An Ceathrú Bliain d’Fhéile na bPuiteachaí ar Inis Meáin
Fillfidh an t-aon fhéile sméara dubha in Éirinn, Féile na bPuiteachaí, ar Inis Meáin an mhí seo ar an 19-20 Meán Fómhair 2025. Clár lán de chraic, de chultúr agus de bhia atá beartaithe don fhéile phobail i mbliana. Is féile í ina ndéantar ceiliúradh ar an timpeallacht, ar an dúchas agus ar na sméara dubha — nó ‘puiteachaí’ mar a thugann muintir an oileáin orthu.
Beidh Comórtas Bácála Fhéile na bPuiteachaí ar ais i mbliana agus an cócaire mór le rá Diarmuid Ó Mathúna ó POTA Café a bheidh ina mholtóir ar an lá. Comórtas séasúrach eile é An Fata is Mó i Halla Naomh Eoin ina mbeidh deis ag na fataí ramhra duais a thabhairt abhaile dá n-úinéir.
Beidh an ócáid á reáchtáil den cheathrú bliain i mbliana agus dar le bunaitheoir na féile, Aedín Ní Thiarnaigh, tá croíluachanna na féile mar an gcéanna i gcónaí:
“Is ceiliúradh í Féile na bPuiteachaí ar shaibhreas an dúlra agus an dúchais anseo in Inis Meáin. Bíonn na puiteachaí ag croílár na n-imeachtaí ar fad dar ndóigh, ach bíonn muid ag iarraidh aird a tharraingt ar shaibhreas teanga Inis Meáin agus ar scileanna an phobail chomh maith”.
“Is féile Ghaeltachta í Féile na bPuiteachaí agus is breá linn go mbíonn ár gcuid imeachtaí ar siúl trí mheán na Gaeilge” arsa Ní Thiarnaigh. “Is ócáid phobail í go príomha, ach is aoibhinn linn go dtagann daoine ó fud na hÉireann chuig an bhféile freisin agus fonn orthu cuid den spraoi – agus dar ndóigh, na puiteachaí – a bhlaiseadh!”
Ós rud é go mbeidh Oíche Chultúir ar siúl ar oíche seolta na féile i mbliana, beidh ceiliúradh á dhéanamh ar an dá ócáid ar Inis Meáin. Déanfaidh na daltaí ó Scoil Náisiúnta Inis Meáin léiriú speisialta de ‘An tAchrann sa nGarraí’, agallamh beirte nuachumtha leis an scríbhneoir ildánach Fearghas Mac Lochlainn, ar an 19 Meán Fómhair. Chomh maith leis sin, beidh oíche filíochta agus “saothar séasúrach eile spreagtha ag puiteachaí Inis Meáin á léamh ag filí áitiúla.”
“Déanann muid iarracht rud éicint nua a thabhairt isteach chuile bhliain, anuas ar na hócáidí bliantúla”, arsa Gráinne Ní Chonghaile, comhstiúrthóir na féile, “beidh margadh ceardaíochta againn den chéad uair i mbliana mar shampla, agus beidh meascán earraí lámhdhéanta ar díol ann idir ealaín, cniotáil, mil áitiúil agus eile.”
I measc imeachtaí eile na féile beidh ‘Park Run na bPuiteachaí’, siúlóid dúlra, ceardlann ealaíne, agus ceardlann manglam puiteachaí ar fad ar siúl Dé Sathairn an 20 Meán Fómhair.
Tá eolas faoi sceideal na féile ar fáil ag @FeilenabPuiteachai ar Instagram agus féadfar ceisteanna a chur chuig coiste na féile ag feilenabpuiteachai@outlook.com.
Tá Féile na bPuiteachaí urraithe ag Pleanáil Teanga Inis Meáin, Ealaín na Gaeltachta, Comhlacht Forbartha Inis Meáin, Cniotáil Inis Meáin agus Siopa Ruaidhrí Beag Inis Meáin.
The post An Ceathrú Bliain d’Fhéile na bPuiteachaí ar Inis Meáin appeared first on NÓS.