Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Triúr aimsithe marbh i gcontae Lú, fear gafa ag na Gardaí

|

Tá fiosrúchán ar bun ag an nGarda Síochána i gcontae Lú agus iad in amhras gurb amhlaidh a dúnmharaíodh triúr ansin.

Tharla an eachtra i mbaile fearainn in aice le Baile an Tallúnaigh i gcontae, sráidbhaile atá thart ar 11 ciliméadar siar ó dheas ó Dhún Dealgan.

Tuigtear gur as an teaghlach céanna an triúr atá marbh agus an chosúlacht air gur bhain foréigean lena mbás.

Ta fear gafa ag na Gardaí maidir leis an eachtra.

Tá an fear ar a choinneáil faoi láthair faoi Alt a 4 den an tAcht um Cheartas Coiriúil agus tuigtear go bhfuil cóir leighis á lorg dó.

Tá an ceantar dúnta ag na Gardaí agus scéal tugtha d’Oifig Phaiteolaí an Stáit agus do Bhiúró Náisiúnta Teicniúil an Gharda Síochána.

Tá corpáin na marbh fós ag an láthair.

Tá tuairiscí ag meáin na háite gur chualathas urchair in aice leis an sráidbhaile.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta