Tuatha Dé Danann 2: Na Ceithre Sheoid
Is cnuasach de dhánta agus scéalta próis é Lebor Gabála Érenn (Leabhar Gabhála Éireann i litriú an lae inniu), é curtha le chéile san 11ú haois agus stair na hÉireann ag toiseacht le cruthú an domhain le fáil ann. Glacadh leis mar stair fhírinneach ag pointe, is dócha, ach amharctar air anois mar mhiotaseolaíocht agus bréagstair. Is ag deireadh an tsaothair atá an chuid is mó den eolas a nglactar leis a bheith ceart ó thaobh na staire de ach tá go leor ag an tús nach ngéillfeadh an intinn eolaíoch dó.
Tá saothair ó fhilí ó aoiseanna éagsúla agus cuntaisí eile bailithe le chéile sa chnuasach seo chun iarracht a dhéanamh stair iomlán a thabhairt. Mar a thuigfí agus é curtha le chéile san 11ú haois, scríobhadh i Sean-Ghaeilge é nuair a rinne scoláire (nach bhfuil a fhios againn cérbh é) iarracht na saothair éagsúla seo a bhailiú le chéile.
Is féidir ábhar an chnuasaigh a roinnt i gcaibidlí, ag toiseacht le leagan de Genesis agus ag bogadh ar aghaidh chuig liosta de ríthe na hÉireann (an chuid seo an chuid is cóngaraí don fhírinne). Agus mé ag plé le Tuatha Dé Danann san alt dheireanach liom, díreoidh mé inniu ar an chuid de Lebor Gabála Érenn a phléann leis na Tuatha Dé ag teacht chun na tíre.
Bhí Eochaid mac Eirc, duine de na Fir Bolg, ina rí thar Éirinn nuair a tháinig aisling chuige oíche amháin. Chonaic sé éanacha ag teacht chun na tíre agus ag cur áir ar na Fir Bolg. Mhínigh a dhraoi dó gurb iad na Tuatha Dé Danann a bhí i gceist leis an bhrionglóid seo.
Cinnte go leor, tagann na Tuatha Dé Danann agus leaindeálann siad ar Shliabh an Iarainn i gContae Liatroma. Dónn siad na báid a bhí leo nó tá sé i gceist acu fanacht sa tír. Rud suimiúil a bhíonn leo ná ceithre sheoid. Dar leis na scéaltaí, bhí na Tuatha Dé Danann áit inteacht ó thuaidh sular tháinig siad go hÉirinn agus d’fhoghlaim siad go leor faoi dhraíocht agus iad ann. Agus iad ag teacht go hÉirinn, glacann siad ceithre uirlis dhraíochtacha leo. Sin Lia Fáil, Sleá Lugh, Claíomh Solais, agus Coire Daghda. Ghlac file difriúl achan cheann de na seoda seo ó áit dhifriúil (ach cathracha i dtíortha ó thuaidh atá iontu, de réir na scéalta) agus bhí cumhacht áirithe ag achan cheann acu.
An chéad cheann ná an Lia Fáil a ghlac Morfessa ón chathair Falias. Bua a bhí ag an lia seo ná gur scairt sé amach nuair a sheas ardrí ceart na tíre in aice leis. Tá an lia seo le fáil ag Teamhair, dar leis an tseanchas.
An dara ceann ná Sleá Lugh a ghlac Esras ón chathair Goirias. Tá sé ráite nach mbeadh arm nó duine ar bith in ann cath a bhaint más é go raibh an gléas seo ag an duine nó arm lena raibh sé ag troid.
An tríú ceann ná Claíomh Solais a ghlac Uiscias ón chathair Findias. Cosúil leis an tsleá, ní raibh an bua le bheith ag an arm eile más é go raibh sé ag an dream lena raibh sé ag troid ach tá sé ráite, fosta, go raibh sé an-gheall tarraingteach, mar a bheadh lóchrann ann.
An ceathrú ceann ná Coire Daghda a ghlac Semias ón chathair Muirias. Is cosúil gur cuma cá mhéad duine a d’ith ón choire, bhíodh sé i gcónaí lán.
Is léir go raibh dúil mhór ag ceannairí na hathbheochana sna scéalta seo nó bhí Dubhghlas de hÍde ina eagarthóir ar iris den ainm Lia Fáil agus bhí iris eile An Claidheamh Soluis ann a raibh Eoin MacNeill ar an chéad eagarthóir air agus ar ar chaith Pádraig Mac Piarais seal mar eagarthóir fosta.
Thuigfeá b’fhéidir, agus Éire faoi smacht, go mbeadh dúil ag na daoine léannta seo ainm a thagraíonn do na huirlisí seo a chur ar na hirisí. “Lean mé mar a leanadh daoine an Claíomh Solais roimhe seo” an teachtaireacht a bhí ag MacNeill, dar liom, agus “Inseoidh muidne cé hé fíorcheannaire na hÉireann” an teachtaireacht ag de hÍde.
Seo mar a tháinig Tuatha Dé Danann go hÉirinn agus cúpla rud a bhí leo. Sa chéad alt eile den tsraith seo, amharcfaidh muid ar an rud a rinne siad agus iad anseo.
The post Tuatha Dé Danann 2: Na Ceithre Sheoid appeared first on NÓS.