Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Is iad na spásanna agus na himeachtaí saor in aisce a chothóidh dea-mheabhairhsláinte

|

Tá tionchar á imirt ag an chostas maireachtála ar bheagnach gach duine sa tír seo. Is cuma cúlra nó stádas an duine, tá go leor againn ag streachailt. Is minic a bhíonn buaireamh ar dhaoine faoi go leor airgid a bheith acu ó lá go lá. An mbeidh go leor ann don tsiopadóireacht an tseachtain seo? Tá breithlá carad ag druidim liom agus caithfear bronntanas a cheannach go fóill, gan trácht ar chostas na hoíche féin…ó, agus cad faoin bhallraíocht spórtlainne sin nach bhfuil curtha ar ceal agam?

Is duine (measartha) óg mé, go fóill ins na fichidí, agus tá cónaí orm i mBéal Feirste. Íocaim as cíos achan mhí, agus as na billí eile ar a bharr sin, atá ag ardú bliain i ndiaidh bliana. Tá mise, cosúil le go leor daoine óga eile, ag leanstan ar aghaidh ó dhuillín pá amháin go duillín  pá eile. An cheist a bhíonn i gcónaí ar m’intinn na laethanta seo agus mé ag éirí níos sine, an bhfuil rud ar bith saor in aisce níos mó? Tá muid go léir ag iarraidh sult a bhaint as an tsaol agus eispéiris úra a chruthú lenár gcairde, lenár dteaghlach, agus lénar gclann nuair is féidir. Nach bhfuil sé sin tuillte againn? Tá pobal agus faoiseamh de dhíth ar achan duine, nach bhfuil? Ach cén fáth a mothaíonn sé go bhfuil orainn an sparán a oscailt gach uair a’ chloig? 

Bhuel, mar fhreagra ar an cheist, níl orainn an sparán a oscailt gach uair. I mBéal Feirste, bíonn imeacht spéisiúil ann ar an chéad Déardaoin de gach mí dár teideal ‘Late Night Art’ – oíche shaor in aisce inár féidir siúl ó ghailearaí amháin go gailearaí eile timpeall na cathrach, ag breathnú ar réimse leathan d’ealaín úrnua. Is minic a bhíonn deochanna saor in aisce ar fáil agus tú ag siúl isteach, rud a chuireann leis an oíche i gcónaí! D’fhreastail mé féin ar an imeacht seo ar na mallaibh agus thug sé dóchas dom, go bhfuil rudaí ag bogadh sa treo cheart, go bhfuil deiseanna mar seo ag daoine óga, daoine ar gach aois, chun teacht le chéile gan an banc a bhriseadh. 

Má tá madadh agat, is féidir páirt a ghlacadh in ‘Doggy Danders’, grúpa daoine – agus madaí – a thagann le chéile gach tráthnóna Domhnaigh ag 13:30 i bPáirc na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste le haghaidh siúlóide agus caife ina dhiaidh ag Seven Coffee. Is teacht le chéile saor in aisce é seo ach is rud é a dhéanann difear nach beag ar shaol daoine, go háirithe dóibh siúd atá tar éis bogadh go Béal Feirste agus ag iarraidh bualadh le daoine nua. 

Tá 2 An Ascaill Ríoga ann, ionad cultúrtha suite i lár na cathrach ina mbíonn imeachtaí, taispeántais, leabhair agus bia, mar aon le spásanna deas ciúin agus suaimhneach chun do scíth a ligint, ar shiúl ó thrup trap na cathrach. Is minic a bhíonn ceol beo le cloisteáil ar mhórphianó chomh maith. 

Ó thaobh spásanna glasa de, tá Páirc na bhFál ins an Iarthar, agus Páirc Ormeau, Cluainte an Lagáin agus Botanic sa Deisceart…ach cad faoi Oirthear agus Tuaisceart na cathrach? Cad faoi na teaghlaigh atá lonnaithe i gceantracha gan páirc ar bith agus atá ag iarraidh go mbeidh a gcuid páistí amuigh san aer agus ceangailte leis an dúlra? Cad faoi na teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i gceantracha iargúlta nach bhfuil áiseanna le fáil iontu?

Sin uilig ráite, thiocfadh le rudaí a bheith i bhfad níos measa. Tá mé lonnaithe i gcathair bheo bhríomhar ina mbíonn réimse leathan de rudaí ar siúl go seachtainiúil; ceolchoirmeacha, imeachtaí pobail do chách, chomh maith le caiféanna agus bialanna den chéad scoth. Tá eagraíochta Gaeilge amhail Glór na Móna, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, An Droichead agus Turas ag déanamh obair na gcapall chun daoine ó gach cúlra a thabhairt le chéile trí imeachtaí spreagúla siamsiúla agus, anuas air sin, saor in aisce. 

Níl mé cinnte an bhfuil réiteach láithreach ar an fhadhb seo. Is cinnte go dtógfaidh sé níos mó ama, agus maoniú ón chomhairle nó ón rialtas chun tuilleadh spásanna saora a cruthú. Idir an dá linn, coinneoidh muid orainn ag cuardach na spásanna sin, agus na spásanna a thógann muid le chéile mar phobal.

The post Is iad na spásanna agus na himeachtaí saor in aisce a chothóidh dea-mheabhairhsláinte appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta