Tuatha Dé Danann 10: Tríonóid Fhileata na Talún
Pléadh roinnt de na mná a bhain leis na Tuatha Dé go dtí seo nuair a tháinig siad isteach sa scéal ach níor pléadh go domhain iad. Mar atá na fir, tá cuid acu níos tábhachtaí nó níos lárnaí sna scéalta ná mar atá cuid eile. Tá cuid de na mná seo nach bhfuil luaite ach mar bhean chéile nó mar mháthair ach tá cuid eile agus iad lárnach i scéaltaí áirithe.
Ernmas
Máthairdhia í Ernmas ar cailleadh í sa Chéad Chath Mhaighe Tuireadh. Luaitear gur iníon le hEtarlam í. Tá gaol áirithe idir Etarlam agus Nuada ach (de réir mar a fheicim, cibé) níl an gaol i gcónaí soiléir.
Cé nach mbíonn Ernmas í féin luaite go han-mhinic (nó ar eolas ag cuid mhaith againn sa lá atá inniu ann), is í an bhean is tábhachtaí i measc na dTuath Dé nó is í is máthair leis an tríonóid a thugann a n-ainm don tír seo (Ériú, Banba, agus Fódla) agus tríonóid na cogaíochta (Badbh, Macha, agus Mórrígan).
Ériú
Is í is cúis le hainm na tíre, dar ndóigh. Iníon í le Daelbáeth agus Ernmas. Tá fuil na bhFomhórach in Ériú nó is mac le hEithne, iníon le Balor, é Daelbáeth. Duine de na Tuatha Dé is ea a athair ach bíonn cúpla ainm luaite.
Is doiligh dúinn é a chreidbheáil agus an tír ainmnithe uirthi ach níl a teaghlach/clann gan smál nó is máthair í le Bres (an drochrí a chuir tús leis an dara Cath Mhaighe Tuireadh). Tá Ériú luaite mar bhean chéile le Mac Gréine (mac le Cermait) ach is léir go raibh caidreamh aici le hElatha nó is athair le Bres é Elatha. Luaitear Elatha mar mhac le Daelbáeth, fosta, rud a mhaíonn gur luigh Ériú lena leathdheartháir. Ní cosúil, ámh, gur thuig siad a ngaol lena chéile.
Bandia na bhflaitheas í agus amharctar uirthi mar léiriú nó pearsanú ar an tír ar fad sa lá atá inniu ann.
Banba
‘Banba’s Crown’ atá ar an fhoirgneamh (túr atá ann) is tuaisceartaí ar mhórthír na hÉireann agus a hainm úsáidte go minic mar ainm fileata ar an tír. Bhí Banba pósta le Mac Cuill (deartháir le Mac Gréine a luadh thuas).
Tá dán ag Flann Mainistrech, a fuair bás sa bhliain 1056 ach a bhfuil cúpla dán leis ón am ina raibh Máel Sechnaill mac Domnaill ina rí (1014-1022) agus a bhfuil dánta leis le fáil in Leabhar Gabhála Éireann, ina luann sé go bhfuair Áine, iníon leis an Daghdha dar le foinsí áirithe ach iníon nó bean le Manannán i bhfoinsí eile, bás mar gheall ar a grá do Bhanba. Is féidir gur tagairt do scéal atá caillte é seo nó go n-úsáideann Flann Mainistrech ‘Banba’ chun tagairt a dhéanamh don tír ar fad (tá cúpla áit eile sa dán ina ndéanann sé sin). Fiú más amhlaidh sin, ámh, níl sé róchinnte cén dóigh ar cailleadh í.
Fódla
Bean í le Mac Cecht (deartháir eile leis an bheirt atá luaite thuas). Cosúil lena deirfiúr Banba, maireann a hainm mar ainm fileata ar an tír. Dar leis an scéal, nuair a leaindeáil Clann Mhíle (na Gaeil) go hÉirinn, d’iarr na triúr deirfiúracha orthu a hainm a chur ar an tír feasta. Is le hÉriú a d’éist siad ach úsáidtear an dá ainm eile ó am go ham go dtí an lá atá inniu ann.
Pléann Mark Williams tuiscintí an lae inniu ó thaobh na dTuath Dé de sa chaibidil dheireanach dá leabhar Ireland’s Immortals agus críochnaíonn sé le plé ar an scríbhneoir agus fealsúnaí John Moriarty a mhothaigh go dtig linn cur le Críostaíocht trí thuiscintí níos fearr a bheith againn ar an tseanmhiotas. Mhothaigh Moriarty gur léiriú ar bhuaine na tíre na bandéithe seo agus Fódla go háirithe ina léiriú ar thírdhreach fiáin na hÉireann.
Cé nach bhfuil Ériú, Banba, agus Fódla an-lárnach sna scéalta, ach amháin go raibh mac tábhachtach ag Ériú, is léir go gceapann siad samhlaíocht na tíre go dtí an lá atá inniu ann. Pléifidh mé an triúr eile (tríonóid na cogaíochta) sa chéad alt eile – deirfiúracha iadsan a cheapann ár samhlaíocht chomh maith leis an triúr thuas.
The post Tuatha Dé Danann 10: Tríonóid Fhileata na Talún appeared first on NÓS.