Ualach an mheoin frith-inimirce atá orainn
Le bheith ionraic ní raibheas ag iarraidh alt mar seo a scríobh arís, ag tagairt don chiníochas, rud a chreidim féin nach dtiocfar deireadh leis riamh. Thóg mé briseadh ó bheith ag labhairt faoin sórt rud seo ar feadh tamaill.
Mar dhaoine, tá sé nádúrtha dúinn leithcheal a dhéanamh ar a chéile. Murach cine, cá bhfios cad eile a mbeimis ag spochadh as? Dathanna éagsúla ár gcuid súl? Ní imeoidh an ciníochas uainn riamh ach an rud a d’fhéadfaimis a dhéanamh ná é a mhaolú ar a laghad. Tosaíonn sé sin leis an duine aonair. Ceistigh do chuid mothúchán i leith daoine atá difriúil leat. Is é sin duine ó chúlra inimirceach, ó chultúr éagsúil nó duine den lucht siúil mar shampla. Agus ná dean dearmad, tá claontachtaí againn uilig!
Níor cheistigh mé m’fhéiniúlacht Éireannach riamh go dtí gur tháinig an raic seo leis an eite fhíordheis chun cinn. Mhothaigh sé chomh haisteach sin na mothúcháin sin a bheith idir lámha agam, mé scoite amach ón tír ar mo bhaile í ó bhíos seacht mí d’aois. Ní raibh ciall leis an uair sin, agus níl fós. Bhí sé spéisiúil cúpla turas a dhéanamh sa Nigéir le linn an ama seo. Cultúr é seo a bhí i mo shaol i gcónaí ó thaobh na teanga, an cheoil agus an bhia de, ach b’athcheangal ceart é seo leis an tír inar rugadh mé agus ina bhfuil clann agam fós.
Fuaireas mo chéad tatú timpeall an ama seo, ceann Iarúibise chun na mothúcháin seo a léiriú ionam agus orm. Ar bhealach ag an am sin, bhíos an-chrosta le hÉirinn. Mhothaigh mé gortaithe agus cheapas liom féin, “Is Nigéarach mé, ná bac le hÉirinn”, go háirithe leis an meon frith-inimirce a bhí á neartú. Scríobhas roinnt filíocht thrítheangach ag an am seo freisin, aisteach le hadmháil gur thug an fuath seo roinnt inspioráide dom le bheith cruthaitheach.
Ach ag an am céanna, nílim chomh Nigéarach sin go cultúrtha cosúil leis na daoine a tógadh ann. Tá daoine cosúil liomsa fágtha ar lár i ndáirire. Ní bhaineann muid 100% le cibé cultúr, is rud aonarach muid. Beidh sé suimiúil a fheiceáil conas fhorbróidh mo ghlúin féin ar de chúlra inimircigh iad in Éirinn i gceann 10 mbliana nó mar sin – na rudaí a bheidh bainte amach againn, na clann a thógfaidh muid, agus má tá feabhas tagtha ar an éagsúlacht i bhformhór na ngnéithe de shochaí na hÉireann.
Tá na hathruithe seo ag tarlú de réir a chéile ach do dhaoine cosúil liomsa, sílim go mothaíonn muid mífhoigneach amanta mar táimid réidh leis an bhforbairt seo a chur i gcrích ach níl an tsochaí réidh dúinne go fóill. Cuid den fháth go bhfuil go leor daoine ag bogadh amach as an tír. Ach ní féidir linn ar fad an tír a fhágáil, mar ní thiocfaidh feabhas suntasach ar chúrsaí.
Titeann ualach an mheoin frith-inimirce seo orainn uilig mar thír, ní daoine cosúil liom féin amháin. Tá sé trom ar gach éinne nach nglacann leis an bhfuath atá á scaipeadh timpeall. Ag deireadh an lae, an rud atá uainn ar fad ná sonas, comhluadar, caighdeán maireachtála réasúnta maith, agus dídean. An coir í sin?
The post Ualach an mheoin frith-inimirce atá orainn appeared first on NÓS.