Caitheadh amach sa chúirt i Londain ar maidin an cás sceimhlitheoireachta a tugadh in aghaidh Liam Óg Ó hAnnaidh, ‘Mo chara’ ón mbuíon rap Kneecap.
Dúirt an Breitheamh go raibh na himeachtaí dlí a tionscnaíodh in aghaidh Uí Annaidh “mídhleathach agus ar neamhní”.
Bhí sé curtha i leith Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara, gur thaispeáin sé brat agus é ar stáitse i Londain mar chomhartha tacaíochta do Hezbollah, eagraíocht a bhfuil cosc uirthi sa mBreatain.
Tharla an eachtra nuair a bhí Kneecap agus Ó hAnnaidh, atá 27 bliain d’aois agus arb as Béal Feirste dó, ar stáitse i bhFóram an O2 i mBaile Kentish, Londain, ar an 21 Samhain 2024.
Thosaigh an éisteacht inniu go gairid roimh 10.30am nuair a thug an rapálaí as Béal Feirste a ainm agus dáta breithe i nGaeilge. Bhí ateangaire Gaeilge i láthair sa chúirt don éisteacht.
Ceathrú uaire ina dhiaidh sin chríochnaigh an éisteacht nuair a d’fhógair an Breitheamh Paul Goldspring, “Mr Ó hAinnidh, you are free to go…” Lean liú mór ó lucht tacaíochta agus muintir Uí Annaidh a bhí sa chúirt, agus d’iarr an breitheamh orthu a bheith ina dtost agus a gcuid ceiliúrtha a dhéanamh taobh amuigh óir go raibh gnó eile le déanamh sa chúirt.
Bhí a chomhghleacaithe i Kneecap, Naoise Ó Caireallain (Móglaí Bap) agus JJ Ó Dochartaigh (DJ Próvaí) sa chúirt don éisteacht inniu. Dúirt bainisteoir Kneecap daniel Lambert gur acu a bhí an bua agus go raibh teipthe ar an “póilíneacht pholaitiúil”.
Sa mhíniú a thug an Breitheamh Paul Goldspring ar a chinneadh an cás a chaitheamh amach, dúirt sé nach raibh sé de cheart ag an gcúirt an cás a éisteacht. Ghlac sé le hargóint lucht dlí Uí hAnnaidh go raibh an iomarca ama caite, de réir reacht na dtréimhsí a mhair sé mhí, idir an uair ar tharla an eachtra agus an uair a cúisíodh é.
Dúradh nach bhfuarthas cead oifigiúil an Ard-Aigne nuair a cúisíodh an rapálaí ar an 21 Bealtaine.
D’aontaigh an Breitheamh go n-íocfaí costais dlí Uí Annaidh ar ráta cúnaimh dlí.
Shéan Ó hAnnaidh go raibh aon ní mícheart déanta aige agus deir sé féin agus lucht Kneecap gurb amhlaidh go raibh “carnabhal mearbhaill” ar bun chun aird a tharraingt ón gcinedhíothú in Gaza agus stop a chur le daoine labhairt amach faoi.
Bhí slua mór lasmuigh de Chúirt Chorónach Woolwich i Londain faoin am ar tháinig Ó hAnnaidh go dtí teach na cúirte ag 9.50am.
Fógraíodh aréir go raibh an cás á aistriú ó Chúirt Dúiche Westminster ar an dtaobh eile den chathair toisc an áit a bheith faoi uisce.
Sular aistríodh an cás inné d’fhógair póilíní Londan go mbeadh cosc ar lucht tacaíochta Uí Annaidh, bailiú le chéile ag an mbealach isteach do dtí an chúirt in Westminster. De réir an ordaithe bheadh ar lucht tacaíochta an rapálaí bailiú le chéile timpeall an chúinne ón gcúirt.