Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘B’fhearr béim a chur ar an phleanáil teanga seachas ar an litríocht i gcéimeanna Gaeilge’ – Aontas na Mac Léinn in Éirinn

|

Tá sé ráite ag ionadaí ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn gurbh fhearr do chúrsaí Gaeilge ag an tríú leibhéal díriú níos mó ar ghnéithe “praiticiúla” den teanga amhail an phleanáil teanga in áit a bheith dírithe go hiomlán ar an litríocht.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais inné, dúirt Pádraig Mac Brádaigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAMLÉ, gur fadhb í an bhéim ar an litríocht agus gur chóir léargas a thabhairt ar “shaol reatha na Gaeilge”.

“Rinne mise cúrsa Gaeilge ceithre bliana i gColáiste na Tríonóide agus cé gur bhain mé an-sult as, bhí an cúrsa sin ar fad bunaithe ar an litríocht agus ar na gnéithe teicniúla den teanga. Ní raibh aon rud praiticiúil istigh sa chúrsa sin.

“D’fhoghlaim mé gach rud atá ar eolas agam faoi shaol na Gaeilge, faoin earnáil Gaeilge sa lá atá inniu ann, faoi na poist atá ar fáil inti, faoin phleanáil teanga, faoi na coincheapa sochtheangeolaíocha seo – na coincheapa is tábhachtaí i saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann – d’fhoghlaim mé gach rud sa Chumann Gaelach,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Brádaigh gur sampla an phleanáil teanga de na réimsí ar chóir a bheith san áireamh in aon chéim sa Ghaeilge ag an tríú leibhéal.

“Is dóigh liom gur fadhb mhór í sna hollscoileanna, go bhfuil an saol acadúil ródhírithe ar an litríocht. Cé go bhfuil tábhacht leis sin, níl na cúrsaí Gaeilge mar atá siad praiticiúil don lá atá inniu ann agus is minic a théann daoine isteach sna poist a bhaineann le pleanáil teanga agus sochtheangeolaíocht gan oiliúint, gan oideachas a bheith orthu faoi na rudaí sin.

“Is minic a thosaíonn duine i ról pleanálaí teanga gan taithí ar bith acu ar an ábhar. Ba cheart go mbeadh coincheap na pleanála teanga lárnach i ngach cúrsa Gaeilge mar ábhar sna hollscoileanna, dar liom féin.”

Bhí Mac Brádaigh agus ionadaithe ó aontais na mac léinn i gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil na Gaillimhe i láthair ag an gcruinniú i dTeach Laighean chun teagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal a phlé, mar a bhí Conradh na Gaeilge agus Comhairle na nÓg.

Dúirt Aoife Ní Bhriain, Oifigeach na Gaeilge in Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, go raibh litreacha seolta ag mic léinn chuig scoil an dlí, scoil an leighis, scoil an cheoil, scoil na hinnealtóireachta, scoil an mhata agus lárionad léann na hEorpa ag iarraidh go gcuirfí modúil i nGaeilge ar fáil mar chuid de na céimeanna.

Dúirt sí gur fágadh faoi na mic léinn féin i gcónaí an taighde a dhéanamh chun a chruthú go mbeadh éileamh ar a leithéid, áfach.

Luadh freisin go mbíonn éiginnteacht ann go minic faoi chúrsaí tríú leibhéal a raibh an Ghaeilge luaite leo agus faoi cén chuid de na cúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge.

Bhí Ní Bhriain agus Mac Brádaigh ina measc siúd a mhol ag an gcruinniú coiste go mbunófaí gníomhaireacht nua, bunaithe ar shamhail Coleg Cymraeg Cenedlaethol sa mBreatain Bheag, a d’oibreodh leis na hinstitiúidí tríú leibhéal chun cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn.

Agus é ag tagairt don ghníomh a bheadh ag teastáil chun an sprioc earcaíochta atá leagtha amach sa reachtaíocht a bhaint amach, sin go mbeadh 20% d’earcaigh nua chun na seirbhíse poiblí faoi 2030 ina gcainteoirí Gaeilge, dúirt Pádraig Mac Brádaigh gur theastaigh modúil éigeantacha sa nGaeilge i gcúrsaí a bheadh ag soláthar daoine chun na seirbhíse poiblí.

“Má tá an stát dáiríre faoin sprioc sin a bhaint amach, nó a bheith i ngar di fiú, is dócha go bhfuil gá le modúil Ghaeilge éigeantacha a chur i bhfeidhm i roinnt cúrsaí a phléann go díreach leis an earnáil phoiblí.”

Tá sé luaite sa bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Ghaeilge go mbeidh dúshlán ar leith ann dóthain daoine le Gaeilge a earcú sna seirbhísí sláinte chun cloí leis an sprioc sin toisc gur ón gcoigríoch a thagann an oiread sin daoine a bhíonn ag obair san earnáil sin ach dúirt Mac Brádaigh nár chóir go mbeadh sin ina bhac.

“Is féidir liomsa a rá gur as tír eile domsa, rugadh agus tógadh mé i Meiriceá. Ní raibh Gaeilge ar bith agam, ní dhearna mé Gaeilge ar scoil, ní raibh Gaeilge ag mo theaghlach agus mhúin mé an Ghaeilge dom féin. Is féidir í a fhoghlaim, is féidir teangacha a fhoghlaim.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta