Cúil, cúil, agus tuilleadh cúl.
B’shin scéal na gcluichí leathcheannais i gCraobh Shinsir Iomána na hÉireann agus Corcaigh agus Tiobraid Árann le casadh ar a chéile sa gcluiche ceannais den chéad uair riamh tar éis dóibh Áth Cliath agus Cill Chainnigh a chur de dhroim seoil i gcluichí an tSathairn agus an Domhnaigh.
Aon chúl déag a d’aimsigh na buaiteoirí eatarthu. Seacht gcinn a fuair Corcaigh sa slad a rinne siad ar Áth Cliath agus ceithre cinn a fuair Tiobraid Árann i gcoimhlint a bhí i bhfad níos géire.
Seans gurb é an cúl deireanach den 13 cúl ar fad a scóráladh sna cluichí thar an deireadh seachtaine an ceann is fearr acu ar fad. Is cinnte gurbh é agus an ceann ba chinniúnaí.
Bhí 69 nóiméad imeartha sa gcluiche idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh agus bhí na foirne díreach curtha ar comhscór don deichiú huair ag pointe ó Mossy Keoghan. ChuaighTiobraid Árann, a bhí fear gann faoin am sin agus Darragh McCarthy curtha den pháirc, sa tóir ar scór eile.
Bhí an chuma ar an scéal go raibh a ndóthain déanta ag Cill Chainnigh chun stop a chur leis an ionsaí ach theip ar imreoirí ón dá thaobh an sliotar a smachtú go dtí gur bhris sé chuig Oisín O’Donoghue 25m amach ón gcúl. D’éirigh leis an t-ionadaí dul thar David Blanchfield agus poc saor a ghnóthú ach, seachas a bheith sásta leis an méid sin, choinnigh sé air leathchéim eile agus bhuail sé raspar d’iarracht go barr na heangaí. D’imigh na Tiobraid Árannaigh os a chomhair ar Chnoc a 16 agus ar fud Pháirc an Chrócaigh craiceáilte ag ceiliúradh.
Tríocha pointe ar fad a d’aimsigh Cill Chainnigh sa gcluiche agus níor chuir siad mórán deiseanna amú. Ach d’íoc siad go daor as a dteip cúl a fháil. Tháinig an deis is fearr acu díreach ag an deireadh nuair a bhuail John Donnelly urchar d’iarracht i dtreo an chúil gan ach cúpla soicind fágtha san am cúitimh. Bhí an sloitar imithe thar chúl báire Thiobraid Árann Rhys Shelly i bpreabadh na súl ach bhí an cosantóir Robert Doyle díreach san áit cheart chun í a bhlocáil ar an líne. B’shin sin do na Cait, iad cloíte 4-21 in aghaidh 0-30.
Fágann sin go mbeidh breis is deich mbliana ann anois ó bhuaigh Cill Chainnigh Craobh na hÉireann go deireanach agus cé go ndearna foireann Derek Lyng go leor ceart sa gcluiche, beidh díomá orthu nár éirigh leo tairbhe a bhaint as an bhfear breise nuair a cuireadh McCarthy den pháirc agus thart ar cheathrú uaire fágtha. Taispeánadh an dara cárta buí don ógánach tar éis dó buille den chamán a thabhairt do Eoin Murphy agus é ag dul thairis. Míchúramach seachas mailíseach a bhí McCarthy ach ní raibh de rogha i ndáiríre ag James Owens ach an dara cárta buí a thaispeáint dó. Is é an dara cárta dearg seafóideach atá faighte ag McCarthy sa gcéad bhliain aige leis na sinsir agus is é a bheidh buíoch nár íoc a chomrádaithe as a mhíchúram agus go mbeidh sé ag ullmhú do chluiche ceannais faoi cheann coicíse.
D’éirigh le Tiobraid Árann 1-4 a aimsiú ó bronnadh an cárta dearg go deireadh an chluiche agus gan ach 0-5 mar fhreagra ag Cill Chainnigh. Chinn orthu na deiseanna a chruthú do TJ Reid, Mossy Keoghan agus Eoin Cody os comhair an chúil.
Bhreathnaigh sé go ndéanfadh na pointí cúis do Chill Chainnigh luath sa gcluiche agus iad i gceannas ar chúrsaí sa gcéad cheathrú uaire. Ba iad a d’aimsigh ocht gcinn den chéad naoi scór ach scór tábhachtach a bhí i gceann Thiobraid Árann, urchar eile de chúl ag John McGrath.
Bhí Cill Chainnigh 0-13 in aghaidh 1-2 chun tosaigh théis 13 nóiméad ach d’aimsigh Tiobraid Árann 2-6 sa gcéad 13 nóiméad eile agus gan ach 0-2 ag Cill Chainnigh sa tréimhse chéanna. Tháinig an dara cúl sa 22ú nóiméad nuair a d’aimsigh Darragh McCarthy cúl na heangaí agus tháinig an tríú ceann laistigh de chúpla nóiméad eile nuair a sciorr Mikey Butler, rud a d’fhág Jason Forde istigh leis féin. D’éirigh leis pas ó McCarthy a fhliceáil thar Eoin Murphy a bhí tagtha amach ón gcúl.
D’fhág imirt mhaith ó leithéidí Jake Morris agus Conor Stakelum nach raibh leathchúlaithe Chill Chainnigh in ann titim siar agus cosaint bhreise a thabhairt don líne lánchúil agus cé go bhfuair na Cait greim ar chúrsaí ina dhiaidh sin, bhí siad 3-11 in aghaidh 0-16 chun deiridh ag leath ama.
D’éirigh le Cill Chainnigh an bhearna a laghdú de réir a chéile sa dara leath le pocanna saora ó TJ Reid agus scóranna eile ó leithéidí Cian Kenny agus Jordan Molloy, beirt a bhí ag imirt go maith i lár na páirce, agus bhí seaimpíní Chúige Laighean imithe chun cinn faoin 53ú nóiméad. Cuireadh McCarthy den pháirc cúig nóiméad ina dhiaidh sin ach Tiobraid Árann a tháinig ar ais leis an gcéad scór ina dhiaidh le pointe ó Jake Morris agus d’aimsigh Jason Forde trí cinn as a chéile chun Tiobraid Árann a chur chun cinn arís. Ní fhéadfaí na foirne a scaradh go dtí go bhfuair O’Donoghue a chúl cinniúnach. Chuir an seanfhondúir Noel McGrath pointe tábhachtach eile ar chlár na scór agus bhí na Tiobraid Árannaigh cáilithe do chluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 2019.
3-9 ar fad a d’aimsigh Darragh McCarthy (1-2), John McGrath (1-2) agus Jason Forde (1-5) sa líne lántosaithe do Thiobraid Árann. Lá maith oibre don triúr sin cinnte ach bhí an méid sin sáraithe ag triúr as Corcaigh ag leath ama ina gcluiche siúd agus réabhadh déanta ar líne lánchúil Átha Cliath ag Patrick Horgan (0-4), Alan Connolly (2-2) agus Brian Hayes (2-1) sa gcéad 35 nóiméad.
D’éirigh le Horgan ceithre phointe eile a chur leis sin sa dara leath agus fuair Connollyan thríú cúl sa ngreadadh 7-26 in aghaidh 2-21.
Sé nóiméad a bhí ar an gclog nuair a d’aimsigh Corcaigh an chéad chúl agus é cruthaithe agus críochnaithe ag Brian Hayes, a rinne poc amach a fhliceáil síos chuig Diarmuid Healy sular chuir Hayes críoch leis an ngluaiseacht le píosa deas scile.
Tháinig Áth Cliath ar ais le cúpla scór ó Fergal Whitely ach ní raibh siad in ann Corcaigh a choinneáil amach ar an taobh eile agus chuir curaidh na Mumhan 2-2 lena scór in imeacht trí nóiméad. Hayes a chruthaigh an deis do Connolly don chéad cheann de na cúil sin rinne Tim O’Mahony obair iontach chun deis eile a chruthú do Connolly. Bhí neart oibre le déanamh ag fear na Dúcharraige fós, ach léirigh sé scil iontach chun an sliotar a smachtú ar an gcamán agus é a bhualadh d’eitleog isteach san eangach gan lámh a leagan air.
Comhimirt idir an triúr lántosach a bhi i gceist leis an gceathrú. Buille mór fada ag Seán O’Donoghue, a bhí ar fheabhas, chuig Patrick Horgan, a chur an sliotar i dtreo Alan Connolly. Chuir Connolly pas trasna an chúil chuig Brian Hayes, a thóg cúpla coiscéim ar dheis chun Seán Brennan a tharraingt amach as an gcúl sular bháigh sé a iarracht. Chuaigh an sliotar ó uimhir a 13 go dtí uimhir a 14 go dtí uimhir a 15 sa ngluaiseacht agus gan aon fhreagra ag Áth Cliath ar chumas an triúir. 4-7 ar fad a d’aimsíodar sa gcéad leath agus scrios déanta ar chosaint Átha Cliath.
Bhí Cian O’Sullivan i measc na n-imreoirí ag Áth Cliath nár ghéill sa gcluiche agus d’aimsigh seisean a dara cúl deich nóiméad isteach sa dara leath nuair a chuir Seán Currie poc saor ina threo. Ach bhí an cúigiú cúl aimsithe ag Corcaigh faoin am sin, an ceann seo ag Tim O’Mahony. Fuair an t-imreoir láir páirce ceann eile sa 51ú nóiméad.
Choinnigh Corcaigh leis an gcos ar bolg go deireadh agus fuair Connolly a seachtú cúl sa 66ú nóiméad.
Bhí fiú cuid den slua ollmhór ó Chorcaigh a bhí i bPáirc an Chrócaigh bréan den slad ag an bpointe sin agus iad ag smaoineamh ar chuardach na dticéad do chluiche ceannais a d’fhéadfaí a dhíol amach faoi dhó nó faoi thrí.