Tá Gradam Uí Shúilleabháin do leabhar Gaeilge na bliana buaite ag an úrscéal Bódléar le Darach Ó Scolaí, saothar a d’fhoilsigh Leabhar Breac.
Is ar Éanna Corr le hAntain Mac Lochlainn a bronnadh Gradam Réics Carló do Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg). Leabhar Breac a d’fhoilsigh chomh maith.
Bhí údar eile ceiliúrtha ag Antain Mac Lochlainn nuair a fógraíodh buaiteoir Gradam de Bhaldraithe.
Tír Bheag, aistriúchán Mhic Lochlainn ar Petit Pays le Gaël Fay, úrscéal Fraincise, a bhuaigh an gradam do shaothair aistrithe.
Barzaz a d’fhoilsigh.
19 leabhar san iomlán bhí ar na gearrliostaí do na gradaim do thithe foilsitheoireachta na Gaeilge.
Ba é Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív, a bhronn na gradaim ar na buaiteoirí ag ócáid a bhí ar siúl anocht in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh.
Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, gur léiriú iad na gradaim “ar an gcruthaitheacht, ar éagsúlacht agus ar an saibhreas atá ar fáil in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair”.
“Tréaslaím ó chroí le Leabhar Breac agus Barzaz na héachtaí atá bainte amach acu i mbliana. Anocht, déanaimid ceiliúradh ní amháin ar na buaiteoirí ach ar gach uile údar, aistritheoir, maisitheoir agus foilsitheoir as an obair iontach atá ar siúl acu ar fad i gcothú agus i bhforbairt ár dtraidisiúin liteartha.”