Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Sé mhí sa Nua-Shéalainn ag maireachtaint ar an Oileán Theas

|

Ní rud nua é do mhuintir na hÉireann dul ag taisteal, ar imirce, nó i mo chás, ar saoire oibre. Tá muintir na hÉireann ag teacht chun na Nua-Shéalainne ó bhí báid ag imeacht ann, agus tá an rian san ar an dtír, go háirithe sna hainmneacha áite. Ní féidir leat dul níos faide ó Éirinn ná an Nua-Shéalainn, ach ní fada ón mbaile a bhraitheann tú agus leithéidí Belfast Terrace agus Kerry Drive mórthimpeall ort! 

Is maith le daoine muintir na hÉireann agus déanann sé sin rudaí fíoréasca agus tú amuigh sa saol. Creidtear go forleathan gur daoine cairdiúla sinn agus go bhfuil craic ionainn — agus ní bréag é. Deineann sé rudaí níos fusa thar lear nuair is féidir a rá gur Éireannach tú. 

(Grianghraf le Hannah Ní Chonghaile.)

Bíodh is go bhfuil sé sin fíor, bíonn sé fós deacair. I bhfad ó bhaile, gan mam agus daid chun teacht i gcabhair ort, gan éinne, seans, ar d’aithne sa tír, níl agat chun brath air ach tú féin. Is as sin, dar liom, a bhainfidh tú an tairbhe. Chuige sin, seo mo chuntas ionraic ar mo thaithí ag taisteal agus ag maireachtaint ar víosa saoire oibre sa Nua-Shéalainn.

Is saoire é go príomha, sin bunphrionsabal an víosa, agus is chun do chuid taistil a mhaoiniú atá tú ag obair. Ní fhéadfadh sé a bheith níos fusa an riarachán ar fad a shocrú: an víosa é féin roimh ré agus ansan an uimhir chánach agus cuntas bainc. I bhfad Éireann níos fusa ná mar atá sé d’inimircigh an rud céanna a dhéanamh in Éirinn!

An chairt a cheannach ab ea an rud ba mhó a chuir brú orm le linn na sé mhí a chaitheas sa Nua-Shéalainn, agus tuigfidh éinne a bhfuil cairt acu é sin, ach fós féin d’fhágas Auckland i mo dhiaidh gan ach ceithre lá caite ann, buíochas mór le Margadh Facebook.

(Radharc ó Chnoc Queenstown. Grianghraf le Hannah Ní Chonghaile.)

Abhae liom ó dheas, trasna an Cook Strait, agus nuair a shroicheas Queenstown (nó Tāhuna) atá suite ar Loch Wakatipu ní fada go raibh postanna agus lóistín socraithe. An lóistín an rud ba dheacra – samhlaigh lóistín a lorg sa Daingean i lár an tsamhraidh, ach níos measa – agus bhí na céadta daoine cosúil liom ag maireachtaint go fadtéarmach i mbrúnna óige, i seomraí roinnte, agus fiú i veaineanna i gcarrchlósanna poiblí. A bhuí aríst le Margadh Facebook, d’éirigh liom lóistín trí mhí a shocrú, agus bhí agam.

Tá Queenstown ar na háiteanna is deise ar domhan, an loch i measc na sléibhte, ar nós pictiúr ar chárta poist. Tá sé gar d’Arrowtown agus Glenorchy, bailte beaga ar an gcuma chéanna, agus tá ualach mór le déanamh ann. Más spéis leat Lord of the Rings, is anseo a taifeadadh cuid mhór dó, agus níl easpa siúlóidí sléibhe, spóirt uisce, agus spóirt aidréanailín ar nós spéirthumadóireacht, parafaoileoireacht, agus rothaíocht sléibhe. 

Tar éis trí mhí in Queenstown, thugas fé thuras bóthair timpeall an Oileáin Theas. Bhí sé draíochtúil, caithfidh mé a rá, na radharcanna, an tírdhreach, a chairdiúla is a bhí na daoine. 

Chaitheas roinnt seachtainí ag carr-champáil, agus roinnt seachtainí eile ag obair do dhaoine ar bhonn deonach ar mhaithe le béilte agus lóistín tríd an suíomh Workaway. Ba dheis iontach í an tír a fheiscint sa tslí seo agus bhí seans agam oibriú i dtearmann ainmhithe, fanacht le teaghlach óg le fréamhacha Éireannacha i gcathair Dunedin, agus lámh cúnta a thabhairt  do photadóirí in Marlborough, an réigiún fíona as a dtagann sauvignon blanc! 

(Carrchampáil. Grianghraf le Hannah Ní Chonghaile.)

B’é an rud is fearr atá déanta fós agam, an sé mhí seo a chaitheas ag maireachtaint agus ag taisteal timpeall na Nua-Shéalainne. Bhí an deis agam an áit a mheas ó dhearcadh an oibrí, ó mheon an backpacker, agus anuas air sin cuireadh fearadh na fáilte romham isteach go bailte daoine chun cabhair a thabhairt agus taithí, scéalta, agus cultúir a roinnt. Is daoine cineálta lách iad muintir na Nua-Shéalainne agus táid thar a bheith praiticiúil. Níl teorainn leis an gcabhair a thabharfadh Nua-Shéalannach duit, fadhb le do chairt, treoracha cois sléibhe, cabhrú chun ainmhithe fiáine a fheiscint. Má bhíonn an t-eolas acu, roinnfidh siad é.

Mholfainn an Nua-Shéalainn do chách – bíodh saoire uait nó seal níos faide. Roghnaíos an Nua-Shéalainn dá háilleacht agus ní raibh díomá orm. Deirtear go bhfuil sí cosúil le hÉirinn, ach níl dáiríre, seachas an cósta. Tá na sléibhte agus na lochanna dochreidte. Dáiríre, ní féidir é a chreidiúint go bhfeicfidh tú é. Anuas air sin, tá an Nua-Shéalainn ana-bheag. Mar sin, an rud a dheintear ná cairt nó veain campála a cheannach agus an mótar san a úsáid chun an tír a fheiscint! Más spéis leat siúl sléibhe agus campáil, seo an tír duit. Tá an t-infreastruchtúr sa Nua-Shéalainn dochreidte, ach tá an rian san ar an dtír, is mó eachtrannaigh gur bhuaileas leo ná muintir na háite! 

(Tearmann Ainmhithe. Grianghraf le Hannah Ní Chonghaile.)

Bíonn an taisteal agus an mhaireachtaint thar sáile cosúil le gach rud eile sa saol seo — thuas seal, thíos seal — agus is minic a bheidh tú ag rá leat féin, “Bheadh an rud céanna á dhéanamh agam ag baile”. Caithfidh tú fós obair, riarachán saoil a shocrú, bia a cheannach, cloí le buiséad. Oibreoidh roinnt rudaí amach, agus beidh amanta ná fuil uait ach do thuismitheoirí nó do chuid cairde a fheiscint. 

Deirtear go mbeidh an baile mar an gcéanna nuair a fhillfidh tú ón dtaisteal, ach go mbeidh gach rud difriúil ag an am céanna. Is istigh ionat a bheidh an difríocht sin, a bheidh an chreidiúint nua ionat féin.

Seo do chomhartha bailiú leat ar feadh bliana nó dhó — nuair a bheidh sé déanta agat, ní aithneoidh tú thú féin agus ní bheidh teorann leis an méid a bhainfidh tú amach!

The post Sé mhí sa Nua-Shéalainn ag maireachtaint ar an Oileán Theas appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta