Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An Ghaeilge ina hábhar cainte agus feachtas na huachtaránachta faoi lán seoil

|

Tá an Ghaeilge ina hábhar cainte sa toghchán uachtaránachta agus tús curtha go oifigiúil lena gcuid stocaireachta ag an triúr iarrthóirí ar éirigh leo ainmniúchán a fháil – Catherine Connolly, Jim Gavin agus Heather Humphreys.

Chaith ceannaire Aontú, Peadar Tóibín, amhras ar gheallúint Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael, go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge sa chás go dtoghfaí ina huachtarán í.

Dúirt Tóibín gur thug Humphreys an gheallúint chéanna nuair a ceapadh í ina haire a raibh cúram na Gaeltachta uirthi in 2014.

“Deir Heather Humphreys go bhfuil sí chun an Ghaeilge a fhoghlaim má thoghtar í, agus deir sí an méid sin aon bhliain déag i ndiaidh di a rá go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge, nuair a bhí sí ina haire don Ghaeilge.

“An rud atáimid ag caint faoi anseo ná an béalghrá don Ghaeilge. Nuair a bhí sí ina haire don Ghaeilge, mar shampla, thit an tóin as an maoiniú d’Údarás na Gaeltachta, laghdaigh líon na gcainteoirí Gaeilge agus bhí 25% de thuismitheoirí ag iarraidh gaelscoil dá bpáistí, ach gan teacht ar cheann ach ag 5%,” arsa Tóibín agus é faoi agallamh ar The Tonight Show ar Virgin Media.

Triúr a bheidh san iomaíocht i dtoghchán uachtaránachta na hÉireann agus an sprioc d’ainmniúcháin caite ó inné – Heather Humphreys, Catherine Connolly, iarrthóir neamhspleách, agus Jim Gavin agus atá ag seasamh d’Fhianna Fáil.

Deir Conradh na Gaeilge go mbeidh siad ar a ndícheall ag iarraidh an teanga a choinneáil i lár an aonaigh as seo go dtí lá na vótála.

Tá ceist líofacht Gaeilge iarrthóirí an toghcháin uachtaránachta i mbéal an phobail ó dúirt an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly le Tuairisc gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán.

An tseachtain seo caite, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “uirlis troda” á déanamh den Ghaeilge le linn an fheachtais toghcháin don uachtaránacht, caint a thuill cáineadh ó Shinn Féin agus Conradh na Gaeilge.

Dúirt iarrthóir Fhianna Fáil, Jim Gavin, arís inné go raibh a chuid Gaeilge “caillte” aige ach go raibh sé i gceist aige í a fhoghlaim ba chuma cén toradh a bheadh ar an toghchán.

Catherine Connolly, atá ina cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, an t-aon duine den triúr iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa aici. Deir sí go mbeadh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar cheann de “téamaí móra” a hoifige dá dtoghfaí í.

Deir Heather Humphreys go bhfuil “an cúpla focal” aici ach go gcuirfeadh sí feabhas ar a scileanna teanga dá dtoghfaí í.

“Níl aon Ghaeilge agam ach tá an cúpla focal agam. D’fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil, d’éirigh liom i scrúdú na hArdteistiméireachta, agus cosúil le go leor daoine sa tír seo chuaigh mé amach ag obair agus níor úsáid mé an Ghaeilge.”

Rinne Humphreys cúrsa gairid Gaeilge le hOideas Gael i nGaeltacht Dhún na nGall in 2017, an bhliain dheireanach aici ina Aire Ealaíon, Oidhreachta, agus Gaeltachta. Tá geallúint tugtha aici má thoghtar ina huachtarán í go bhfillfidh sí ar an nGaeltacht agus go bhfoghlaimeoidh sí an Ghaeilge.

Bhain conspóid lena tréimhse mar aire Gaeltachta, go háirithe ó tharla nach raibh Gaeilge ag an té a ceapadh ina aire stáit sa roinn léi in 2014, Joe McHugh.

Agus í ina haire sinsearach Gaeltachta, dhiúltaigh sí cruinnithe a bheith aici le heagraíochtaí Gaeilge agus dúirt sí gur cúram don aire stáit a bhí ansin.

I mí Iúil 2016, dhá bhliain i ndiaidh a ceapacháin, a thug sí a céad chuairt oifigiúil mar aire ar cheantar Gaeltachta.

Dúirt sí ag an am gur mó dochar ná maitheas a dhéanann daoine a bhíonn ag tabhairt amach faoi easpa Gaeilge daoine eile.

Deir Jim Gavin nach cainteoir líofa Gaeilge agus go bhfuil muinín caillte aige ina chumas Gaeilge a labhairt.

Deir sé, áfach, go ndéanfaidh sé a dhícheall an Ghaeilge a úsáid le linn an fheachtais.

Deir sé go bhfuil sé an-chosúil le go leor de mhuintir na hÉireann sa mhéid sin. Déanann sé a dhícheall cúpla focal Gaeilge a úsáid is é ag caint gach lá agus dar leis go dtugann sé sin níos mó muiníne do dhuine.

Údar bróid dó a bheith ina bhall d’Áras Cronáin, ionad Gaeilge Chluain Dolcáin, an ceantar arb as dó.

Seo an líon is lú iarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta ó 1990 nuair a d’éirigh le hiarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre Mary Robinson an ceann is fearr a fháil ar Brian Lenihan Fhianna Fáil agus Austin Currie Fhine Gael.

Agus gan ach mí fágtha go dtí toghchán na bliana seo chonacthas na chéad phóstaeir á gcrochadh inné don triúr iarrthóirí.

Catherine Connolly

Tá tacaíocht na bpáirtithe uilig san Oireachtas a luíonn leis an eite chlé ag Catherine Connolly – Sinn Féin, Na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre, Pobal Seachas Brabús-Dlúthpháirtíocht agus Comhaontas Glas.

Abhcóide í Connolly atá i nDáil Éireann ó 2016 agus í anois ar a tríú téarma ina Teachta Dála neamhspleách do thoghcheantar Ghaillimh Thiar.

Tá sí ina cathaoirleach faoi láthair ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, an dara tréimhse aici sa gcúram sin.

Sa mbliain 2020, toghadh í ina Leas-Cheann Comhairle ar an Dáil, an chéad bhean riamh a toghadh sa bpost sin.

Maíonn Connolly go mbeadh sí féin ina huachtarán ar son gach uile dhuine “go háirithe ar a son siúd a bhíonn coinnithe amach agus gan cead cainte acu”.

Geallann sí go labhróidh sí ar son an chomhionannais, an chirt, na síochána agus ar son chosaint na neodrachta.

Is fada a tacaíocht léirithe go tréan aici don Phalaistín agus deir sí go dtabharfadh sí cuairt ar an bPalaistín dá mbeadh sí ina huachtarán ar an tír seo.

Ó sheol sí a feachtas do thoghchán na hUachtaránachta i lár mhí Iúil, is iomaí ceist curtha ar Catherine Connolly faoi thuras a thug sí ar an tSiria in 2018 i dteannta triúr Teachtaí Dála eile – Clare Daly, Mick Wallace agus Maureen O’Sullivan.

Ábhar conspóideach eile a tharraingíonn ceisteanna uirthi gur chuir sí a hainm leis an iar-iriseoir Gemma O’Doherty a bheith ina hiarrthóir don uachtaránacht in 2018.

Le cúpla lá anuas a dearcadh faoi Hamas a ceistíodh agus ise ag áitiú nach raibh “aon amhras riamh ann faoina seasamh” ar an ngrúpa sin.

Heather Humphreys

Sa mbliain 2011 a toghadh Heather Humphreys chun na Dála. Céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe í a bhíodh ag obair leis an gComhar Creidmheasa sular toghadh chun na Dála í.

Rugadh an t-iarTheachta Dála sa Droim, cois teorann i gcontae Mhuineacháin. Agus í ag cur síos uirthi féin, deir sí gur “Ultach bródúil mná, Protastúnach agus Éireannach poblachtach” í.

Bhí ballraíocht ag a hathair san Ord Oráisteach agus bhí a seanathair ina measc siúd a shínigh Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh in aghaidh Rialtas Dúchais [Home Rule] i 1912.

Áitíonn Humphreys gur chóir go ndéanfadh an uachtaránacht “ionadaíocht orainn ar fad ar an oileán seo, beag beann ar an áit óna dtagann muid nó an cúlra atá againn”.

Ceapadh Humphreys ina hAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in 2014 agus an comóradh ar Éirí Amach 1916 faoina cúram.

Ó roghnaigh Fine Gael í mar iarrthóir an pháirtí don uachtaránacht ag tús na míosa seo, is minic ceisteanna á gcur uirthi faoi John McNulty a cheapadh ar bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann in 2014, agus é á rá gurbh amhlaidh a ceapadh an fear gnó as Tír Chonaill ar an mbord le cuidiú leis sa bhfothoghchán do Sheanad Éireann a bhí ar na bacáin.

Bhí Humphreys ina hAire in dhá Roinn eile chomh maith, an Roinn Gnó, Fiontraíochta agus Nuálaíochta agus an Roinn Coimirce Sóisialaí, agus Gnóthaí Tuaithe agus Pobail.

Ba í a bhí ina stiúrthóir ag Páirtí Fhine Gael ar an bhfeachtas do na reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram, péire ar dhiúltaigh an pobal vótála dóibh.

Deir Heather Humphreys gurb é an fáth gur mhaith léi a bheith ina hUachtarán ar an tír mar gur ról é a aontaíonn duine.

Áitíonn Humphreys go mbeidh sí féin ina huachtarán “a sheasfaidh dúinn ar fad ar an oileán seo, beag beann ar an áit ónar tháinig muid nó ar gcúlra”.

Jim Gavin

Ag cuid mhaith daoine is í an aithne is mó atá acu ar Jim Gavin ná na gaiscí a rinne foireann peile Bhaile Átha Cliath agus eisean ina bhainisteoir orthu.

Ón mbliain 2012 chaith Gavin seacht mbliana ina bhainisteoir ar fhoireann peile an chontae sin agus thugadar leo sé chraobh na hÉireann as na seacht gcinn sin.

Ba é Gavin freisin a bhí ina chathaoirleach ar choiste athbhreithnithe rialacha Chumann Lúthchleas Gael agus cuireadh an-fháilte roimh na leasuithe móra a cuireadh i bhfeidhm ar an bpeil Ghaelach ar mholtaí an choiste sin.

Agus é ocht mbliana déag d’aois liostáil Gavin sna Fórsaí Cosanta sa mbliain 1990.

Chaith sé scór blianta ag obair leis an Aerchór agus bhí sé ina phríomhtheagascóir eitilte ansin agus ar an bpríomhphíolóta i scuadrún aeriompair na n-airí.

Chaith sé tamall in cheannasaí ar an eitlíocht mhíleata ar mhisin na Náisiún Aontaithe i bPoblacht na hAfraice Láir agus i bPoblacht Shead.

Sa mbliain 2022, ceapadh Gavin ina chathaoirleach ar an Tionól Saoránach a bhí ag scrúdú cé acu ar chóir méara a bheadh tofa ag an bpobal a bheith ar Bhaile Átha Cliath nó nár chóir.

Freagra a thug sé ar cheist faoi Ghaza a cuireadh air ag tús a fheachtais an chéad chonspóid a tharraing sé air féin. Fiafraíodh de faoin gcinedhíothú in Gaza agus ba é a fhreagra go raibh sé “míréasúnta go raibh buamáil fós ar siúl [ag rialtas Iosrael] nuair a chreidimse go bhfuil na cuspóirí míleata a bhí leo bainte amach ag an bhfeachtas míleata sin”.

Bhain conspóid eile le físeán poiblíochta a chuir lucht a fheachtais amach lena léiriú go raibh fréamhacha iarrthóir Fhianna Fáil go domhain faoin tuath ó tharla gurbh as contae an Chláir a bhunús. Níor dhún an píolóta geata na páirce ina dhiaidh, peaca marfach ar fheirm.

Tá sé geallta ag Gavin nach mbeadh sé claonpháirteach agus é ina uachtarán ar an tír seo. “Is é an tUachtarán an chéad saoránach sa tír, seachas an chéad pholaiteoir,”a dúirt sé.

“Labhróidh mé amach gan faitíos ná fabhar faoi chúrsaí a chreideann mé a bhaineann go dlúth le croí an náisiúin Ghaelaigh.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta