadh Ériú, Fódla, agus Banbha san alt dheireanach. Triúr iad seo atá tábhachtach dúinn sa dóigh a dtugann siad a n-ainm don tír, bíodh sin mar ainm oifigiúil nó fileata. Is féidir a rá go bhfuil triúr na cogaíochta (Macha, Badhbh, agus an Mórrígan) níos suimiúla nó, agus iad ina dtrodaí, tá siad níos lárnaí i roinnt scéalta. Mar a luaigh mé san alt dheireanach, cé gur dhá thríonóid dhifriúla iad seo (tríonóid an fhlaithis agus tríonóid na cogaíochta, más maith leat), deirfiúracha atá i gceist leis an ghrúpa seo ar fad nó is iníonacha le hErnmas iad seisear.

Badhbh

Tá cosúlachtaí idir Badhbh (nó ‘Badb’) agus an bhean sí nó ba mhinic do Bhadhbh a bheith ag ceol nó ag scairteadh roimh chath. Is í a cheol an dán ag deireadh an Dara Cath Maighe Tuireadh ina ndearna sí cur síos ar mhór-eachraí an chatha. Rinne sí tairngreacht a bhain le deireadh an domhain ina dhiaidh sin.

Bhí sí go maith páirteach leis an chéad chath nó, chomh maith lena deirfiúracha, a phléifear thíos, d’úsáid sí a draíocht chun ceathanna tinte a chaitheamh ar na Fir Bolg. Tá sé luaite, nuair a thoisigh an cath i gceart, go raibh na deirfiúracha seo taobh le taobh leis na fir.

Bíonn sí in ann cúpla riocht nó cruth a ghlacadh nó is mar chailleach a fheiceann muid í sa scéal Tógáil Bruidne Dá Derga agus Tógáil Bruidne Da Choca. Bhí sí in ann cruth baidhbhe (‘badhbh’ mar atá préachán atá i gceist anseo) a thabhairt uirthi féin agus a bheith ag eitilt thar pháirc an áir. 

Tá cosúlachtaí idir an focal ‘badhbh’ agus foclaí a chiallaíonn ‘cath’, ‘cogadh’, ‘forlámhas’, nó ‘gorta’ i dteangacha eile. ‘Clamhán’ atá i gceist le ‘boda’ sa Bhreatnais (ach ‘bwncath’ an focal is coitianta ar an éan sa lá atá inniu, creidim). 

Macha

Throid sí taobh lena deirfiúracha sa Chéad Chath Maighe Tuireadh ach mharaigh Balor í sa Dara Cath. Is cinnte gurb í an Mhacha chéanna atá luaite sa dá chath ach tá scoláirí ann a mhaíonn go raibh trí nó ceithre Mhacha ann. Macha, mar atá sa Tuatha Dé Danann (iníon le hErnmas), ní hí an bhean chéanna a d’fhág a mallacht ar fhir Uladh sa scéal a bhaineann leis an Rúraíocht, mar shampla. 

Chun bheith rómánsúil faoi, is féidir a rá go bhfuil an ceathrar bunaithe ar a chéile ar bhealach inteacht ach bhí Macha mar iníon ag Partholón, Macha eile mar bhean chéile ag Nemed, Macha eile mar iníon ag Ernmas, Macha eile mar iníon ag Áed Rúad, agus Macha mar bhean ag Cruinniuc. 

An ceann deireanach atá i gceist le hEmain Macha sa scéal a bhaineann leis an Rúraíocht ach tá scéal faoi Mhacha Mon Rua (iníon le hÁed Rúad) a mhíníonn an logainm fosta. Mar sin de, is cinnte go bhfuil scéalta ag teacht trasna ar a chéile go pointe.

Is cosúil go mbaineann a hainm leis an fhocal ‘machaire’.

Morrígú

Tá cúpla litriú ar a hainm agus tchítear domh gurb é ‘Mór-Ríoghain’ is coitianta i measc an phobail sa lá atá inniu ann. Tuigtear ‘banríon iontach’ as seo ach moltar ‘mor’ mar atá ‘mære’ sa tSean-Bhéarla fosta. Spiorad de shaghas a chuir isteach ar dhaoine agus iad ina gcodladh é an ‘mære’ agus seo is bunús le ‘nightmare’. Más fíor seo, is é ‘banríon thaibhsiúil’ a bheadh i gceist. Is é an nasc seo le ‘mare’ is mó a nglacann scoláirí leis.

Ghlac sí ról an fhile sa Dara Cath Maighe Tuireadh agus spreag sí roinnt de na Tuatha Dé trí véarsaíocht. Ba í a d’fhógair go raibh an cath sin buaite acu. Ní ról an fhile amháin a shamhlaigh sí leis féin nó, nuair a d’fhiafraigh Lugh di faoina cumhacht, d’fhreagair sí, go gonta, go raibh sí in ann daoine a mharú. Throid sí, fosta, mar a luaigh mé faoin bheirt eile, sa chéad chath.

Tchí Cú Chulainn í ar lá a bháis. Mar a bhí lena deirfiúr Badhbh, cruth seanmhná a bhí uirthi an lá sin. Tá leagan eile de scéal a bháis ina dtugann sí grá do Chú Chulainn ach diúltaíonn sé í. Troideann sí ina éadan ansin.

The post Tuatha Dé Danann 11: Tríonóid na Cogaíochta appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta