Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Triúr san iomaíocht don toghchán uachtaránachta, an sprioc caillte ag Steen

| , ,

Triúr a bheidh san iomaíocht i dtoghchán uachtaránachta na hÉireann agus an sprioc d’ainmniúcháin caite – an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly, iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin agus Heather Humphreys atá ag seasamh d’Fhine Gael.

Seo an líon is lú iarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta ó 1990 nuair a d’éirigh le hiarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre Mary Robinson an ceann is fearr a fháil ar Brian Lenihan Fhianna Fáil agus Austin Currie Fhine Gael.

Agus gan ach mí fágtha go dtí toghchán na bliana seo chonacthas na chéad phóstaeir á gcrochadh ar maidin don triúr iarrthóirí.

Níor éirigh sa deireadh le feachtas Maria Steen a hainm a chur ar an bpáipéar ballóide.

Maria Steen (ar dheis) ag labhairt leis na meáin. Pic: Leah Farrell/RollingNews.ie

Scór ainmniúchán ó bhaill an Oireachtais a theastaigh roimh mheán lae inniu ón abhcóide a sheasann ar son luachanna sóisialta coimeádacha, ach níor éirigh léi ach 18 a fháil.

Bhí tacaíocht ag Steen ó Aontú, Independent Ireland agus roinnt neamhspleách eile, cuid acu a dúirt nach mbeidís ag vótáil di ach go raibh sé tábhachtach go mbeadh sí ar an mballóid.

Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair a bheidh an toghchán ar siúl agus Dé Máirt an 7 Deireadh Fómhair an sprioc le clárú chun vóta a chaitheamh. Dé Luain seo chugainn, an 29 Meán Fómhair, an sprioc do vótaí poist agus do dhaoine a bhfuil socruithe vótála speisialta eile acu.

Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ ar maidin, dúirt ceannasaí An Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, go raibh an-chuid daoine ann nach raibh cláraithe go fóill chun vóta a chaitheamh.

D’achainigh sé ar dhaoine óga go háirithe clárú in am don toghchán.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta