Todhchaí dhóchasach geallta don Ghaeilge ag Stiúrthóir nua Chultúrlann Uí Chanáin Jack Mac Íomhair
Tá stiúrthóir úrnua ceaptha ag Cultúrlann Uí Chanáin i gCathair Dhoire, is é sin Jack Mac Íomhair. Rugadh agus tógadh Jack i nDoire, áit ar fhoghlaim sé a chuid Gaeilge i gColáiste Cholmcille agus i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste. Tá Jack i ndiaidh filleadh ar an bhaile tar éis blianta a chaitheamh ag obair in earnáil na Gaeilge i mBéal Feirste. Mar sin, is ‘teacht abhaile’ thar a bheith fóirsteanach é seo don fhear Feabhail agus forbairt ghairmiúil atá breá tuillte aige é chomh maith.
In 2017 rinne Jack an cinneadh bogadh go Béal Feirste agus céim tríú leibhéal a dhéanamh sa Stair agus an Léann Ceilteach ag Ollscoil na Banríona. Ó shin ar aghaidh, bhí Jack i gcroílár phobal na Gaeilge, ag obair do Chonradh na Gaeilge agus ansin mar phríomh-irischraoltóir nuachta agus cúrsaí reatha ag an stáisiún raidió pobail lán-Ghaeilge Raidió Fáilte. Sna róil sin, bhí fios ag Jack ar na feachtais is déanaí a bhí bainteach le pobal na Gaeilge, ar chúrsaí reatha go ginearálta agus ar na ceisteanna is mó a bhaineann le Gaeilgeoirí de gach cúlra, aois nó stádas. Go háirithe agus é leis an stáisiún, chuardaigh sé na scéalta is tábhachtaí agus is práinní, agus thug sé ardán do dhaoine a bhí ag obair ón bhonn aníos chun solas a thabhairt orthu.
Tá clú nach beag ar an chlár raidió sheachtainiúil ‘Moch ar Maidin’ a bhfuil rath iontach air go fóill, léirithe agus curtha i láthair ag Storm Eaton-Kilgallen, Pól Ó Néill agus Mary Claire Nic Uilliam. Ba ghnáth le Jack an clár a léiriú agus a chur i láthair lena chomhghleacaithe ón Luan go dtí an Aoine.
Mar is eol do chách, beidh Oireachtas na Samhna ag titim amach i mBéal Feirste ar an 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain, agus is cuid lárnach iad Gradaim Chumarsáide an Oireachtais den fhéile bhliantúil. Tá ‘Moch Ar Maidin’ ar an ghearrliosta do ‘Sraith Raidió na Bliana’, aitheantas atá tuillte go mór ag an fhoireann. Mar aon leis sin, ghnóthaigh Jack é féin ainmniúchán ar ghearrliosta ‘Iriseoir na Bliana’, as a chuid oibre leis An Páipéar.
Bhí an deis agamsa, Eilís Nic Lochlainn, labhairt le Jack ar na mallaibh le fiosrú cad é mar a mhothaíonn sé sa ról úr, an spreagadh is mó a fuair sé ó thaobh na Gaeilge de i gcaitheamh na mblianta agus eile. Foras na Gaeilge a mhaoinigh an post seo.

Cúpla ceist ghasta chun téamh suas!
Eilís Nic Lochlainn: An caifé is fearr leat i gCathair Dhoire, meas tú?
Jack Mac Íomhair: Déarfainn gurb é an caifé is fearr liom i nDoire ná Crann Beatha atá againn sa Chultúrlann, ach tá sé chomh cóngarach sin do Gráft a thugann seirbhís i nGaeilge fosta. Tá borradh iontach faoi na caiféanna i nDoire ar na mallaibh.
ENL: Duine ón stair a mbeadh suim agat labhairt leis inniu…
JMÍ: Bheadh an-suim agam bualadh le Bobby Seale. Bhí sé go mór chun tosaigh sna Pantair Dhubha agus sílim go raibh siad iontach ceannródaíoch sa dóigh ar throid siad in éadan ciníochais, ach as a chlár pobail go háirithe.
ENL: An áit is ansa leat le haghaidh laethanta saoire in Éirinn…
JMÍ: Lasmuigh de Dhoire, tá Tír Chonaill ar bharr an liosta déarfainn. Gaoth Dobhair nó Ros Neamhlach. Ach tá Gaillimh ag tarraingt go mear ar an dara háit fosta. Aon áit san Iarthar i ndáiríre.
ENL: Comhghairdeas leat as an ról úr! Cad é mar a mhothaíonn tú agus tú anois mar Stiúrthóir Chultúrlann Uí Chanáin?
JMÍ: Is mór an onóir í leis an fhírinne a rá. Nuair a bhí me ag fás aníos bhí sé i gcónaí mar sprioc agam an ról seo a fháil agus níor shíl mé riamh go mbeinn san áit seo ag an phointe seo. Tá mé fíor-bhuíoch as na deiseanna ar fad a fuair mé go dtí seo. Tá an fhoireann anseo sa Chultúrlann iontach, agus tá pobal na Gaeilge anseo i nDoire thar a bheith cuidiúil fosta. Tá mé ag dúil mór le feiceáil cad é atá i ndán dúinn sna blianta amach romhainn.
ENL: An bhfuil sé tábhachtach duit go mbeidh tú ag freastal ar do cheantar agus ar do phobal áitiúil?
JMÍ: Tá sé ríthabhactach dom go mbeidh mé ag freastal ar mo cheantar agus ar mo phobal féin. Ní raibh mé páirteach i bpobal na Gaeilge i ndáiríre go dtí go raibh mé ar an ollscoil. Mar sin, tá mé i ndiaidh blianta a chaitheamh i mBéal Feirste mar chuid den phobal ansin ach anois tá mé in ann teacht abhaile agus a bheith páirteach i mo phobal dúchais sa bhaile… cé nach bhfuil ach uair a chlog eadrainn.
ENL: An bhfuil duine ar leith a spreag tú mar Ghaeilgeoir agus tú ag fás aníos?
JMÍ: Ceist dheacair maidir le duine a spreag me ó thaobh na Gaeilge de. Bhí múinteoirí iontacha agam i gColáiste Cholmcille i nDoire, Bernie Uí Mhianáin agus Patrice McConnell, chomh maith le Gearalt Ó Mianáin a bhí mar chúntóir teanga againn. Thug siad an oiread sin spreagtha dom maidir leis an Ghaeilge agus ní bheadh an teanga agam gan iad.
ENL: Cad é a thabharfaidh tú leat ó do chuid ama ag obair le Conradh na Gaeilge agus Raidió Fáilte?
JMÍ: Mothaím go nglacfaidh mé na ceachtanna a d’fhoghlaim mé ó na daoine ar bhuail mé leo sna postanna sin. Bhí an dá phost pobalbhunaithe, cé go raibh siad sna meáin, agus bhuail mé leis an oiread sin daoine a bhí ceannrodaíoch, cruthaitheach agus cumhachtach. Glacfaidh mé an meon agus an tiomantas s’acu liom.
ENL: Ag amharc chun tosaigh, cén sórt todhchaí ba mhaith leat a fheiceáil do Chultúrlann Uí Chanáin agus do phobal na Gaeilge i nDoire go ginearálta?
JMÍ: Ba mhaith liom pobal neartaithe ó thaobh na Gaeilge de a fheiceáil. Dá mbeadh an saol gan locht, bheadh comharthaí dátheangacha ar gach sráid, bheadh gach páiste ag iarraidh dul ar na Gaelscoileanna, bheadh gach rud sa chathair dírithe ar an Ghaeilge. Bheadh athghabháil iomlán ar an teanga i gceist. Ní mhaireann muid i ndomhan foirfe dar ndóigh ach ní chiallaíonn sé sin nach féidir linn a bheith ag obair i dtreo na rudaí seo.
The post Todhchaí dhóchasach geallta don Ghaeilge ag Stiúrthóir nua Chultúrlann Uí Chanáin Jack Mac Íomhair appeared first on NÓS.