Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Suim áirid’ ag Éamon Ó Cuív a ainm a chur chun cinn do thoghchán na huachtaránachta

| ,

Tá ráite ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go mbeadh “suim áirid” aige seasamh d’uachtaránacht na hÉireann ach nach bhfuil aon chinneadh déanta aige go fóill.

Dúirt Ó Cuív, a chaith breis is 30 bliain ina Theachta Dála sular éirigh sé as roimh olltoghchán na bliana seo caite, go bhfuil sé den tuairim gur cheart d’Fhianna Fáil iarrthóir a chur chun cinn sa toghchán a bheidh ann níos deireanaí i mbliana.

Dúirt Ó Cuív go bhfuil “riar mhaith daoine” tar éis a dtacaíocht a ghealladh dó má dhéanann sé cinneadh a ainm a chur chun cinn.

“Tá riar mhaith daoine tar éis teagmháil a dhéanamh liom agus iarraidh orm an bhfuil sé i gceist agam m’ainm a chur ar aghaidh agus go dtabharfadh siad tacaíocht dom agus tá mé an-sásta faoi sin,” a dúirt Ó Cuív agus é ag labhairt ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin.

“Déarfaidh mé an fhírinne leat, níl m’intinn déanta suas agam fós. Tá spéis áirid agam ann.

“Ar an taobh eile den scéal, tá mé thar a bheith cruógach le hobair eile i láthair na huaire. Tá mé i m’uachtarán ar an Oireachtas. Tá mé ag déanamh obair síochána i gcónaí, obair chúlráideach nach bhfeiceann aon duine í nó nach mbíonn mórán trácht uirthi sna meáin ach a bhfuil fíorthábhacht léi,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt sé nach ndéanfaidh Fianna Fáil aon chinneadh maidir le hiarrthóir a chur chun cinn do thoghchán na huachtaránachta go dtí deireadh mhí Lúnasa. Dúirt Ó Cuív gurb í an tuiscint a bhí aige ná gurb é páirtí parlaiminte Fhianna Fáil a dhéanfaidh an t-iarrthóir a roghnú.

Tá taithí mhór ag Ó Cuív ar chúrsaí polaitíochta agus é ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar idir 1992-2024. Bhí sé ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó 2002-2010 agus bhí sé ina Aire Stáit don Ghaeltacht roimhe sin. Bhí sé ina Aire Coimirce Sóisialaí idir 2010-2011.

Tá sé fógartha ag iar-chomhghleacaí de chuid Uí Chuív, Mary Hanafin go bhfuil sí ag lorg ainmniúchán Fhianna Fáil do thoghchán na huachtaránachta. Bhí roinnt aireachtaí ag Hanafin le linn a tréimhse mar Theachta Dála agus ceithre bliana aici ina hAire Oideachais idir 2004-2008 san áireamh.

Tuairiscíodh sa Sunday Independent chomh maith go bhfuil iar-aire eile de chuid Fhianna Fáil, Peter Power atá anois ina stiúrthóir feidhmiúcháin ar Unicef Ireland, i mbun cainteanna leis an bpáirtí maidir lena ainm a chur chun cinn.

Níl iarrthóir curtha chun cinn ag Fianna Fáil i dtoghchán na huachtaránachta ó 1997 nuair a roghnaigh an páirtí Mary McAleese.

Caithfear toghchán na bliana seo a reáchtáil roimh 11 Samhain.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta